“Tá obair bheag le déanamh agat damh, a ghiolla óig,” ar sé. “Bhí mé go díreach ag dul a labhairt fríd an ghuthán, ach thig leat-sa a dhul ann. Béidh sé níos sábháilte. Imthigh agus abair le Judy Draycott nach dtig liom a dhul go dtí an teach s'aici-se ar maidin indiu. Innis díthe go míneóchaidh mé féin an fáth arís, ach gur riachtanach gan fios a thabhairt do aon duine gur casadh mise agus i féin ar a chéile, agus ós rud é go bhféadfar mo leanstan nár mhaith liom a dhul go dtí Langham Square. Agus annsin, a Phercy, bhéarfaidh tú thart annseo go dtí an club í go dtí doras na mban, agus nuair a thiocfas an t-am béidh mise agaibh.”