32.12
Chun treise a chur le dearfacht nó le diúltacht an choinníll is féidir ceann de
na múnlaí seo a leanas a úsáid mar chéadbheart i gcoinníoll iata.
Úsáidtear múnlaí (i) thíos i gclásal iata ar bith. I gclásail iata dhiúltacha a
úsáidtear múnlaí (ii), (iii):
- (i) dá mba rud é
- (dá mba,
- dá mbeadh i ndán,
- dá dtarlódh)
- + fochlásal ráiteasach a bhfuil a bhriathar sa mhodh coinníollach:
- cad a dhéanfaí dá mba rud é go mbeadh sí marbh?
- ba mhór an t-amadán mé dá mba [rud é] nach gcreidfinn aon ní atá os cionn mo
thuisceana
- dá mbeadh i ndán go bpósfadh Nuala é gheobhadh sí teach is talamh ón athair
- dá dtarlódh nach bhfilleadh sé cé a gheobhadh an fheirm?
- ní dhíolfaidís an teach an lá sin dá mba nach bhfaighidís leathchéad míle punt air.
Cuir an abairt dheireanach sin i gcomparáid leis an leath-chlaoninsint atá ar
chlásal oscailte san abairt seo a leanas:
- ní dhíolfaidís an teach mura bhfaighidís leathchéad míle punt
("ní dhíolfaimid an teach mura bhfaighimid leathchéad míle punt air")
ar - siad ina n-aigne féin).
- (ii) dá mbeadh + ainmní + gan + ainm briathartha (nó frása ainm bhriathartha):
- bheadh gléas ní b'fhearr ort cuidiú le hobair na Gaeilge dá mbeifeá gan
bheith ina muinín mar ghléas beatha
- dá mbeadh sé gan teacht céard a dhéanfaí?
(iii) - dá mbeadh gan
- + ainm bhriathartha:
- ba chuma i dtaca le holc dá mbeadh gan ocras a bheith orainn
- dá mbeadh gan talamh a bheith le goid ní bheadh oiread iomrá ar chreideamh
is atá
- níor chás di dá mbeadh gan bheith ina haghaidh ach oscailt an Domhnaigh
- gheobhaidh tú bean ach dá mbeadh gan airgead a bheith aici
- nár bheag ab fhiú duit an cailín óg?
Ní mar a chéile feidhm na gcéadbheart diúltach atá in
- (i), (ii), (iii),
thuas agus feidhm clásal dar múnla
- mura mbeadh (murab é, ach ab é)
+ fochlásal ráiteasach a bhfuil a bhriathar sa mhodh táscach (32.22).