An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.11
Leaganacha Treise

Chun treise a chur le dearfacht nó le diúltacht an choinníll is féidir ceann de
na múnlaí seo a leanas a úsáid mar chéadbheart i gcoinníoll oscailte.

Úsáidtear múnlaí (i), (ii), (iv) cibé acu dearfach nó diúltach an coinníoll
agus úsáidtear múnlaí (i), (ii), (iii) cibé am atá i gceist:
- (i) más rud é
- (más ní, má tá, má tá i ndán, má tharlaíonn)
- + fochlásal ráiteasach:
- más rud é go dtiocfaidh sé
- más ní nár tháinig sí
- má tá nach bhfuil sí tinn
- má tá i ndán gur tú bean mo mhic
- má tharlaíonn gur bádh iad

- (ii) más amhlaidh
- + clásal coibhneasta díreach:
- más amhlaidh is fearr leat é
- más amhlaidh nach bhfacthas mé

- (iii) mura rud é
- + fochlásal ráiteasach:
- cad a tharla dó mura rud é go bhfuil sé marbh?

- (iv) má ba rud é
- + fochlásal ráiteasach:
- cad a chuir fearg air má ba rud é nach raibh suim aige sa scéal?