gur mar sin a ghlacfá é. Anois seo an dóigh a bhfuil an chúis. An drong atá ós ár gcoinne, tá leath na léar-sgáile aca a bhí ag do dheárthair. Is é tá de dhíth ortha anois an leath eile a fhagháil a chuir sé chugat-sa go dtí an banc, agus a chuir tusa chugam-sa. Do réir cosamhlachta d'innis sé daobhtha goidé rinne sé; agus is é sin an fáth ar féachadh leis an chleas mhór seo indiu. Féadann tú a bheith iongantach buidheach gur choinnigh tú do thuairim agat féin nuair a d'aithin tú nach rabh san fhear a rabh na fáisgeáin ar a aghaidh ach cealgaire. An seórt daoine atá ionnta, níl dadaidh ró-throm aca. Dá leigtheá an cat as an mhála, an t-am sin, níl mé ró-chinnte go mbéitheá annseo anois. Ach mheall tú iad sa dóigh cheart, agus tá dúil agam go leanfaidh tú do'n deágh-obair.”