An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

Ar aghaidh →

Caibidil 1

Caibidil

L1

Oileán an Uafáis

Caibidil 1

Dhing Jim Maitland a hata ard giota beag eile siar ar a cheann agus dhearg sé toitín. Os a choinne amach bhí solais Londain ag trilsiú chomh tiubh leis na réaltaí san aer. Taobh amuigh den doras a bhí sé i ndiaidh a dhúnadh, bhí beagán coinnle sáite i mbuidéil, cuid acu as agus cuid acu sna pointí a ba deise dó. Na coinnle sáite i mbuidéil fholmha an cineálsolais a b'áin leis an Aos Óg Aerach.

An dó a chlog, maidin shamhraidh an t-am a bhí ann, agus an t-ionad: áit éigin i Hampstead. Agus le linn a bheith ag siúl síos na céimeanna go dtí an cabhsa dó, smaointigh sé den fichiú uair ar bhaois an chinidh dhaonna, agus ar a bhaois féin go háirithe. Cad é faoin spéir a thug air riamh a ligean don rí-amadán sin Percy a tharraingt isteach ina leithéid de choimhthleán gealt.

Ba é Percy a chol ceathrar, rud a dtearn sé a dhícheall in aicí dearmad a dhéanamh air. Go dearfa, ní raibh ach an t-aon rud amháin le rá i leith ligean do Phercy fanacht beo ar chor ar bith, ní raibh a leithéid eile ar an domhan le gach cineál amaidí dá bhfuil ar fáil.

Chonaic sé Percy uaidh sa chumann roimh am dinnéara, agus lig sé uaill ghéibheannach, agus theith sé isteach i seomra na gcóta mór. Ach ní raibh dá bharr aige ach a fháil amach bomaite ina dhiaidh sin, nach dtearn sé ach léim a thabhairt ón ghríosaigh isteach i gcroí na tineadh, ná ní raibh i seomra na gcóta mór ach cul-de-sac, agus bhí méileach ait le cluinstin taobh amuigh den doras cheana féin. Bhí a fhios aige go dtug Percy faoi dear é, agus rinne sé réidh lena áit a sheasamh.

L 2

"A Jim, a chara, agus a ghaoil, is tú an fear atá de dhíth orm. Cén uair a tháinig tú ar ais chun na athrach?”

D'amharc sé go ciúin ar a chol ceathar fríd an ghloine súl agus tháinig baspairt bheag chreatha air.

"Dia dhuit, a Phercy' ar sé. "Bhí mé ag guí nach dtabharfá faoi dear mé. An bhfuil tú i do ghlagaire chomh mór agus a bhí tú an uair dheireanach a casadh orm thú?”

"Tá, agus i bhfad níos measa, a Mhic. Beidh dinnéar againn le chéile. Cad é do bharúil?”

Tháinig baspairt eile chreatha ar Jim. Amach ó smitín a bhualadh ar Phercy, ní thiocfadh leis a dhath a dhéanamh ach géillstean.

"Murab é an cion atá agam do do mháthair, ní thabharfadh dadaidh orm mo dhinnéar a dhéanamh do do chóir", ar seisean. "Ach dhéanfaidh mé an iarraidh seo é, ó tharla go bhfuil mé saor.”

"Go maith! Agus ina dhiaidh sin, bhéarfaidh mé chuig cruinniú de na buachaillí thú.”

"Cé na buachaillí iad?”

"Beidh do chroí istigh iontu, a mhic. Bíonn cruinniú uair gach mí. Toisíonn sé i dtrátha an mheán oíche, cineál de shiamsa, tá a fhios agat. Tá muid ag teacht le chéile an iarraidh seo i sailéar i Hampstead, beoir agus cnámha, nó uibheacha suaite, nó scadáin bhuí, b'fhéidir, ach go díreach go dtógann na scadáin cineál de bholadh thréan i sailéar. Nach dóigh leatsa sin?”

L 3

Lig sé do Phercy a threorú go dtí an proinnseomra agus nuair a thug sé a shúil thart, dar leis nárbh fhéidir cúig bliana a bheith caite ó bhí sé ann go deireanach. Bhí aghaidh nua nó beirt i measc na bhfreastalaithe óg agus bhí corr-aghaidh úr i measc lucht an chumainn. Ach maidir le gach rud eile, thiocfadh gur inné féin a rinne sé a dhinnéar ansin le Terrence Ogilby agus Teddy Buchaps sular imigh siad leo le cuairt a thabhairt ar chroí na Brasaíle, agus as an triúr acu, ní raibh ach é féin a tháinig ar ais.


"Tá cuma mhaith ort, a dhuine uasail. An bhfuil tú go maith?”

D'amharc sé suas agus cé a tchí sé ach maor an fhíona.

"Tá, a Saomes, go raibh maith agat. Agus cad é an dóigh atá ort féin?”

"Ag obair liom, mar a bhí riamh, a dhuine uasail. Tá cuid den fhíon Chateau Lafite fágtha go fóill.”

Ba mhaith Soames, cuimhne a bheith aige air sin i ndiaidh cúig mblian. Ach ina dhiaidh sin agus uile, cad chuige nach mbeadh. Ba é sin a cheard, rud thábhachtach dósan fios a bheith aige an cineál fíona a ba rogha le ball den chumann, go mór mór, d'ainneoin nár dhúirt sé seo ina intinn, nuair ba é Jim Maitland an ball sin.”

Maidir le tuairim ar bith a bheith ag Jim féin go raibh iomrá laoich air sa chumann, níor shábháil sé riamh é, agus dá ndéanfadh aon duine tagairt dá leithéid, bheadh an-fhearg air, sin nó bhrisfeadh sé a chroí ag gáirí. Thigeadh sé chomh furast leisean turas a dhéanamh go croí na Tuircméanastáine agus a thigeadh sé le fear eile dul ar cuairt go Brighton.

L 4

Bhí dúil sa taisteal riamh aige, agus ó tharla a sháith de mhaoin an tsaoil aige le gan fiachadh a bheith air a bheatha a shaothrú, lean sé dá chlaon ó d'fhág sé Oxford. Lean agus dá mbeadh a fhios aige an chliú a thabhaigh sé dó féin, chuirfeadh sé iontas air, nó ní sa chumann amháin a bhí gáir lena ainm, ach i gcéad áit eile thart faoi na seacht bhfarraigí. Go deimhin, áit ar bith a mbíonn lucht mórghníomh bailithe le chéile, cluinfidh tú trácht air luath nó mall. Agus má chuirtear ruball beag le cuid de na scéaltasa inse féin, ní mó ná go dtig iontas a dhéanamh de, d'ainneoin nach bhfuil ach an ceart a rá go raibh na bunscéalta maith go leor iad féin, gan aon aguisín.”

Labhair le seoltóirí na mara móire ó Shanghai go Valparaiso: labhair leis na buachaillí bó sna ráinsí san Argaintín, agus tar éis tamaill, tarraing ort a ainm go suaimhneach; tuigfidh tú ansin cad é atá mé a rá. "Jim Maitland, an fear a bhfuil gloine fuinneoige ina shúil, ach má ghlacann tusa mo chomhairle, a tráinséir, ní abróidh tú sin leis. Amharc! Tá amharc níos fearr aige ná atá agamsa nó agatsa. Is é mo thuairim féin, go bhfuil an gloine sin ansin aige le go díreach bruíon a thógáil dó féin, nuair a bhíonn sé tuirseach ina thost. Tá ciotóg aige mar a bheadh casúr gaile ann, agus scaoilfeadh sé an croí as Aon Muileata fiche slat uaidh. Fear contúirteach, a Mhic, fear contúirteach le titim amach leis ach b'fhearr liom i mo leith é nó aon triúr dár casadh orm riamh.”

Sin mar a chuirtear síos air ins na háiteacha atá scaite ar shiúl ó na gnáthbhealaí, an fear seo a bhfuil a dhúil aige sa Chateau Lafite. Agus le linn é a bheith ina shuí ansin ag ól an fhíona, tháinig aoibh bheag gáire ina shúile. Mhothaigh sé mar a bheadh Percy ag glagaireacht leis áit éigin dá chóir, ach b'fhada óna intinn priollaireacht Phercy. Bóna geal, veist gheal, léine stáilcthe, agus sé seachtainí ó shin. Londain, an stuamacht, nósmhaireacht an chumainn agus sé seachtainí ó shin.

L 5

"Ar bhuail tú fear riamh i mbun na cloigne le buidéal lán de fhíon Fhrancach, a Phercy?' ar sé go tobann. "Creidim nár bhuail. D'fhanfá go gcuirfí in aithne duit é, is dóiche, sula ndéanfá chomh dána sin leis'

"Ní abraim go gcuala tú focal dá bhfuil mé i ndiaidh a rá, a Jim' arsa a chol ceathar go aifireach.

"Ní chuala, buíochas do Dhia. Chuala mé cineál de chriongán in áit éigin i rith an ama. An tusa a bhí ar obair?”

"An bhfuil tú ag teacht anocht?”

"Cén áit?”

"Bhí a fhios agam go maith nach raibh tú ag éisteacht, go dtí an cruinniú seo atá le bheith ag na buachaillí i Hampstead?”

"Ar ór nó ar airgead, ní rachainn dá gcóir. Níl fonn ormsa iadsan a fheiceáil nó fonn orthusan mise a fheiceáil.”

"Ach tá, a dhuine. D'inis mise daofa gach rud fá dtaobh díot, agus is fada leo uilig go bhfaighe siad aithne a chur ort.”

"Cad é an rud a d'inis tú daofa fá dtaobh díom?”

"Gach rud ar smaoinigh mé air. Thug mé cineál de mhionna, tá a fhios agat, go dtabharfainn liom thú an chéad seans a gheobhainn. Agus cá bhfaighinn seans níos fearr ná atá agam anois.”

Ba é an deireadh a bhí air gur thoiligh Jim dul leis. D'ainneoin go mbíodh sé ag tabhairt an diabhal le hithe dó le ciall a chur ina cheann, bhí dúil aige ina chol ceathar, lena chois sin bhí fonn air amharc a fháil ar scaifte den dream a d'éirigh aníos ó bhí aimsir an chogaidh ann. Ón bhliain 1918, chaith sé go díreach seacht mí amháin i Sasain, agus mar sin, ní raibh de eolas aige ar an nua-shliocht ach an méid a léigh sé fá dtaobh daofa i leabharthaí. Ba dóiche go raibh siad mar a bhí an tAos óg riamh ach d'athraigh an saol agus bhí saoirse acu nach mbíodh ag a leithéidí sa tseanam. Ní raibh amhras ná go dtiocfadh le Percy gluaisteán a thiomáint agus a thiomáint go maith. Bhí ceann de na Bentlies mhóra aige. Fear ádhúil a bhí ann, nó d'fhág aintín nach raibh ar an mhuintir ba troime ciall, d'fhág sí níos mó airgid aige ná a thiocfadh leis a láimhdeachas go críonna. Ach bhí lámh bhreá aige ar thiomáint gluaisteáin, agus an seort duine a bhí i Jim Maitland, bhí fuath aige don chiotachas.

L 6

Ag dul fríd an chuid ba troime den trangáil dóibh, bhí Percy ina thost, ach níorbh fhada gur thoisigh sé a chur thairis arís. D'aithris sé déilín ainmneacha, na diúlaigh mar a thug sé orthu a ba dóiche a bheith ar an chruinniú, agus ansin mhachnaigh sé go tobann.

"Dar fia, níl a fhios agam an dtiocfaidh sí. An siamsa deireanach acu seo a raibh mé aige, tháinig sé isteach le Pamela Greystones agus a baicle, agus tharla san am go raibh mé ag caint ortsa. Bhal, an bomaite a chuala an cailín sin go raibh eolas éigin agat ar Mheiriceá Theas, ní chuirfeadh dadaidh as a ceann thú.”

"Mheasfainn nach féidir gan a lán daoine a bheith ann a bhfuil eolas acu ar Mheiriceá Theas,", arsa Jim go cineál magúil.

"Tá ach bhí mise ag inse daofa- tá a fhios agat - go raibh a fhios agat gach rud fá lár na tíre.”

"Fá lár na tíre,' arsa Jim ag gáirí. "A Phercy, mo chléibh, bíodh roinnt bheag céille agat.”

"Ar chaoi ar bith, tá fonn mór uirthi do fheiceáil. Tá deartháir amuigh ansin aici nó rud éigin den tseort.”

"Bhal, a fhad i nach bhfuil sí cinnte go mb'éigean ár gcastáil ar a chéile ó tharla go raibhamar aroan amuigh ansin san am amháin, beidh mé ábalta a sheasamh. Cá hainm í, an bhfuil a fhios agat?”

"Níl oiread agus tuairim agam, a Mhic. Tá sé mar a bheadh mear-chuimhne agam gur Judy a thug Pamela uirthi, ach níl mé cinnte. Seo anois an áit.”

Stop siad os coinne tí mhóir, teach a raibh talamh dó féin ina thimpeall. Bhí leathdhuisín eile carr ansin cheana féin, agus beirt eile ar an chabhsa. Bhí clár mór fuagra, a chuir in iúl go raibh an áit le díol, rud ar labhair Jim faoi lena chol ceathar.

"Tá sé mar sin le roinnt míonna, a mhic. Is le athair duine den bhaicle é, agus tá cead againn uaidh a úsáid. Isteach linn: beidh an chuid is mó acu ann cheana féin.

L 7

Dhruid sé leis an phríomhdhoras agus bhuail dhá chnág ar an doras, agus ina dhiaidh sin, tógadh clár na litreacha.

"Pink Gin agus cara," arsa Percy.

"Isteach le Pink Gin, agus a chara," arsa an guth, agus osclaíodh an doras.

"Le cosc a chur ar stocairí atá sin ann," a mhínigh Percy go solúnta. "Bíonn focal úr rúnda ann gach aon iarraidh, agus ainm dí a bíos ann i gcónaí.

"Tchím," arsa Jim go sollúnta. "Faicheall an-riachtanach. Cad é atá le déanamh againn anois?”

"Dadaidh ach dul síos chuig an tsoiléar agus lionn a ól.”

"Ar dóigh," arsa Jim. "Ach cad chuige an soiléar?”

"Cad chuige nach eadh, a mhic?”

Agus an chaint sin ráite, caint nach dtiocfadh freagra a thabhair uirthi, chuaigh Percy chun tosaigh i dtreo an tsoiléir.

Seomra mór a bhí san tsoiléar, agus d'amharc Jim uaidh go fiosrach. Bhí amuigh agus istigh ar tríocha duine i láthair, agus cuma ar gach aon duine acu a bheith ag caint in ard a ghotha. Bhí an t-ae gorm le gal na dtoitíní, agus ramhar le boladh scadán buí.

"Sin í an cailín ar labhair mé leat fúithi, a Jim," arsa Percy de chogar ina chluais. "Í sin san éideadh liath thall san chúinne ansin.”

Bhí sí ag caint le beirt fhear, agus an chuma ar dhuine acu a bheith ina bhreallán déanta; d'amharc Jim uirithi go neamhchúiseach. Ansin, thug sé a shúil thart ar an tseomra arís. Siamsa gan urchóid, gan mórán compóird, agus seort amaideach a bhí sa chruinniú seo. Níor thuig sé cad chuige roghnódh dream daoine óga de bhunadh shaibhir dul a dh'ól leanna i soiléar in Hampstead, nuair a thiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh áit éigin faoi shó.

L 8

Ansin thug sé faoi deara go raibh Percy a chur in aithne do roinnt cailíní, agus chuir sé meangadh cairdiúil air féin. Ó tharla é i láthair, bhí sé chomh maith aige a mhór a dhéanamh de. Le sin, fuair sé é féin ag amharc isteach i bpéire de súile socra gorma - súile ina raibh giota beag den dúshlán iontu. Bhí an breallan ar shiúl: agus san am i láthair bhí sé féin agus an cailín san éideadh liath ina n-aonar.

"Agus cad é," ar sise, "a thug Jim clúiteach Maitland isteach san chuideachta seo?”

"Fonn eolais," ar seisean go simplí. "Ach cad chuige 'clúiteach' in ainm Dé?”

"Tá Percy beag á chur ina luí orainn go bhfuil tú amhlaidh, chomh fada sin agus chomh minic sin, agus gur gá a chreidbheáil go bhfuil, mura mbeadh ann ach a bheith múinte. Bhal, cad é do bharúil de?”

"Déanta na fírinne, tchíthear domh go bhfuil sé cineál leanbaí," ar seisen. "An mbaineann sibh sult as i ndáiríribh?”

Bhain sí craitheadh beag as na guailneacha.

"Tá athrú ann," a d'fhreagair sí. "Téimis isteach sa chúinne sin agus suí ann. Ba mhaith liom labhairt leat. Tabhair leat roinnt cuisíní as áit éigin.”

Rinne sé staidéar machnúil uirthi, agus í ag suí fúithi, agus na cosa a sáthadh faoina tóin aici. Barr an ghaosáin tiontaithe suas giota beag; craiceann glan gan smideadh, nárbh fhéidir a thabhairt air ach foirfe; corp caol coimir dóighiúil. Lámha ealaíonta a dtugtaí aire den scoith díofa; gruaig cíortha go teann de cheann a chuirfeadh ceann gasúir i gcuimhne duit.

L 9

"Bhal," ar sise go suaimhneach,"an bhfuil tú sásta?”

"Lántsásta", ar seisen. "Ach sula dté muid a dhath ar bith níos faide, ar rith sé leat gur dhearmad Percy d'ainm a chur in iúl domh.”

"Draycott. Judy Draycott.”

# Bearna sa téacs

L 13

Thug sí toitín amach as a cása, agus choinnigh Jim suas lasán díthe.

“Innis damh, a mhr. Maitland, an bhfuil duifear mór eadar sinne agus an t-aos óg a bhí ann roimh an chogadh?”

“Ceist chineál dheacair í sin," ar seisean ag suidhe síos ag a taoibh. “Chaith mise, tá fhios agat, comh beag
sin de am i Sasain ó bhí aimsir an chogaidh ann agus nach breitheamh iongantach maith mé.”

“Ach - seo.” Thug sí a lámh thart an seomra.

“A Rí na Glóire!" ar seisean ag gáiridhe, “goidé an bhaint atá ag seo leis? Ní dadaidh seo : airghean bheag amháin i n-áit bhig amháin.”

“Duine thusa de'n dream a dtugaim-se an glún caillte ortha," ar sise, “An dream a dtabhairfeadh mo athair na meadhon-oifigigh ortha.”

D'amharc sé uirthi gan dadaidh a rádh, nó chuir sé cineál mearbhaill air í bheith comh dáiríribh.

“Sul ar thoisigh an cogadh, bhí tusa san aois a bhfuil sinne anois," ar sí “ agus níor bheir barraidheacht de stuaim na h-aoise ort go fóill. Ach tá comh beag sin agaibh fágtha.”

“Tá, tá sin fíor," ar seisean go smaointeach.

“Tá na sean-daoine ann, agus tá sinne ann. Ach tá an dream eadar eatorra imthighthe — tusa agus do mhacsamhail féin eile.”

“An glún caillte," ar seisean go mall. “Smaointeadh deas é sin.”

“Seadh, agus sin é an fáth ar chuir mé ceist ort goidé do thuairim dínn,” ar sise. “Tá tusa ar dhuine de'n bheagán atá i ndon a innse.”

Dhearg sé toitín eile sul a dtug sé freagra uirthi.

“An bhfuil? Nil fhios agam fá sin. Is léir do dhuine go bhfuil athrughadh - nidh nach iongnadh, ach goidé mar thiocfadh liom-sa a rádh ciaca ar fheabhas nó ar olcas a d'athruigh an saoghal? Cuir i gcás an siamsa seo. Innseóchaidh mé

14

an fhírinne. Ní thig liom a shamhailt go mbéadh a leithéid de chruinniughadh ann fiche bliadhain ó shoin. Agus ní thugadh gach duine ‘a rún' ar an duine eile leis an chéad aithne.”

“Rudaí gan bhrigh," ar sise go mí-fhoighdeach. “Rudaí beaga gan bhrígh. Goidé fá na rudaí móra?”

“Mheasfainn féin," ar seisean ar an bhomaite, “nach bhfuil athrughadh ar bith ann. Tá dóigheanna eile, b'fhéidir: dóigheanna nua ar rudaí a dhéanamh - ach i ndeireadh na dála, is ionann an t-iomlán.”

“Ní dóigh leat go bhfuilimíd-ne níos boige ná bhí sibhse.”

“Déarfainn go bhfuil bunadh na h-aoise seo níos tugtha do'n tsócamhal, má's é sin atá i gceist agat. Ach creidim nach bhfuil annsin ach a gceart agus na gléasraí úra atá ann anois. Théigheadh duine chuig cruinniughadh an t-am sin ar charr capaill - anois téighimíd i ngluaisteán.”

“Ach an bhfuilimíd comh fonnmhar ar eachtraí?”

Rinne Jim gáire.

“Eachtraí! Cá bhfuigheadh duine eachtraí an saoghal seo?”

“Ba chóir go mbéadh fhios agat-sa sin," ar sise, “má's fíor leath ar chuala mise fá dtaob díot.”

“Tá eagla orm gur sean-chruinnín cruaidh mé," ar seisean. “ Ach thig liom innse duit go dtug mé fá dear
an duifear na cúpla bliadhain dheireannach seo. Tá an saoghal ag éirghe i bhfad ró-shuaimhneach.”

“I n-Americeá Dheas féin?” ar sise.

Americeá Dheas! le sin chuimhnigh sé ar an rud adubhairt Percy, agus thoisigh sé dhá smaointeadh goidé eile bhí ag dul a theacht. Do réir chosamhlachta, seo é an rud a rabh sí ag tarraingt air.

“Thig le duine greann beag a bheith aige amuigh annsin anois agus arís," ar seisean go réidh. “Ach dá dtéigheadh duine 'á chuartughadh, creidim go bhfuigheadh sé i Lonndain é, mar an gcéadna,"

L 15

“Goidé an cineál daoine iad?”

Rinne sé gáire arís.

“A Mhiss Draycott, a chara," ar sé, “tá oiread duifir eatortha a's tá eadar na daoine ar Roinn na h-Eórpa. Ach creidim gur ag tagairt atá tú do'n mhuintir a dtugaimíd dream na ndágó ortha. Bhal - dálta gach dream eile, gheobhaidh tú ar gach cineál agus ar gach dóigh iad. Tá cáirde agam-sa mé féin ina measg, agus
cáirde fíor-mhaithe. Ach daoine iad nach misde do dhuine bheith faithchilleach leó. Cuir i gcás anois, tá rud amháin a gcaithfidh tú gan a dhéanamh a choidhche le Dágó, muna bhfuil aithne iongantach mhaith agat air. Caithfidh tú gan féacháil le theacht i dtír air. Níl ciall aige do sin. Dar leis gur ionann é agus masla. Tá rud eile fosta. Sáith sgian i bhfear aca - sin nó cuir piléar ann, agus ní masla ar bith sin, dar leis. Ach buail dorn sa ghiall air agus ní thabhairfidh sé maitheamhnas duit go deó.”

“An bhfuil siad iongantach glic leis an sgein?” ar sise.

“Tá — agus leis an ghunna. Rud eile de, sgaoilfidh siad leat ar an tsiocair is lugha ar bith. Tuigeann tú, ár ndóighe, nach ar a bhfurmhór atá mé ag cainnt, ná daoine gan urchóid a lán aca. Ach le n-a thaisbeáint duit goidé tá i gceist agam fá'n bheag-chuid innseóchaidh mé duit rud a chonnaic mé le mo shúile féin. I mBuenos Aires a thárla sé, suas le seacht mbliadhna ó shoin, an áit a rabh ‘festa' ar siubhal. Bhí na sráideanna lán daoine agus gluaisteán: bhí an baile uilig 'en féte.' Bhí mé féin ar an chasán coise, agus bhí carr ag mo thaoibh a bhí dá choinneáil ina sheasamh ag fear a bhí ina sheasamh roimhe. Le sin sgairt an tiománaidhe leis an casán a fhágáil. Ach níor bhog seisean, agus tar éis tamaill thiomáin an tiománaidhe 'un tosaigh go mall, agus tháinig gárda an rotha go h-éadtrom ar an fhear sa leis. Anois ní ghortóchadh an buille céadna míoltóg: níor bhain sé go fiú, corradh as an duine. Ach

L 16

goidé thárla annsin? Comh luath a's tháinig an tiománaidhe comhthrom leis, chuir sé a chos go suaimhneach ar an troightheán, tharraing amach a ghunna agus bhain an inchinn as. Agus rinne sé seo, bíodh fhios agat, agus bean an tiománaidhe i gcúl an charra.”

"Ach nár bheir siad ar an dúnmharbhthóir? " arsa an cailín de sgairt.

“Dheamhan breith," arsa Jim. “Chuaidh sé go díreach as amharc sa tsluagh. "Seadh - tá coimheád de dhíth ortha, go h-áirighthe, má bhíonn braon de bharraidheacht ólta aca.”

Bhrúigh sé as a thoitín.

“Ar mhisde a fhiafruighe goidé bheir a leithéid de shuim agat-sa i h-Américeá Dheas?”

Ar feadh bomaite nó dhó bhí sí eadar dhá chomhairle agus í ag coimheád amach roimpi. Le sin d'iompuigh sí thart.

“Chomhair a bheith go bhfuil sé de chathuighthe orm, a Mhr. Maitland, toiseacht leis an tsean-phort agus iarraidh ort gan a dhul a gháiridhe fúm.”

“Maith go leór, bhéarfaidh mise an sean-fhreagra, agus geallfaidh mé nach rachaidh," ar seisean go suaimhneach.

“Ta deárthair agam," ar sise, “deárthair a bhfuil mé féin agus eisean i n-ár gcúpla. Arthur a ainm.

Agus le dhá bhliadhain thart tá sé ó áit go h-áit i n-Americeá Dheas. Bhí sé i mBrazil, i n-Uruguay, agus san Argentine. Anois tá fhios agam nach mórán iongantais a thig le sin a chur ort-sa - sin mar déarfá, ní shílim go dteachaidh sé i bhfad
ar shiubhal ó'n ghnáth-bhealach. Ach ar chaoi ar bith, tá sé amuigh annsin, mar gheall ar bheith réidh leis an chineál saoghail a bhéadh aige annseo.”

“An rabh obair aige?” d'fhiafruigh Jim.

“Chuaidh sé amach annsin ar shéala toiseacht le comhlucht mór ola. Bhí an tuarastal maith; agus bheir Dáid rud éigin dó fosta, tá fhios agat. Ach i ndiaidh dhá mhí nó trí chonnaic sé nach dtiocfadh leis a sheasamh - brúid déanta a

L 17

bhí sa bhainisteóir - agus le sin d'fhág sé é. Tá sé ó áit go h-áit ó shoin.”

“Tchím,” arsa Jim go suaimhneach. Casadh air barraidheacht de ógánaigh a bhí ó áit go h-áit ar rud éigin a bhí Daid a thabhairt daobhtha; agus an cineál a bhí ionnta, ní rabh mórán uchtaighe aige asta. Smaointigh sé annsin go rabh a fhreagra rud beag goirid, agus ar sé — “Is deacair puist fhagháil amuigh annsin - sin, puist a bhfuil maith ar bith ionnta - muna bhfuil fear ina mhaighistir iongantach ar a cheird. Agus tír iongantach chostasach í le bheith ó áit go h-áit innti.”

“Tá fhios agam sin" ar sise. “Is minic a sgríobh Arthur ag innse damh comh cruaidh a's bhí sé ag cur air. Ach eadar gach dóigh d'éirigh leis gnoithe measardha a dhéanamh, agus tháinig an t-ádh is iongantaighe ar bith ina bhealach suas le sé mhí ó shoin. Agus anois tá mé ag teacht go dtí an rud a bhfuil eagla orm go rachaidh tú a mhagadh fúm dhá thairbhe.”

“Glác seans air," ar seisean ag gáiridhe.

“Dá mbíodh fhios agam go rabh tú le theacht anocht bhéadh a litir liom; ach tá mé ag déanamh go bhfuil cuimhne agam ar an chuid is tábhachtaighe dí. Do réir chosamhlachta rinne sé gar éigin do bhacach de sheóltóir i Monte Video - seóltóir Sasanach. Agus nuair a bhí an seóltóir seo ar leabaidh an bháis d'innis sé sgéal iongantach éigin dó fá chiste fholaigh.”

Ní tháinig athrughadh ar bith ar aghaidh Jim, d'aindeóin go rabh sgéal an chailín seo ní b'amaidighe ná shamhail sé bhéadh.

“Tá súil agam nár sgar sé le dadaidh dá chuid airgid ar a shon," ar sé go suaimhneach

“Bhí mé ag smaointeadh gur mar sin a ghlacfá é," ar sise. “Spreag an rud céadna mé féin an chéad uair a léigh mé é. Ach níor íoc sé dadaidh. Leig an seóltóir an rún uilig leis. Ar chaoi ar bith, ní rabh aige ach a allúntas.

L 18

Ní rabh airgead ar bith aige le tabhairt uaidh.”

“Goidé an rún a bhí ann?” ar seisean.

“Ní thig liom a rádh," ar sise. “Sgríobh sé rud éigin fá léar-sgáil, agus fá long a ghléasadh, agus níor chuala mé focal ó sin go dtí trí seachtmhaine ó shoin nuair a fuair mé litir ag rádh go rabh sé ag teacht 'un a' bhaile ar an chéad bhád eile. Dubhairt sé fosta, dá tigeadh dadaidh air, go bhfuighinn litir a sheólfadh sé chugam go dtí an banc.”

“Dá dtigeadh dadaidh air," arsa Jim go smaointeach.

“An rabh tú ag an bhanc ag cur tuairisge?”

“Bhí. Bhí mé shíos annsin ar maidin indiu féin, ach ní rabh dadaidh,"

“Muna rabh, níl amhras ná go bhfuil gach rud i gceart, a Mhiss Draycott. Is léir nach dtainig dadaidh air; agus, má fuair tusa a litir trí seachtmhaine ó shoin, ba chóir dó bheith i Sasain faoi seo. Agus comh luath 's chasfar ort é béidh tú ábalta an sgéal go h-iomlán a fhagháil uaidh.”

“Béidh. Agus sin an t-am, dar liom, a bhféadfá thusa cuidiughadh a thabhaint dó.”

D'amharc sí air go h-impidheach.

“Mise! Bhéarfad, agus fáilte. Ach goidé an dóigh?”

“Thiocfadh leat an sgéal uilig a chaibideáil leis féin, agus a innse dó goidé do thuairim. Tá fhios agat-sa i bhfad níos mó ná tá fhios aig-sean, a Mhr. Maitland, agus má ta dadaidh fírinne sa sgéal, bhéadh do chomhairle iongantach tairbheach dúinn.”

Bhí sé ar feadh tamaill eadar dhá chomhairle: annsin d'amharc sé díreach san aghaidh uirthi.

“Déarfaidh mé an fhírinne lom leat, a Mhiss Draycott," ar sé. “Níl maith a dhul ar chúl sgéithe leis. Tá an sgéal mar tá tú i ndiaidh a innse damh, tá sé comh sean leis na cnuic. Leis na cianta bíonn seóltóirí meisgeamhla ag cainnt fá chiste foluighthe - ór, seóda, agus gach rud eile de’n tseórt. Bíonn léar-sgáil garbh-

L 19

sgríobhtha aca fosta, de ghnáth, agus comh minic le rud eile, bíonn blaosg cloigne agus cnámha treasna ar a chéile sa chúinne le cuma níos fírinnighe fhágáil air. Leóga, níl ach an poinnte amháin de dhuifear eadar an sgéal seo agus na sgéalta eile - Is cosamhail nar iarr an seóltóir airgead ar bith ar do dheárthair. Dá mba rud é gur iarr, mholfainn duit an t-iomlán a chur as do intinn ar an bhomaite.”

“Ní dóigh leat go bhfuil dadaidh ann, mar sin ar sise go meallta.

“Ní maith liom a bheith gan chaoidheamhlacht," ar seisean ag gáiridhe, “ach tá eagla orm gurab é sin mo thuairim.

Is dóigh liom nach féidir gan - ciste nach bhfuil fhios goidé is fiú é, b’fhéidir - i bhfolach thall agus i bhfus ar fud na cruinne ó bhí am na gcreachadóirí mara ann fadó. Agus ní shéanfaidh mé go bhfuil Muir na Spáinneach agus Americeá Dheas ar áiteacha nach éadóiche cuid de'n chiste sin bheith i bhfolach ionnta. Ach is é an rud a bhfuil mé amhrasach fá dtaobh de bacach de sheóltóir i Monte Video eolas a bheith aige air, nó a fagháil amach cá rabh sé.”

“Ach mar dubhairt tú féin níor ghlac sé aon airgead," ar sise.

“Tá fhios agam sin," ar seisean. “Agus mheasfainn gur dóiche gur chreid an seóltóir é féin go fíor an rud a bhí sé a rádh - ná tá siad ar na daoine amháin is fusa a mhealladh ar an tsaoghal uilig. Mheasfainn gur dóiche, nuair a rinne do dheárthair maitheas air, go rabh gach uile rún aige gar a dhéanamh dó ar a shon. Ach goidé is fiú an t-eólas? Tá rud amhám cinnte. Muna mbídh eólas níos deimhne ná an sgéal seo le do dheárthair, ní bhéadh ach amaidighe dó dhul fá chostas ar bith a dh'iarraidh an chiste.”

“Tuigim sin i gceart," ar sise. “Ach ar mhisde leat éisteacht le h-a bhfuil le rádh aige? Agus do chomhairle thabhairt dúinn annsin?”

“Níor mhisde, ar chor ar bith," arsa Jim. “Ní bhéidh

L 20

orm ach lúthgháir. Cuireadh sé sgéala chun an Dorchester Club chugam, agus béidh fonn mór orm a chluinstin goidé tá aige le h-innse. Tá eólas agam ar an tír úd nach bhfuil ag mórán, agus má thig liom cuidiughadh ar bith a thabhairt uaim - bí cinnte go ndéanfaidh mé amhlaidh. Ach 'gheall ar Dhia - ná bíodh barraidheacht dóchais agat sa chúis!"

Le sin sgiord sgaifte de'n Aos óg Aerach anuas ortha go tobann, agus sgadáin bhuidhe agus lionn leó, agus thug siad ise ar shiubhal, agus fágadh Jim le snáthadánn de mhnaoi a dtug sé fuath dí, ar an chead amharc. Chuir sé suas léithe comh maith agus tháinig leis ar feadh chúig mbomaite agus b'air a bhí an lúthgháir nuair a tháinig Percy ionns' ortha.

“Níor shíl mé ariamh go mbéadh áthas orm do fheiceáil, a Phercy," ar sé nuair a d'imthigh an bhean, “ach tá sí sin creathnach.”

“Tá sí cineál garg,” arsa percy. “Ach goidé do thuairim de n chailín eile? Chonnaic mé sibh agus bhur dhá ngaothsán chomhair a bheith buailte ar a chéile suas le leath-uair a' chluig.”

“Cailín beag deas í," arsa Jim. "An bhfuil fhios agat dadaidh fá dtaobh dí?”

“Tá mé go díreach i ndiaidh a bheith ag cur ceiste ar Phamela, Sean-taoiseach airm a h-athair. Tá teach aca shíos i Sussex.”

“An bhfuil aon airgead aige?”

“Bhal, Dar fiadh!" Thug Percy buille beag dó eadar na h-easnacha. “Agus seo é an dóigh a bhfuil sé, an eadh?”

“Ná bí in do ghealt ar fad," arsa Jim go tur. “Gan trácht ar a bheith iongantach díomúinte.”

“Tá mé buadhartha, a mhic. Ní rabh mé ach ag magadh. leóga, tá eagla orm nach bhfuil. D'admhuigh Pamela féin go bhfuil an saoghal ag cur cruaidh go leór air. Tá ruagaire

L 21

reatha de mhac aige nach bhfhuil mórán le gnóthughadh air, cluinim. Tá sé i n-áit éigin i n-Americeá Dheas.”

D'amharc Jim ar a uaireadóir. Bhí sé an dó a chlog.

“Cinnte, níl tú ag imtheacht go fóill, a mhic?” arsa Percy. “Nílimíd ach ag toiseacht.”

“Ní gádh duit-se theacht," araa Jim. “Siubhailfidh mé. An mbéidh draoi-fhocal éigin le rádh agam i gcogar le cead fhagháil dul amach as an áit"

“Ní bhéidh. Níl agat ach an doras tosaigh a fhosgladh, agus greadadh leat. An bhfuil tú cinnte nár mhaith leat mise do thabhairt liom sa ghluaisteán?”

“Tá, fír-chinnte," arsa Jim, agus le sin d'imthigh sé.

Agus sin mar thárla é ag teacht anuas na céimeanna, a hata árd siar ar a chionn, agus é ag machtnamh ar an tsaoghal go coitcheann, agus soluis Lonndain amach ós a choinne. Shiubhail sé leis ar aghaidh ar a shuaimhneas, ag tarraingt isteach lán a chuid sgamhóg de'n aer. A Ri! goidé leithéid de bholadh agus bhí san sailear sin! Goidé leithéid de shiamsa gan chéill! San am chéadna, bhí lúthgháir air cionn 's go dteachaidh sé. Cailín beag lághach a bhí sa chailín sin a rabh an t-éideadh liath uirthi. Nár bhódhmánta an mhaise dó gan a fhiafruighe dí goidé a seóladh! B'fhéidir go bhfuigheadh sé é nuair a thiocfadh an deárthair óg seo aici i dtír.

Rinne sé gáire leis féin. An sgéal sin fá'n chiste foluighthe! Ceithre h-uaire ar a laighead, cuireadh an sgéal céadna i h-a láthair féin. San am chéadna, bhí sé buadhartha fá'n chailín, go h-áirighthe ó thárla gan mórán airgid aca, Ba dóiche gur shíl sí an t-ádh a bheith ag tarraingt ortha. Agus níorbh' iongantas sin.

Sgairt fear gluaisteáin leis ag iarraidh fostóidh, ach chraith seisean a cheann, Ní rabh codladh ar bith air, agus bhí gal an tobac agus boladh na sgadán, bhí an dá chuid greamhuighthe de go fóill. Na brealláin bheaga! D'fhéach sé le smaointeadh goidé dhéanfadh aon duine aca, dá

L 22

mbeirtí goirid air. An fear sin a bhí ag seinm ar an phianó, cuir i gcás - d'aindeóin go rabh lámh mhaith ar an tseinm aige. Ach bíodh sé i dteach táibhirne i Valparaiso nuair a d'éireóchadh racán!

Chaith sé uaidh a thoitín. An rabh sé ag tabhairt cothrom daobhtha? I ndiaidh an iomlám, ní rabh cleachtadh ag aon duine aca ar a leithéid de rud. Agus b'fhéidir, dá ndéanadh siad an rud cearr féin gur díoghbháil eólais a bhéadh ortha, agus nach díoghbháil meisnighe. Ní do mhórán a bhí sé i ndán an seans fhagháil a fuair seisean, go fiú dá mbíodh an fonn féin ortha chuige.

Is minic a deireadh daoine leis go mbíodh sé ag cuartughadh trioblóide; ach ní mar sin ar fad a bhí. Ní rabh feidhm ar bith air a cuartughadh. Thigeadh sí a bhealach gan aon iarraidh. Cinnte, níor chuir sé cor bealaigh air féin ariamh le n-a seachaint. D'admhóchadh sé go mbíodh a dhá láimh amuigh aige le fáilte roimpi. Rud éigin neamh-ghnáthach; rud éigin nua; rud éigin a mbéadh blas na contabhairte air - badh é sin a chuid de'n tsaoghal.

Thug sé a shúil suas ar na tighthe a rabh sé ag dul thart leó - tighthe breághtha galánta uilig. Bhí dligheadóirí ina gcodladh ionnta - ligheadóirí agus ceannaidhthe agus fir mhór- luachacha na cathrach. Ní fá'n áit sin a bhí aon eachtraí le fagháil i Lonndain. Fá n-a Céidheanna, b'fhéidir. Ach eachtraí suaracha bhéadh ionnta sin. D'aindeóin gur innis sé do'n chailín go rabh eachtraí le fagháil i Lonndain, bhí sé cearr. Ní rabh eachtraí i n-aon áit an saoghal seo ...

Go díreach san bhomaite sin mhothuigh sé tormán urchair a sgaoileadh as gunna póca - agus gan sin i bhfad uaidh féin.