“Tá sí ar shiubhal, a Jim,” ar sé go goirid. “Siubhail isteach go seomra an tobac,” arsa Jim. “Anois,” ar sé annsin, nuair a fuair siad dhá chathaoir, “goidé seo ? Deir tú go bhfuil sí ar shiubhal. Cé'n áit?” “Sin rud nach bhfuil fhios agam, a mhic,” ars' an fear eile. “Le sean-stacán mná uaisle an teach — bean de na h-uaisle a bhí ann roimh aimsir Nóe, sílim - agus tá Judy ma comhnuidhe aici. Bhal, bhuail mé féin isteach agus chuir mé ceist fá'n chailín, ach goidé rinne an doirseóir ach mo chur isteach i láthair na sean-chaillighe is millteanaighe a chonnaic tú ariamh. Bhain sí craitheadh asam, a mhic, agus craitheadh maith, ní misde liom a admháil.”