An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

8

Caibidil

Bhí an dusta ina luí go tiubh ar an urlár, agus nuair a thoisigh Jim a chur a solas a lampa anonn agus anall air, de réir a chéile, tháinig tuigbheáil chuig Percy faoin rud a bhí i gceist aige. Fríd lár an tseomra, bhí loirg choise, agus iad ag dul ón fhuinneog go dtí an doras. Leag Jim spág i gceann amháin acu: d'fhóir a spág agus an lorg go díreach dá chéile. Loirg s'aige féin a bhí iontu ón oíche roimhe sin. Ach ní hiad sin na loirg amháin a bhí ann. Na loirg eile agus cuid Jim, bhí siad ag teacht trasna a chéile thall agus abhus; ach den chuid is mó bhí siad scartha óna chéile. Ba ar na loirg nár fhág sé féin, ar ndóighe, a bhí Jim ag stánadh.