“Ó'n chunntas atá tú i ndiaidh a thabhairt air, ní thig a bheith i gceist ach fear amháin," arsa Hargreaves. “Agus níl eagla ar bith orm a rádh go bhfuil sé ar fhear de na bitheamhnaigh is baoghalaighe dá bhfuil amuigh as príosún fá láthair. Emil Dresler a bheir sé air féin, agus tá pas de chuid Americeá aige. Tá gach aon cheárd ar an tsaoghal aige. Bhí sé am amháin agus bhí lámh aige i ndíol sglábhaidhthe bána, ach tá sin tugtha suas aige, ar feadh a bhfuil fhios againn. Díolann sé druganna neamh-óraice; tá sé i n-a rí-fhear gaimbín, agus baineann sé amach airgead tosta. Le n-a chois sin uilig, táimíd chomhair a bheith cinnte gurbh' é a b’ughdar do dhá dhún-mharbhadh."