An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

10

Caibidil

sí gur cuartuigheadh a seomra fhad a's bhí sí ag a dinneár. Agus bhí sé ion-tuigthe as sin nar mheas siad-san gur rud gan úsáid an léar-sgáil. Maidir le go rabh dearbhadh ar bith aca ar sin taobh amuigh de fhocal an fhir mhairbh, ní thiocfadh leis a rádh, ach daome de sheórt Emil Dresler, ní théigheann siad a dh'obair ar bheart de thairbhe buille fá thuairim. Agus má's amhlaidh bhí, goidé mar d'éireóchadh leis féin an leath eile a fheiceáil? Níor sgruball leis a goid uatha, dá dtigeadh leis - ar ndóigh, ba le Judy Draycott féin í. Annsin, nuair a bhéadh an léar-sgáil iomlán ós a choinne, d'innseóchadh a chiall féin dó ciaca b’fiú a dhul níos fuide leis an chúis ná nárbh' fhiú. Ach goidé an dóigh a rachadh sé ina cionn? Bhí fhios aige go maith gur le gliocas a chaithfeadh sé féacháil leis an léar- sgáil a fhagháil; ach chuaidh corradh le h-uair an chluig thart sul ar thoisigh sé a sinaointeadh sa deireadh ar bheart.