An Dolachán Feasa

Proinnsias Ó Brógáin

Rugadh Proinnias Ó Brógáin sa tSruthán, taobh amuigh don Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall, sa bhliain 1905. Chuaigh sé ar scoil i nGort an Choirce, d'fhreastail sé ar Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceannain, agus chaith sé seal sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath. Fuair sé a oiread oideachais agus gur fágadh ar a chumas Gaeilge, Gréigis, agus Matamaitic a theagasc ar bonn phríomháideach.

Thoisigh sé a scríobh i bhfichidí an 20ú chéad. Foilsíodh saothar dá chuid san Reult, san Irish Independent, agus i Scéala Éireann. Agus le linn na dtriochaidí, rinne sé cuid mhór oibre aistriúcháin do An Gúm.

Ba é a rinne an t-asitriúchán de Children of The New Forest, le Captain Frederick Marryat, de The Adventures of Sherlock Holmes, le Conan Doyle, agus de Island of Terror, le Sapper. Bhí saineolas ar leith ag Proinnsias ar Thír Chonaill agus ar a teanga, agus ní beag lorg an tsaineolais sin agus an tsaibhris a bhain leis a d'fhág sé ar Oileán an Uathbháis. Saothar de chuid chultúr impiriúil na Sasanach Island of Terror, gan amhras, ach i ndiaidh dó tiontú in Oileán an Uathbháis, ní raibh sé gan beagán de nádúr Thír Chonaill, agus na gConallach ann, rud nár locht le léitheoir ar bith.