An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

11

Caibidil

“Tá cuid mhór agaibh-se - agus tusa fosta, a bhean óg - agus tá cuma oraibh go bhfuil suim agaibh i nOileán an Aon-chrainn. Anois níl ionnam-sa ach fear nach bhfuil léigheann ná foghluim aige, agus féadaidh sibh gan mórán a fhágáil ós coinne mo chuid cainnte. Ach tá fear atá go díreach i ndiáidh a theacht arais as na h-Indiacha Thiar, fear a bhfuil maighistreacht luinge aige, agus tá fhios aige-san i bhfad níos mó fá'n áit ná tá fhios agam-sa. Tá sé ag baint faoi i dteach nach bhfuil i bhfad ó theach Shipwell - Caiftín Bhlackett."