An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

11

Caibidil

Ach ní rabh cuma ar an tiománaidhe gur mheas sé mí-bhéas ar bith a bheith dhá dhéanamh aige. Anois agus arís chuireadh sé an t-inneall ar obair agus gleó comh h-árd sm as nár chabhair go fiú an sár-éisteacht a bhí ag an fhear chaoch le tormán ar bith eile a chluinstin, tormán mar d'fhéadfadh duine a dhéanamh a bhéadh ag fosgladh fuinneóige giota ar ghiota go faithchilleach. Agus go díreach leis an bhlosg mhór dheireannach bhí Jim Maitland san áit nach rabh ach dallóg na fuinneóige eadar é agus an seomra. Bhí sé fá'n teach le fiche bomaite roimhe sin. D'éirigh gach rud ciúin ann sin. Níor labhair aon duine ach Waterlow.