An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

32.13

Más mian treisiú a dhéanamh ar aon chuid ar leith den chéadbheart téitear i
muinín na modhanna treisithe atá in 16.50-62:
- coinníoll oscailte:
- más leatsa a labhair sé
- más inné a tháinig an soitheach
- más buíochas a gheofar
- mura duitse a tugadh é
- murab abhaile a chuaigh an créatúr

- coinníoll iata:
(ní mór an modh coinníollach sa chlásal coibhneasta):
- dá mba agatsa a bheadh an sparán
- dá mba le speal a dhéanfaí an obair
- dá mba é féin ba rí orthu
- mura sa samhradh a thiocfadh sé
- murab imithe abhaile a bheadh sé
- murab imní a bheadh air
- murab é a bheadh ann.

Féach gur foirm phríomha agus nach foirm stairiúil atá sa dá chumasc den chopail
agus mura (i.e. mura, murab) sna cásanna seo.