Ach níor dhadaidh sin ann féin. I ndiaidh ar dhubhairt Hargreaves bhí sé ní ba chinnte ná bhí ariamh go mbéadh teach an chearrbhachais dúnta glan. Dá mhéad dá rabh eadar lámha ag an fhear a bhí ar a chúl, sin mar ba lugha bhéadh fonn air é féin a chur i gcontabhairt. Mar sin de, cad chuige a rachadh seisean de chomhair an tighe, ar chor ar bith Mhachtnuigh sé ar an cheist sin agus é ag déanamh a dhinneára, agus shocair sé a bheart fá dheireadh. Rachadh sé ann! Ciaca bhéadh maith ann ná nach mbéadh, bhí fhios aige nach mbéadh a intinn suaimhneach go dtí go mbéadh sé cinnte nach rabh an corp annsin go fóill. Maidir le goidé dhéanfadh sé nuair a bhéadh an t-eólas sin aige fá dtaobh de ní rabh fhios aige i gceart go fóill. Bhéadh sé i n-am go leór sin a shocrughadh nuair a thiocfadh an t-am.