Bhí brígh an druga chomhair a bheith caithte, agus ba léir do Jim go rabh sé i n-am dó cúrsa oibre a leagan amach dó sém. An chéad rud a rinne sé féacháil le smaoitiughadh ar an rud a dhéanfadh sé féin, dá mbéadh sé i n-áit an námhad. Bhéadh siad-san ag dréim, dar leis, gur dhóiche dó casaoid a dhéanamh leis na síoth-mhaoir. Sin é an chéad rud a smaointeóchadh bunadhas gach aon duine ar a dhéanamh i gcás de’n tseórt. Dhéanfadh sé féin amhlaidh, munab é comh h-ait a's thuit sé amach fá'n chomhrádh a bhí aige leis an chailín an oidhche roimh ré - comhrádh nach dtiocfadh leóbhtha-san fios ar bith a bheith aca fá dtaobh de. Agus goidé dhéanfadh siad i n-a dhiaidh sin? Bhéadh siad ag dréim leis na síoth- mhaoir cuairt a thabhairt ortha gan mhoill i ndiaidh a mheabhair a theacht arais chuige. Níorbh' fhéidir leóbhtha-san fios a bheith aca nach rabh fhios aige-sean go fiú ainm an bhóthair.