“Bhí sé comh cosamhail le Judy agus thiocfadh leis a bheith,” arsa Jim. “Ní thearn sé ach a theacht arais as Americeá Dheas indé - ar chaoi ar bith, sin é an t-am a dtáinig an long isteach-ach ní'l fhios agam goidé mar chuir sé thart an t-am eadar sin agus a theacht go teach an chearrbhachais. Ní thig liom a rádh cé chuir ina chionn a dhul ann ach oiread. An dágó, b’fhéidir, an fear a chaith é i ndeireadh báire - sin nó Barnet, b'fhéidir. Ach is cuma ciaca. Is é an áit a bhfuil an sgéal go rabh páipeár éigm aige a chreid sé a bhí luachmhar. Agus is é rud a bhí faoi an chneamhaine bheag sin anocht a fhagháil amach uaim-se ciaca bhí mé i h-a eólas sin nó nach rabh. Leig sé cuid de amach nuair a sháruigh air. Rinne sé tagairt do scéim éigin, ach níor dhubhairt sé dadaidh fá'n chineál scéime a bhí innti,”