Ba é an deireadh a bhí air gur thoiligh Jim dul leis. D'ainneoin go mbíodh sé ag tabhairt an diabhal le hithe dó le ciall a chur ina cheann, bhí dúil aige ina chol ceathar, lena chois sin bhí fonn air amharc a fháil ar scaifte den dream a d'éirigh aníos ó bhí aimsir an chogaidh ann. Ón bhliain 1918, chaith sé go díreach seacht mí amháin i Sasain, agus mar sin, ní raibh de eolas aige ar an nua-shliocht ach an méid a léigh sé fá dtaobh daofa i leabharthaí. Ba dóiche go raibh siad mar a bhí an tAos óg riamh ach d'athraigh an saol agus bhí saoirse acu nach mbíodh ag a leithéidí sa tseanam. Ní raibh amhras ná go dtiocfadh le Percy gluaisteán a thiomáint agus a thiomáint go maith. Bhí ceann de na Bentlies mhóra aige. Fear ádhúil a bhí ann, nó d'fhág aintín nach raibh ar an mhuintir ba troime ciall, d'fhág sí níos mó airgid aige ná a thiocfadh leis a láimhdeachas go críonna. Ach bhí lámh bhreá aige ar thiomáint gluaisteáin, agus an seort duine a bhí i Jim Maitland, bhí fuath aige don chiotachas.