Do réir chosamhlachta sgríobhadh an bagar ar shéala nach bhfuigheadh sé í go dtí go mbéadh sé i ndiaidh a chasaoid a dhéanamh leis na síoth-mhaoir agus a gcur i gcionn turais amadán. Bhí súil aca go dtiocfadh an bagar chuige nuair a bhéadh sé aingidhe agus feargach, ní h-é amháin cionn 's amadán a dhéanamh de féin, ach cionn ’s amadáin a dhéanamh de na síoth-mhaoir mar an gcéadna. Agus, ár ndóigh, ní bhéadh sé deacair a shamhailt goidé déarfadh na síoth-mhaoir, dá dtugadh sé leis iad go dtí teach folamh, ar shéala gur teach cearrbhachais a bhí ann agus teach i n-ar marbhadh fear. Tá fir go leór ann a dtabhairfeadh an bagar ortha an rud uilig a thabhairt suas. Níor dhuine aca sin eisean, ach níor bhac sé le sin. An mbéadh sé le céill aige leigint daobhtha- san sílstean gurbh' eadh