An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

36.1
Parsáil agus Taifeach
Parsáil

Ar an bhfocal indibhidiúil a dhéantar parsáil, is é sin cuntas a thabhairt air
maidir le deilbhíocht agus comhréir.

Is ceart aon ní suntasach a bhaineann le deilbhíocht an fhocail a lua.

Ní gá, áfach, tagairt do thionchar an fhocail at áthar a pharsáil ar fhocal eile
maidir le séimhiú, foirm spleách, etc.

Is le parsáil an fhocail eile a bhaineann a leithéid í sin.

Ní gnách ach oiread tagairt go díreach do phointe ar bith atá intuigthe as
pointe eile atá luaite, eg. ní gá a rá cén phearsa atá ag ainmfhocal mar tá sé
intuigthe gurb í an dara pearsa atá aige sa ghairmeach agus an tríú pearsa in
aon tuiseal eile.

Ná níl uimhir ná pearsa ná inscne i gceist i gcás an ainm bhriathartha ná an
fhorainm choibhneasta sa Ghaeilge.

Is iad seo a leanas na nithe is cóir a lua le linn bheith ag parsáil focal.

- an t-alt:
- uimhir
- inscne
- tuiseal
- feidhm (ag cáiliú an ainmfhocail).

- an t-ainmfhocal:
- sórt
- díochlaonadh
- uimhir
- inscne
- tuiseal
- feidhm
- aon athrú tosaigh air a mhíniú.

- an forainm pearsanta:
- pearsa
- uimhir,
- inscne (más sa tr íú pearsa uatha dó)
- tuiseal
- feidhm
- foirm threise (más ann dó)
- réamhthagrach nó iarthagrach

má tá an téarma ann an téarma (más ann dó) má tá sé neamhspleách ar a théarma
maidir le pearsa, uimhir agus inscne é sin a rá aon athrú tosaigh air a mhíniú.

- an forainm réamhfhoclach:
- cumasc den réamhfhocal
- ar,
- as,
- etc.
- agus forainm pearsanta
- dul ar aghaidh mar atá i gcás an fhorainm phearsanta ach
- gan tuiseal ná feidhm a lua.

- an forainm coibhneasta:
- foirm phríomha nó foirm stairiúil
- feidhm (réamhtheachtaí nó iartheachta í, agus conas sin),
- tuiseal, agus conas sin.

- forainmneacha eile:
- sórt
- feidhm.

- an aidiacht
- (murab aidiacht shealbhach nó aidiacht bhriathartha í)
- sórt
- feidhm
- (aitreabúideach nó faisnéiseach, agus conas sin)
- céim
- (más aidiacht thuairisciúil í)
- uimhir,
- inscne
- agus
- tuiseal
- (más aidiacht thuairisciúil aitreabúideach í)
- aon athrú tosaigh uirthi a mhíniú.
-
- an aidiacht shealbhach:
- mar atá i gcás an fhorainm phearsanta
- ach
- gan tuiseal a lua.

- an aidiacht bhriathartha:
- aistreach
- nó
- neamhaistreach
- feidhm
- (aitreabúideach nó faisnéiseach, agus conas sin)
- ag cuidiú leis an mbriathar chun aimsir a bhriathair féin a chumadh má tá
feidhm briathair aici).

- an briathar faisnéiseach:
- sórt
- (aistreach, neamhaistreach, briathar cúnta)
- rialta nó neamhrialta nó uireasach
- réimniú
- (más rialta é)
- modh,
- aimsir,
- foirm
- (spleách nó neamhspleách nó coibhneasta, agus conas sin)
- scartha, táite nó saor
- más scartha, an t-ainmní a lua
- más táite, scéim pharsála na haidiachta sealbhaí a leanúint
- aon athrú tosaigh a mhíniú.

- an chopail:
- modh,
- aimsir,
- foirm
- (spleách nó neamhspleách nó coibhneasta, agus conas sin)
- ráiteasach nó ceisteach
- dearfach nó diúltach
- foirm faoi leith roimh ghuta más ann dó
- i gcumasc leis an gcónasc
- (bhforainm, réamhfhocal, etc.)
- más mar sin atá;
- ag nascadh na faisnéise agus an ainmní.

- an t-ainm briathartha:
- aistreach nó neamhaistreach
- tuiseal, agus conas sin
- feidhm
- (mar aidiacht, ag cuidiú leis an mbriathar cúnta chun aimsir a bhriathair féin
a chumadh, etc.).
- Aon athrú tosaigh a mhíniú.

- mír bhriathartha
- (nach forainm coibhneasta)
- sórt (ráiteasach, ceisteach, coibhneasta, etc.)
- dearfach nó diúltach
- foirm (príomha nó stairiúil, má tá an dá fhoirm aici díreach nó neamhdhíreach,
más mír choibhneasta í).

- dobhriathar
- (nach mír choibhneasta):
- sórt
- feidhm
- céim,
- más foirm aidiachta tuairisciúla atá air aon athrú tosaigh a
- mhíniú.

- réamhfhocal:
- sórt
- feidhm.

- cónasc:
- sórt
- feidhm.

- cumasc:
- eilimintí éagsúla an chumaisc a ainmniú
- agus a pharsáil mar atá léirithe roimhe seo.