Goidé fá'n té ar leis an teach? Ar leis an fhear mhór féin é? B'fhéidir. Sa chás sin de, goidé bhí an fear mór ag brath a dhéanamh? Ba chontabhairteach dó fear marbh nó fear gonta a fhágáil ina luighe fá'n áit. Smaointigh Jim ar na focla adubhairt an fear mór fá shiubhal go tapaidh. Goidé bhí faoi sin aige! Nach mbéadh sé de dhith ortha an corp a thabhairt ar shiubhal agus a chaitheamh i n-áit éigin eile? Ní bhéadh sé sábháilte a fhágáil go dtí an oidhche ar n-a bhárach féin, nó d'aithneóchadh dochtúir ar bith go rabh an fear marbh le tamall, agus níor dhóiche go mbéadh an corp ina luighe amuigh i rith lae i n-áit fhosgailte gan aon duine theacht air. Mar sin de, bhéadh sé iontuigthe ag na síothmhaoir gur h-athruigheadh an corp i ndiaidh a bháis; ach dá ndéantaí ar an bhomaite é, b'fhéidir go dtiocfadh dalladh mullóg a chur ortha. Dar leis féin anois nach rabh ach an t-aon rud amháin le socrughadh aige. Má bhí fá shúil aige dadaidh a dhéanamh, chaithfeadh sé a dheánamh ar an bhomaite. Ghearr sé treasna an tóchair go tapaidh, d’fhosgail an geafta, agus sgiord sé suas an cabhsa goirid agus é ar sgáth na dtor i rith an ama.