An Dolachán Feasa

Sapper

Herman Cyril Mac Néill, an t-ainm agus an sloinneadh a bhí ar Sapper. Ba saighdiúir é agus údar de na húdair a ba ráthúla, dá raibh ag scríobh idir an dá chogadh mhóra. Throid sé féin sa chéad Chogadh Domhanda, agus thoisigh sé a scríobh agus é ina shaighdiúir. Ó tharla gan cead a bheith ag a leithéid a ainm féin a chur le hábhar foilsithe, ghlac sé an t-ainm cleite Sapper.

Scéalta faoin taithí s'aige sna trinsí a scríobh sé ar tús, ach i ndiaidh an chogaidh, thoisigh sé a scríobh scéinséirí. De na carachtair a chruthaigh sé in a úrscéalta scéinséireacha, ba é Bulldog Drummond, an laoch is fearr aithne dá chuid. Jim Maitland laoch eile dá chuid agus is é an príomhcharactar san úrscéal Island of Terror, an ceann ar chuir Proinsias Ó Brógán leagan breá Gaeilge ar fáil de, Oileán an Uathbháis