“Is furas sm a innse, a dhuine uasail. Bhí mé ar lóistín shíos i dtoigh Shipwell - fir fairrge is mó a ghlacann sí isteach - nuair a chuir fear a cheann isteach ar an doras i n-am dinneára indiu agus sgairt sé amach : ‘ Cé a bhfuil eólas aige ar Americeá Dheas? ' ‘Tá agam-sa,' arsa mise. Le sin chuir sé cúpla ceist orm, agus ar sé : ‘ Ar mhaith leat cúig phunt a chosnamh ? ' ‘ Cuir uait
an magadh,' arsa mise. ‘Ní magadh ar bith é,' ar seisean. Ní rabh le déanamh agam ach a dhul a dh'amharc ar dhaoine éigin shíos an tír a rabh roinnt eólais de dhíth ortha. Sin é anois go díreach mar a thárla."