An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

2

Caibidil

Bhí sé ag éirighe lag, agus chuir sin ar stéill mhire é. Thoisigh sé a thuisleadh anonn agus anall an seomra, agus an gleó ina chluasa ag éirghe ní ba láidre. Bhuail sé an crinlín uair amháin agus fhobair dó tuitim. A sháith i gceart a thug sé dó é féin a shábháil. Ach badh é sin an sméach dheireannach. Bhí a chuid sgamhóg ag bléasgadh. Bhí na féithe i gclár a éadain ina seasamh amach mar bhéadh téadaí ann. Ní rabh ann ach gur léir dó gur lasadh solus an tseomra go tobann, agus go rabh beirt fhear ina seasamh ag an doras. Le sin thuit sé go trom ar a bhéal agus a shrón agus ní rabh meabhair aige ar níos mó ...