Agus sin mar thárla é ag teacht anuas na céimeanna, a hata árd siar ar a chionn, agus é ag machtnamh ar an tsaoghal go coitcheann, agus soluis Lonndain amach ós a choinne. Shiubhail sé leis ar aghaidh ar a shuaimhneas, ag tarraingt isteach lán a chuid sgamhóg de'n aer. A Ri! goidé leithéid de bholadh agus bhí san sailear sin! Goidé leithéid de shiamsa gan chéill! San am chéadna, bhí lúthgháir air cionn 's go dteachaidh sé. Cailín beag lághach a bhí sa chailín sin a rabh an t-éideadh liath uirthi. Nár bhódhmánta an mhaise dó gan a fhiafruighe dí goidé a seóladh! B'fhéidir go bhfuigheadh sé é nuair a thiocfadh an deárthair óg seo aici i dtír.