“Ach b’fhusa i bhfad damh an rud a mhíniughadh duit i gcomhrádh ná a sgríobhadh. Agus gan baint do sin, tá mé i dtrioblóid mhór fá Arthur féin. B’éigeanL 60 dó bheith i Lonndain indé, agus ó thárla sin amhlaidh cad chuige nach dtáinig sé a dh'amharc orm ? Nó cad chuige nár labhair sé frid an ghuthán liom, nó rud éigin? An dóigh leat gur bhain taisme ar bith de? Chuir mé ceist ar mhuinntir Scotland Yard, agus chuartuigh mé na páipeáir uilig, ach ní thig liom dadaidh a fhagháil amach. “Ní maith liom a bheith ag tabhairt buadhartha duit, ach arbh' fhéidir leat a theacht chugam uair éigin i mbárach? Déarfainn anocht, ach b'fhéidir nach bhfuightheá an litir seo i n-am; agus, le n-a chois ssin tá scaifte le bheith annseo ag dinneár. Fanóchaidh mé istIgh go dtí an meadhon lae ag súil leat.