An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

11

Caibidil

“A dhuine na gcarad, tá mé ag glacadh do fhocail air, mar dubhairt mé cheana. Ach, tá eagla orm nach maith mhór a dhéanfadh sin i gcúirt breitheamhnais. Ní dhéanfadh, a Mhonty, ní dhéanfadh sé maith ar bith - agus cuimhnigh ar sin, le do thoil. Cinnte go leór, tá fhios agat nach bhfuil mé ach ghá innse seo duit le do chur ar do choimheád agus le tabhairt ort a bheith faithchilleach, Mar tá fhios agat féin, mise an t-aon duine nach dtiocfadh leis a dhéanamh, agus ar an dóigh sin de is cuma damh-sa. Níl mé ach ag iarraidh an chuid eile agaibh a shábháil."