An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

10

Caibidil

Ní thiocfadh leis a chreidbheáil go rabh rún ar bith aca an buachaill óg, Draycott, a mharbhadh. Dá mba rud é gur theastuigh uatha a chur as an chasán, thiocfadh leo sin a dhéanamh i ndóigh ní ba fhusa agus ní ba shábháilte ná a chaitheamh i dteach i Lonndain. Ach marbhadh é agus anois chaithfeadh siad a mbeart 'imirt comh maith is thiocfadh leó. Rinne siad a ngnoithe go tapaidh agus go cliste. Munab é comh h-iongantach ádhmhail a's thárla gur casadh Judy Draycott air sul ar chuala sé an t-urchar, ní bhéadh ciall ar bith aige do na gnoithí. Agus munab é go rabh fhios ag an dágó - nó is aige b’éigean fios a bheith - an cineál duine a bhí ann, ní dhéanfaidhe mórán de'n chomhrádh a thárla aréir. Bhí eagla ar Dresler roimhe, siocair go rabh sé i h-ainm a bheith i gcomhnuidhe ag cuartughadh trioblóide, agus chan cionn 's gur mheas sé aon eólas fá leith a bheith aige fá'n cheist seo.