An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

2

Caibidil

Stad an cuartughadh de réir a chéile ag an fhear dhall, agus sheasuigh sé os coinne Jim agus na súile gan radharc mar bhéadh siad ag stánughadh air. An mhuinntir nach bhfuil amharc na súl aca bhíonn géire fá leith ins na céadfaidh eile aca, agus d’aithin an dall seo cá h-áit a rabh an strainnséir sa tseomra. Bhí Jim 'á choimheád agus gan fhios aige i gceart ciaca bhí sé ann ná as. Bhí an rud uilig mar bhéadh brionglóid ann. Bhí an fear beag seo iongantach éagcoitchianta ina chuma le cois bheith caoch. Bhí a lámha mór, ach bhí deanamh deas ortha. Bhí an doimhneacht san ucht agus an leithne mhór sin ins na guailneacha a thaisbeáin go rabh urradh ann nach mbíonn i ngach duine. Ach ba mhillteanaighe ná an t-iomlán an dreach urchóideach a bhí air. Bhí sé folamh ar fad ó'n fhéachaint shochmaidhe shíothchánta a bhíos le feiceáil de ghnáth i n-aghaidh an daill.