Choinnigh sé suas leis an tsolus é agus bhreathnuigh sé air go cúramach. De réir chosamhlachta ní rabh sa dá litir Dhe ach cuid de fhocal éigin. Ach ní ar sin a bhí Jim ag smaointeadh, ach ar an ghiota de pháipéar féin. Bhí rud éigin níos mó ná bruighean cearrbhachais sa cheist, rud éigin a gheobhadh seisean amach, dá dtigeadh leis, ar chor ar bith. Chuir sé isteach ina leabhar póca é go cúramach, agus dhírigh sé é féin suas. Le sin bhí sé go díreach ar tí a rádh le n-a chol ceathar go mbainfeadh siad ar shiubhal amach, ach chuala sé gíog as ceann de na cláraí. Ní meállta a bhi sé. Rinne sé comhartha do Phercy a bheith suaimhneach. D'fhan sé ag feitheamh annsin agus gan bogadh as, agus a lóchrann ar an urlár aige. Bhí fhios aige go bhfeicfeadh sé arís, i mbomaite nó dhó, an cruitíneach caoch, agus mhothuigh sé cineál de dhioth ag dul fríd. Chuala sé gíog eile, agus le sin bhí an cruitíneach ina sheasamh i lár an tseomra.