An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

11

Caibidil

“Éist, a Judy,” ar sé, “go n-innisidh mise mo chuid féin de'n sgéal duit. Tá fhios agam go maith goidé comh gortuighthe a's tá tú: agus ní iongantas ar bith é. Agus b’fhéidir nach rabh an ceart agam-sa gan casaid a dhéanamh leis na síodh-mhaoir ar an bhomaite. Ach ní duine mé de na daoine seo a bhfuil sé sa dúthchas aca a dhul fá n-a gcoinne am ar bith a thuiteas dadaidh iongantach amach. Creidim gur chaith mé barraidheacht de mo shaoghal i n-áiteacha nach bhfuil síoth-mhaoir ar bith le fagháil. Agus b’iongantach liom an dóigh ar thárla gach rud, go díreach i ndiaidh mé thusa a fhágáil. Eadar an dágó, agus do sgéal féin fá’n chiste, chuidigh an t-iomlán le mo fhágáil eadar dhá chomhairle, Agus annsin, mar is eól duit, beireadh goirid orm agus bhí sé ró-mhall. Ach is é an rud a bhfuil mé ag tarraingt air go bhfuil áthas orm anois cionn’s go dtearn mé mar a rinne mé. Tá mé fír-chinnte go bhfuil rud éigin i sgéal an taisce agus ní’l dóigh ar bith is feárr a ndéanfaimíd dhíoghaltas ar na diabhail seo a mharbh do dheárthair ná a gcleas a mhilleadh ortha."