An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.22
Athrú Ar Na Dobhriathra Ama

Más in aimsir stairiúil atá an briathar réamhrá is gnách na hathruithe seo a
leanas a dhéanamh ar dhobhriathra ama na hinsinte dírí (an fhoirm nua faoi
lúibíní):
- inniu (an lá sin) inné (an lá roimhe sin)
- amárach (an lá arna mhárach, an lá ina dhiaidh sin, an lá a bhí chugainn)
- anóirthear, arú amárach (i gceann dhá lá) arú inné (dhá lá roimhe sin)
- i mbliana (an bhliain sin)
- anuraidh (an bhliain roimhe sin )
- an bhliain seo chugainn (an bhliain a bhí chugainn)
- anocht (an oíche sin)
- aréir (an oíche roimhe sin)
- [ar] maidin inniu (an mhaidin sin, maidin an lae sin)
- [ar ] maidin amárach ([ar] maidin lá arna mhárach)
- seachtain, mí, bliain, etc., ó shin (seachtain, mí, bliain, etc., is an lá sin)
- anois (ansin, an uair sin).