“Tchífimíd sin ar ball beag, a chara,” arsa Dresler. “Innseóchaidh mé an fhírinne duit, a Mhr. Maitland. Ba é mo bharamhail go n-innseóchthá do na píléirí fá'n tsamhailt aistidheach seo comh luath 's thiocfá chugat fém, agus shocruigh mé gach rud dá réir sin. Ach, nuair a fuair mé amach nár dhubhairt tú dadaidh thug sin tuairim eile damh ort. Choinnigh mé coimheád ort ó'n am a d'fhág tú an bheairic, agus ní rabh i bhfad go bhfacamar go rabh tu ag brath oibriughadh ar do chonnlán féin. Chruthuigh do chomhrádh le Goldstein an méid sin,”