“ B’fhéidir gur cuimhin leat gur casadh ar a chéile sinn aréir - nó an ar maidin indiu é ? — ag siamsa lucht an leanna agus na gcnámh. Agus thug mé ort éisteacht annsin le sgéal fada fá mo dheárthair agus fá chiste foluighthe atá i n-Americeá Sheas. Bhal, thárla rud éigin nua ar maidm indiu. D'innis mé duit, measaim, gur sgríobh Arthur chugam ag rádh dá mbaineadh dadaidh de, go bhfuighmn litir a sheólfaí chugam go dtí an bhanc. Agus d'aindeóin go gcreidim go sílfidh tu mé bheith amaideach níl maidin ar bith nach dteachaidh mé síos annsin a dh’amharc an rabh dadaidh ann. Bhí, ar maidin indiu. An sgríobhadh a bhí ar an chludach, bhí sé garbh gan dóigh, ach d'aithin mé gur lorg láimhe Arthur a bhí ann. Bhí séala phuist Lonndan ar an chlúdach. Bhí leath-dhuilleóg páipeáir taobh istigh a rabh rud éigin tarraingthe air agus roinnt focal. Tchíthear damh-sa é beith cosamhail le léar-sgáil-tá poinnte ó thuaidh marcáilte air. Ach an rud is iongantaighe uilig — ní’l ann ach giota, Cineál de leath léar-sgáile atá ann. Tá cuid de na focla gearrtha ina dhá gcuid, nó muna bhfuil, níl ciall ar bith leó.