An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

7

Caibidil

Poinnte mór a bhí ann, cinnte-poinnte a rabh an iomad ag brath air. I dtaca leis an chúis fhágáil mar bhí sé, ní thiocfadh leis smaointeadh ar sin; ach goidé bhí le déanamh aige? Mar bhí sé fá láthair, bhí gach rud ina éadan. Dá mb’fhéidir leis cur i gcéill do'n námhaid go rabh sé ag déanamh neamh-iongantais de’n sgéal, agus san am chéadna a bheagán nó a mhórán eólais a fhagháil a bhéarfadh tuairim dó cá rabh siad, bhéadh seans aige. Cinnte, ní bhéadh ann uilig ach ádh, dá n-éirigheadh leis. Ach bhí dóchas mór ag Jim Maitland as ádh, agus ba mhaith an tuar é bheith leath-uair i ndiaidh a cúig a chlog ag dul isteach sa chlub dó. Ní rabh an dligheadh ag bac do dhuine deoch bhiotailte a ól an t-am seo.