An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 2

Caibidil

L 23

Sheas Jim Maitland i n-áit na mbonn, agus annsin thug an sean-chleachtadh air dul i bhfolach ar sgáth crainn a bhí i bhfogas dó. Sa tír a rabh sé i ndiaidh a theacht aisti, ní smaointeóchadh sé an dara h-uair ar an rud a thárla - ní rabh i n-obair gunna annsin ach cuid de ghnáth-obair an lae. Ach i Lonndain, agus go h-áirighthe sa pháirt seo de Lonndain, rud eile ar fad a bhi ann, Tháinig blosg an urchair as an teach ós a choinne - teach cosamhail leis an cheann a bhí sé i ndiaidh a fhágáil, ach amháin nach rabh sé le díol. Bhí sé dubh dorcha, ach bhí rud éigin ag innse dó ina chroidhe go rabh solus i gceann de na bárr- fhuinneóga cupla bhomaite roimhe ré.



Dhearc sé síos agus suas an bóthar : ní rabh aon duine le feiceáil. Dhearc sé ar an dá theach a bhí sa chomhursanacht : ní rabh neach ar bith ag bogadh annsin ach oiread. Annsin, mar ba ghnáthach leis, thoisigh sé a mhachtnamh. Bhí sé féin gan arm: ba léir nárbh' é sin do'n té sgaoil an t-urchar, Ní rabh dóigh ar bith a dtiocfadh leis dul isteach 'un an tighe ach briseadh isteach aim. Agus le n-a chois sin uilig níor dhadaidh dá ghnoithe-sean é. Bhí trí fátha maithe, mar sin, gur chóir dó bualadh leis go suaimhneach ar a bhealach abhaile, agus gan oiread agus fáth amháin gur chóir dó fanacht. Ach ba leór sin le tabhairt air-sean gan dadaidh de'n tseórt a dhéanamh. Leigfeadh sé cupla bomaite thart, ar chaoi ar bith, go bhfeicfeadh sé an dtuitfeadh dadaidh eile amach.

D'iompuigh sé suas bóna a chóta mhóin le brollach geal a léineadh a chumhdughadh. Siar leis annsin go fáilthidhe nó go samhlóchthá gur shlug na cramn é. Ar feadh tamaill níor thárla dadaidh; ach ar ball beag thámig léas soluis

L 24

as ceann de na fuinneoga. Cuireadh as é, chomhair a bheith ar an bhomaite; nocht sé annsin i bhfuinneoig eile díreach fúithe agus chuaigh sé as arís. Bhí duine éigin ag teacht anuas an staighre. Nocht an solus ar feadh bomaite ós cionn an dorais tosaigh, agus le sin d'fhosgail an doras féin agus tháinig beirt fhear amach.i


Chonnaic Jim go gcaithfeadh siad a dhul thart fá troigh dó, agus theann sé isteach ní ba chomhgaraighe do na crainn. Thiocfadh leis a nguthanna a chluinstin - duine amháin acu ar stéill mhire le feirg, agus bhí an fear eile mar bhéadh sé ag gabháil a leith-sgéil leis. Fear mór árd a i nduine aca; ní rabh an fear eile fá cheann do bheith chomh h-árd leis, agus badh é an fear mór a bhí i bhfeirg.

"Is tusa féin an t-amadán damanta gan a dhath dháth de chéill, a Ernesto.”

Le linn iad a theacht i ngar do'n gheafta d'éirigh an chainnt soiléir.

“Mhill tú an t-iomlán.”

Baineadh gliog as an gheafta agus d'éist Jim le freagra an fhir bhig.

“D'fhéad sé gan mo bhualadh,” ar sé.

“Ní maith liom aon duine 'mo bhualadh.”

“Caor theineadh dath le feiceáil,” arsa an fear mór go grosach.

"Is cuma. B'féidir gurb' amhlaidh is feárr. Níor chuala aon duine é. Tá sé comh maith againn siubhal dár gcois. Ach béidh siubhal gasta le déanamh againn.”

Le sin d'imthigh siad. D'fhan Jim go dtí go dteachaidh a nguth i n-éag i bhfad uaidh. Sasanach, do réir chosamhlachta, a bhí sanfhear mhór. Do réir a ghotha agus a ainm shílfeá gur Spáinneacha bhí san fhear eile. Nó b'fhéidir gurbh as Americea Dheas é. Agus smaointigh Jim annsin gurbh' iongantach an rud é nach rabh ach tamall beag ó shoin ó bhí sé féin ag innse do'n chailín fá n tréith seo san dágó an fuath ata aca ar a mbualadh.

Tháinig sé amach ó chúl an chrainn, agus thoisigh sé a chur an



L 25

iomláin fríd a chéile ina intinn. Sa teach sin ós a choinne bhí fear a bhítheas i ndiaidh a chaitheamh. Bhí sé marbh, b'fhéidir. B'fhéidir nach rabh sé ach gonta. Ach an rabh aon duine astuigh? Ba é sin an cheist! Dá mbíodh seirbhísigh ar bith ann, dhúiseóchthaí cuid aca, ar chaoi ar bith, le blosg an urchair, agus chuirfí soluis ar lasadh. Ach bhí an teach dubh dorcha go fóill. Ó thárla sin amhlaidh, dar leis féin narbh' fhéidir go rabh seirbhísigh ar bith ann.

Goidé fá'n té ar leis an teach? Ar leis an fhear mhór féin é? B'fhéidir. Sa chás sin de, goidé bhí an fear mór ag brath a dhéanamh? Ba chontabhairteach dó fear marbh nó fear gonta a fhágáil ina luighe fá'n áit. Smaointigh Jim ar na focla adubhairt an fear mór fá shiubhal go tapaidh. Goidé bhí faoi sin aige! Nach mbéadh sé de dhith ortha an corp a thabhairt ar shiubhal agus a chaitheamh i n-áit éigin eile? Ní bhéadh sé sábháilte a fhágáil go dtí an oidhche ar n-a bhárach féin, nó d'aithneóchadh dochtúir ar bith go rabh an fear marbh le tamall, agus níor dhóiche go mbéadh an corp ina luighe amuigh i rith lae i n-áit fhosgailte gan aon duine theacht air. Mar sin de, bhéadh sé iontuigthe ag na síothmhaoir gur h-athruigheadh an corp i ndiaidh a bháis; ach dá ndéantaí ar an bhomaite é, b'fhéidir go dtiocfadh dalladh mullóg a chur ortha. Dar leis féin anois nach rabh ach an t-aon rud amháin le socrughadh aige. Má bhí fá shúil aige dadaidh a dhéanamh, chaithfeadh sé a dheánamh ar an bhomaite. Ghearr sé treasna an tóchair go tapaidh, d’fhosgail an geafta, agus sgiord sé suas an cabhsa goirid agus é ar sgáth na dtor i rith an ama.

I dtaca le bheith ag briseadh isteach i dtigh fir eile, níor chuir sin múisiúm ar bith air. Dá mbeirtí fein air, ba sábháilte a ionad ná ionad na muintire ar leó an teach, agus a mbéadh ortha cunntas a thabhairt as fear marbh nó fear gonta a bheith fá’n áit aca. Ach níor mhian leis leigean do aon duine teacht air.

Sgiord sé suas an staighre mar bhéadh sgáil dhubh ann;

L 26

ach, go díreach mar bhí sé ag meas, bhí an glas ar an doras. Glas Yale a bhí san ghlas, agus níor chabhair dó fiacháil le dadaidh a dhéanamh leis. Tháinig leis na ballaí a fheiceáil gan lasán a dheargadh, agus le sin leig sé éigheamh bheag. Annsin ós a choinne, bhí fuinneóg a rabh pána briste innte. Shín sé síos a lámh, bhain an bolta de'n fhuinneóig agus i mbomaite eile bhí sé istigh.

Ba dorcha i bhfad istigh ná amuigh, agus i ndiaidh dhá choiscéim nó trí a thabhairt 'un tosaigh go faithchilleach dhearg sé lasán. Rud contabhairteach a bhí ann dó, ach bhí an fhuinneóg a dtáinig sé isteach uirthi ar an taoibh cúil de'n teach, agus ar an dóigh sin níorbh' fhéidir an solus a thabhairt fá dear ó'n bhóthar.

Bhí cumhdach domham dusta ar an tábla agus ar na cathaoireacha. Ba léir nár leagadh méar ar an áit le fada. Agus nuair a d'fhosgail sé an doras agus chuartuigh sé thart chonnaic sé go rabh gach áit mar an gcéadna. Bhí an chisteannach agus an tsoitheachlann agus an bhiadhlann uilig amhlaidh. Do réir chosamhlachta, ní rabh an bháighe íochtarach de'n teach i n-úsáid. Cé'n áit, mar sin, a ndéantaí an chócaireacht.

Bhí staighre suas go dtí an chéad urlár eile. Shiubhail sé suas an staighre seo go suaimhneach. Go h-ádhmhail ní rabh glas ar bith ar an doras ag bárr. D'fhosgail sé é, agus ar an bhomaite mhothuigh sé sean-bholadh tobac. Ós a choinne amach bhí marbh-sholus beag ag teacht isteach fríd an fhuinneóig ós cionn an dorais tosaigh. San halla a bhí sé.

Sheas sé annsin gan cor as, agus é ag éisteacht go h-aireach: bhí an teach uilig fá chiúnas.

Cibé daoine a bhí ag caitheamh an tobac, bhí siad ar siubhal. Annsin mhothuigh sé a bhealach 'un tosaigh, céim ar chéim. Agus badh é an chéad rud a thug sé fá dear narbh' ionann eagar do'n urlár seo agus don'n urlár íochtair. galálanta annseo agus gan séala ar bith faillighe air.

Tháinig sé ar an phríomh-staighre, agus le sin thoisigh sé

L 27

a shiubhal suas. Má thuig sé anois go rabh gach coiscéim ag méadughadh go mór na contabhairte dó níor bhuail a chuisle dadaidh ní ba ghaiste le n-a linn. I gcionn gach trí nó ceathair de chéimeanna sheasuigheadh sé agus chuireadh sé cluas ain féin, ach bhí an ciúnas fann uaigneach céadna i ngach áit go fóill.

Bhí boladh an tobac ag éirghe ní ba láidre do réir mar bhí sé ag dul suas. Bhí a shúile cleachttha leis an dorchadas fá'n am seo, agus thug sé fá dear doras fosgailte go díreach ag h-a thaoibh. Thug sé coiscéim isteach air agus le sin bhí fhios aige go rabh sé san áit a dtáinig boladh an tobac.

Níor léir dó rud ar bith annseo, agus i ndiaidh bomaite dhearg sé lasán eile. Agus d'aithin sé i bhfaiteadh na súl goidé an cineál tighe ar thárla ann é. Teach cearrbhachais a bhí ann, teach príobháideach cearrbhachais, agus an bomaite ar thuig sé sin, thuig sé fosta nach rabh feidhm comh mór sin air anois a bheith faithchilleach. Bhí an teach folamh. Ní chuirfí isteach air go dtí go dtiocfadh an bheirt fhear arais- dá dtigeadh siad arais ar chor ar bith. Le sin dhruid sé an doras agus chuir sé an solus ar lasadh.

Bhí na fuinneóga cumhduighthe le feisíní troma dubha, agus bhí an seomra, seomra a rabh leithne an toighe uilig faoi, bhí sé gléasta go breágh. Ag cionn amháin de bhí “buffet" fuar, agus fuighleach an iomad plátaí ceapairí ar an tábla. Bhí buideáil fholamha champagne agus go leór aca, ina luighe thall agus i bhfus ar an urlár ar a chúl. I lár an tseomra bhí bórd sguaibín, agus ar gach taoibh de bhí an gnáth-thróscán uilig a bhíos de dhíth le "baccarat” agus “chemin de fer" a imirt.

Ní rabh seirbhísigh ar bith sa teach. D’órduighthí an biadh uilig isteach ó bhiadhtach. Agus bhí Jim comh sásta sin leis féin cionn ’s go rabh an poinnte seo socruighthe aige go dtearn sé dearmad ar feadh bomaite go rabh gnoithe eile, agus gnoithe i bhfad ní ba tábhachtaighe le

L 28

dearcadh isteach ann aige. Leig se ar dearmad fosta go rabh an t-am ag dul thart.

Thiocfadh leis oibriughadh ní ba réidhe anois, agus, i ndiaidh an solus a chur as, chuaidh sé suas go dána go dtí an t-urlár eile. Má bhí sé ceart fá'n tsolus san fhuinneóig sul ar sgaoileadh an t-urchar, baidhe uachtair a bhéadh an seomra a dtearnadh an gníomh. D'fhág sin gan ach dhá sheomra aige le cuartughadh, agus ar feadh tamaill bhí sé eadar dhá chomhairle, fá cioca seomra a mbainf eadh sé triail as ar tús. Bhí an dá dhoras dúnta. Ní rabh duifear ar bith eatortha. Ghlac sé seans sa deireadh agus tháinig sé ar an tseomra cheart.

Bhí crinlín mór ina sheasamh i lár báire agus bhí an seomra leagtha amach mar bhéadh oifig ann. Bhí trí nó ceathair de chathaoireacha ann, agus roinnt de leabhra tagartha. Leabhra de chineál “Who’s Who" ba mhó bhí ann. Bhí beagán pioctúireach ar na ballaí - piotúireacha a bhain le cúrsaí spóirt - agus bhí taisgeadán mór i gcúinne ann. Amach ó na neithe sin ní rabh le feiceál ach- dhá chois duine éigin a bhí sínte taobh thall de'n chrinlín.

Ar a dhul isteach 'un tseomra dó chuir sé an solus ar lasadh, agus sul ar sgrúduigh sé an corp chuaidh sé trasna go dtí an fhuinneóg agus tharraing sé na feisíní le chéile go dlúith. Tháinig sé arais annsin go dtí an crinlín agus dhearc sé síos ar an fhear a bhí ina luighe ar an urlár. Bhí a aghaidh faoi sgáth ach ba leór amharc amháin le n-a fheiceáil go rabh sé marbh. Bhí culaith tráthnóna air agus i lár a léineadh gile bhí bhallgoid dhúbh-dhearg. Bhí sgiathán amháin tógtha i n-áirde mar bhéadh sé ag iarraidh é féin a chosaint ar an urchar. Bhí an sgiathán eile, agus an dorn druidte, bhí sin sínte amach ar an bhrat urláir. Chuaidh an piléar fríd an chroidhe aige.

Ní rabh ballsgóid ar bith ar an bhrat agus thaisbeáin sin go rabh an piléar sa chorp go fóill.

Bhí Jim comh cleachtuighthe sin ag amharc ar throid, ar

L 29

dhún-mharbhadh, agus ar bhás agus nar chuin seo mórán uathbháis air. Bhí sé go measardha soiléir goidé thárla. Thoisigh bruighean éigin ar íochtar, agus annsin tháinig an triúr aca aníos go dtí an oifig leis an chúis a shocrughadh. Fuair an fhearg buaidh ar an fhear seo agus bhuail sé an dágó, agus chaith an dágó eisean. Bhí cuma ar an méid sin a bheith soiléir. Ach goidé an chéad rud eile a ba cheart do Jim a dhéanamh?

I dtíortha áirighthe badh é an freagra ar an cheist sin gan dadaidh a dhéanamh. Ach níorbh' ionann sin agus i Sasain. B'fhíor, dá siubhaileadh sé amach as an teach anois mar tháinig sé isteach, nach mbéadh aon duine lá níos eólaighe, ach ba doiligh leis sin a dhéanamh. Bhí guthán ar an chrinlín D'fhéach sé air ar feadh bomaite. An gcuirfeadh sé fios ar na síoth-mhaoir? Agus annsin chuimhnigh sé nach rabh fhios aige go fiú amháin an toighe. Bhéadh sé gan chéill aige a rádh go rabh sé i dteach nach rabh fhios aige cé’n teach é, agus fear marbh ar an urlár ag a thaoibh. Le n-a fhagháil amach cá rabh sé, chaithfeadh sé a dhul síos agus dearcadh taobh amuigh de na geafta. Go fiú annsin b'fhéidir nach mbéadh ann ach uimhir, agus ó thárla nach rabh fhios aige ainm an bhóthair, ní bhéadh sé dadaidh ní ba fhuide ar aghaidh .

San am chéadna ní rabh maith dó fanacht san áit a rabh sé. Dá dtigeadh an bheirt fhear arais, bhí fhios aige go rabh duine aca ar a laighead a rabh gunna aige, agus nach mbéadh faitchíos air úsáid a dhéanamh de. Agus má bhí rud amháin thar rud ar bith eile nach rabh ariamh i n-a thaitneamh, badh é an rud é sin é féin a bheith ar an ghann-chuid airm. Rud eile, bhéadh sé ina lá gheal taobh istigh de uair a' chluig, agus d'fhéadfaí a fheiceáil ag fágáil an tighe - rud a bhéadh ina chás achrannach ann féin.

Le sin spreag sé é nár dhearc sé go fóill ar aghaidh an fhir mhairbh. Bhí na súile fosgailte bhí an cár buailte ar a chéile go drannach. Bhí an ghrainnc chéadna air go díreach a mbéadh duine ag dréim le n-a fheiceáil ar aghaidh fir a mhuirbhfí i lár bruighne. Ach níorbh' í an ghramnc sin a

L 30

thug ar Jim léim a thabhairt ina sheasamh cúpla bomaite ina dhiaidh sin agus dreach dian air le tréan iongantais, Níorbh' fhéidir é! Níorbh' fhéidir ar chor ar bith. Agus san am chéadna ní rabh amhras ar bith fá’n chosamhlacht a bhí eadar an fear marbh agus an cailín a rabh sé ag cainnt léithe an oidhche sin.

I n-a dhiaidh sin níorbh' é an t-iongantas an rud a ba mhó fuair greim ar intinn Jim. Bhí sé tuartha go maith le h-iongantais. Ach bhí nidh eile sa chúis. Má badh é seo deárthair Judy Draycott - agus ó’n chosamhlacht a bhí eatortha, ba rí-dhóiche gurbh' é - d’fhuígfeadh sin baint phearsanta aige féin leis an sgéal. Thaitin sí go mór leis, ar feadh an chaidrimh bhig a bhí aige léithe; agus seo é anois agus a deárthair marbh ós a choinne, agus fios aige go maith gur dágó darbh’ ainm Ernesto a mharbh é.

Bha léir dó anois goidé ba cheart dó a dhéanamh. Labhair- feadh sé le muinntir oifig na nguthán. Mhíneóchadh sé daobhtha i gcúpla focal goidé mar bhí, agus d’iarrfadh sé ortha-san a rádh leis na síoth-maoir a theacht chuige. Bhéadh sé i ndon oiread eólais a thabhairt daobhtha agus gur chóir nach mbéadh moill ortha breith ar an fhear a rinne an dochar. Le h-a chois sin smaointigh sé, muna ndéanadh sé seo, agus an t-iomradh a theacht amach go rabh baint ar bith aige leis na gnoithí, nach dtabhairfeadh an cailín maitheamhnas dó go deó. Agus i n-a dhiaidh sm uilig ní rabh sé cinnte. Chuir sé a lámh amach dhá uair a bhreith ar an éisteán; agus gach uair de’n dá uair tharraing sé arais í.

Ní h-é go rabh sé ar dhóigh ar bith i bhfáthach leis an mharbhthóir a shábháil. Go fiú má's ruagaire reatha gan mhaith féin a bhí san fhear a marbhadh, níor leith-sgéal ar bith sin ag dream a mharbhtha. Ach an bomaite thiocfadh na síoth-mhaoir chaithfeadh Jim an cás a fhágáil aca. Agus ní rabh sé cinnte gur theastuigh uaidh a fhágáil aca. Bhí an teagbháil uilig comh h-aisteach agus gur chuir sí faobhar mór ar a chuid fiosrachta.

Nuair a bhí sé ag cainnt leis an chailín rinne sé beagán

L 31

de'n sgéal fá'n chiste foluighthe, ach ni rabh sé comh deimhin dá bharamhail anois. Arbh ' fhéidir nach bruighean cearrbhachais ar fad a bhí annseo, ach rud éigin ní ba mhó? I ndiaidh an iomláin, ní thiocfadh aon duine 'un a' bhaile i ndiaidh seal fada a chaitheamh i gcéin agus an chéad oidhche a chaitheamh ag imirt “chein de fer" gan oiread agus fios a thabhairt dá mhuinntir go rabh sé arais. Agus ba léir nach rabh aon eólas ag an chailín go rabh a deárthair arais.

Tháinig long pasantóir chun cuain ar maidin, an lá sin. Bhí an fear marbh i Lonndain i bhfad thar dhá uair déag. Cinnte, dá mbíodh gach rud mar ba chóir, chuirfeadh sé sgéala chuig a bhunadh féin.

Má bhí Jim ceart ina thuairim - má's amhlaidh a bhí an t-ógánach seo i mbruighin fá ghnoithe thábhachtach éigin a bhain le Americeá Dheas, bhí rud amháin a gcaithfeadh Jim féacháil le n-a dhéanamh. Chaithfeadh sé amharc ní b'fheárr a fhagháil ar an bheirt fhear a rabh a lámha sa dún-mharbhadh. Bhéadh an cailín ag teacht isteach sa chúis agus ba mhó an cuidiughadh díthe-se aithne do chur ar an námhaid i ngan fhios daobhtha ná a dtabhairt suas do na síoth-mhaoir. Agus go díreach nuair a bhí an méid seo socruighthe ina intinn aige tháinig tormán ó'n taoibh amuigh. Agus b'fhuras a aithne goidé an rud é. Tormán dorais ag fosgladh a bhí ann ...

D'amharc Jim isteach sa phasáiste, agus le sin chonnaic sé go rabh sé i n-áit nach dtiocfadh leis imtheacht ar fhear gunna. Ní bhéadh de sheans aige ach a dhul i bhfastódh ann nuair a thiocfadh sé isteach. Bhí sé ag taoibh an dorais de léim, agus ina sheasamh suas go teann leis an bhalla.

Baineadh gíog as clár i n-aite leis. Annsin thug toirt aistidheach coiscéim isteach 'un an tseomra. Fear a bhí ann, fear beag a rabh sé cruaidh air a bheith ós cionn chúig dtroighthe ar aoirde, agus é gléasta i ngúna síoda. Bhí bearad beag ar a cheann, bhí a dhá láimh amach uaidh aige ag cuartughadh roimhe. Agus le sin d'aithin Jimgoidé mar bhí. Bhí an fear dall.

L 32

“An tusa atá ann, a Mhonty?”

Bhí ar guth árd, géar-cosamhail le guth mná, agus tháinig dhéistean ar Jim Maitland nach rabh i bhfad ó bheith ina dhearg-ghráin. Mhothuigh sé a chuid fola ag téidheadh leis na cathuigthe a tháinig air greim sgeadamám a bhreith ar an ámhas seo agus a thachtadh beó bheitheadhach; agus is minic a smaomtigh sé ar na cathuighthe chéadna sin san am a bhí roimhe Nárbh' é a shábháilfeadh é féin ar an iomad bhuadhartha, dá ngéilleadh sé!

“A Mhonty, cá bhfuil tú?”

Stad an cuartughadh de réir a chéile ag an fhear dhall, agus sheasuigh sé os coinne Jim agus na súile gan radharc mar bhéadh siad ag stánughadh air. An mhuinntir nach bhfuil amharc na súl aca bhíonn géire fá leith ins na céadfaidh eile aca, agus d’aithin an dall seo cá h-áit a rabh an strainnséir sa tseomra. Bhí Jim 'á choimheád agus gan fhios aige i gceart ciaca bhí sé ann ná as. Bhí an rud uilig mar bhéadh brionglóid ann. Bhí an fear beag seo iongantach éagcoitchianta ina chuma le cois bheith caoch. Bhí a lámha mór, ach bhí deanamh deas ortha. Bhí an doimhneacht san ucht agus an leithne mhór sin ins na guailneacha a thaisbeáin go rabh urradh ann nach mbíonn i ngach duine. Ach ba mhillteanaighe ná an t-iomlán an dreach urchóideach a bhí air. Bhí sé folamh ar fad ó'n fhéachaint shochmaidhe shíothchánta a bhíos le feiceáil de ghnáth i n-aghaidh an daill.

Le sin labhair an fear arís i nguth nach rabh mórán ní b’airde ná cogar.

“Cé thú féin, agus goidé tá de dhíth ort?”

Thoisigh Jim a smaomteadh go tiugh. Ar chóir dó a rádh gur síoth-mhaor a bhí ann, agus cunntas a éileamh fá’n choir? Dá ndéanadh sé sm, chaithfeadh sé leanstan do’n chur i gcéill - rud nach dtiocfadh leis, dá dtigeadh an mhuinntir eile arais. Agus do réir chosamhlachta bhi coinne ag an fhear chaoch leó, nó, ar chaoi ar bith, le fear éigin darb' ainm Monty. B'fheárr dó gan sin a dhéanamh.

L 33

Gheobhadh sé níos mó de eólas ach fanacht ina thost. Níor dheacair éalódh ar an diabhal bheag seo, dá mbíodh gádh leis. Dá sáruigheadh ar gach dóigh eile, ní bhéadh moill a chnagadh. Ach go díreach le sin tháinig rud nach rabh sé ag dréim leis. D'áirigh sé gliog, agus bhí an seomra dubh dorcha.

Ar feadh bomaite níor thuig sé goidé ba chiall leis an gníomh seo. Annsin mhothuigh cé anál íseal ag n-a thaoibh. Níor mhisde do'n námhaid a bheith gan solus, ach ba mhisde dó-san sin. Thug sé coiscéim ar gcúl go tapaidh. Rinne an fear eile meangadh beag gáire go suaimhneach. Leagadh lámh ar bhrollach a léineadh; agus le sn chuala sé an meangadh gáire arís.

“Culaith tráthnóna,” arsa an dall i gcogar tú an fear amaideach,”

Chuaidh Jim ar a chúl arís, ach bhí fhios aige i rith an ama go rabh an fear eile ina dhiaidh. Le sin féin tháinig mothughadh eile air-mothughadh a rabh comh beag sin de chleachtadh aige air le linn a shaoghail gur dhiúlthuigh cé tabhairt isteach dó. Bhí eagla ag teacht air. Bhí fonn as cuimse air chomhair a bheith nach dtiocfadh leis a chosg a racht a leigint amach go fiadhain, agus greadadh uaidh dá dhorna an méid a bhí ina chorp.

D'éist sé go díthcheallach. An tarraingt anála sin a mhothuigh sé ag n-a ghualainn chlí? Tharraing sé a shean- bhuille, agus leig cé mionna nuair a bhuail sé a dhorn i n-éadan an bhalla. Agus annsin arís chuala sé an meangadh fuathmhar gáire sin as áit éigin i lár an tseomra.

Spreag smaointeadh nua é anois. Dá mbíodh solus sa tseomra, ghoillfeadh sé gó mór air fear caoch a bhualadh. Ach níorbh' ionann an cás anois nuair a bhí sé sa dorchadas. Badh ag an námhaid a bhí an bhuntáiste uilig. Chnagfadh sé an diabhal beag, agus annsin gheobhadh sé gach eólas eile dárbh' fhéidir leis, agus bhainfeadh sé na bonnaí as. Ach go díreach nuair a bhí an méid seo socruighthe ina intinn aige

L 34

mhothuigh cé gliog mar bhéadh cóifrín ag drud. Bhí an fear caoch ag an chrinlín.

Thug sé coiscéim 'un tosaigh, agus bhuail a chos ar cathaoir. Cé'n áit faoi Dhia a rabh sé? Níor chuimhin leis aon chathaoir a bheith san pháirt sin de'n tseomra ar chor ar bith Bhí se ’un sioparnaigh glan. Ní rabh fhios aige go fiú ce'n bealách a rabh an doras. Agus ní rabh fhios aige cá rabh eochair an tsoluis. Agus nuair a smaointigh sé ar an tsolus leig cé gáire beag goirid. Bhí sé leigthe ar dearmad aige go rabh bosca de sgaith na lasán ma phóca aige. Thoisigh sé a dh’útamail i bpócaí a chóta, agus annsm nuair a bhí cé ró-mhall, thuig sé comh h-amaideach a's bhí se aige gáire a dhéanamh. Ní mó ná gur mhothuigh sé go rabh lámha leagtha ar a chúl nuair a bhí siad ar a dhá ghualainn, Baineadh craitheadh as annsin, agus bhí cosa an fhir chaoich thart fá h-a chorp, agus a dhá sgiathán casta thart fá n-a mhuineál.

Bhí sé ion-tuigthe ó thús goidé mar rachadh seo, ach ni rabh umhail ag Jim ar dhadaidh ach ar an fheirg a bhí air leis féin cionn 's a bheith ina amadán. D'aindeóin gur fear ani-láidir a bhí ann, bhí fhios aige go rabh an fear caoch ion- churtha leis maidir le neart na sgiathán. Le n-a chois sin bhí an troid ina éadan ar gach dóigh. Ni furas a leithéid de ghreim a sgaitheadh ar an chláiríneach beag is lugha bhrigh ar bith ach i dtaca le h-amhas de'n chineál seo a chaitheamh de, níorbh' fhéidir é. Agus bhí fhios aige sin.

D'fhéach sé an méid a bhí ina chorp an greim báis a bhí fá n-a mhuineál a sgaoileadh. D'fhéach sé annsin leis na cosa. Agus nuair a d'fhéach chuala sé annsin de'n tíomhadh h-uair an meangadh gáire. Stróc sé leis thart an seomra go dtí gur bhuail sé an balla. Chuir sé leis thart an seomra go bhrúigh sé an t-ualach ina éadan arís agus arís. Dá n-éirigheadh leis an anál a bhainte den bhrúid bhig, bheadh seans aige go fóill. Ach amach ó chnead feirge le gach

L 35

cnag ní rabh maith ann. Ní thearn an greim fá n-a mhuineál
ach teannadh.

Bhí sé ag éirighe lag, agus chuir sin ar stéill mhire é. Thoisigh sé a thuisleadh anonn agus anall an seomra, agus an gleó ina chluasa ag éirghe ní ba láidre. Bhuail sé an crinlín uair amháin agus fhobair dó tuitim. A sháith i gceart a thug sé dó é féin a shábháil. Ach badh é sin an sméach dheireannach. Bhí a chuid sgamhóg ag bléasgadh. Bhí na féithe i gclár a éadain ina seasamh amach mar bhéadh téadaí ann. Ní rabh ann ach gur léir dó gur lasadh solus an tseomra go tobann, agus go rabh beirt fhear ina seasamh ag an doras. Le sin thuit sé go trom ar a bhéal agus a shrón agus ní rabh meabhair aige ar níos mó ...


Nuair a dhúisigh sé bhí sé i seomra beag, lom. Bhí na ballaí nighte le h-aol geal. Maidir le trioc ní rabh ann uilig ach an leithsgéal de leabaidh iongantach chruaidh a rabh sé ina luighe uirthi. Bhí cuma iongantach dhaingean ar an doras. Bhí barraí ar an fhuinneóig. Le sin stánuigh sé thart ar feadh bhomaite ag iarraidh a bheith ag aithne goidé mar a bhí.


Chuimhnigh sé ar gach rud do réir a chéile. An cruitíneach caoch: an fear marbh : teach an chearrbhachais. Agus cé’n áit faoi an rí a rabh sé anois? Shuidh sé aniar sa leabaidh. Bhí a chuid bróg tugtha ar shiubhal. Le sin féin bhuail léarodh tuigse é. Bhí sé i gcarcair síoth-mhaor!


Bhí blas samhnasách ina bhéal, blas a rabh fhios aige go maith goidé d'fhág ann é. Uair amháin, nuair a bhí sé ion- gantach óg, cuireadh a chodladh le drug é sa domhan thoir, agus an blas a fhágas an drug ina dhiaidh ní féidir gan a aithne arís. I ndiaidh a thachtadh go dtí go rabh sé gan mheabhair gan mhothughadh, cuireadh drug de chineál éigin síos a sgórnaigh. Bhí an méid sin soiléir.


D'amharc sé ar an fhuinneóig. Bhí solus na gréine ag dórtadh isteach. Chuaidh sé a dh’amharc cá rabh a uaireadóir annsin, ach fuair sé amach gur tugadh uaidh é.

L 36

“Musgailte, an bhfuil? Caoch ar meisge: creidim go ndéanfadh sé cúis a rádh mar sin - goidé do bharamhail?”

Labhair an fear go lághach croidheamhail, agus le sin chuaidh ag Jim éirghe ina sheasamh.

“Dá gcuirtheá, ní bhéadh an ceart agat, a mhaoir" ar sé go tur. “Tugadh drug damh, a mhic. Drug! Agus an tráth seo de mo shaoghal, fosta dar fiadh! 'Gheall ar an tsaoghal, tabhair damh braon uisge. Tá mo bhéal mar bhéadh áith aoil ann.”

Sgairt an maor amach órdughadh, agus annsin d'amharc sé go géar ar Jim .

“Tugadh drug duit, ar tugadh? An bhfuil tú cinnte”

“Cinnte? Is maith an bharamhail go bhfuil mé cinnte.” D'ól sé deoch fhada uisge a thug constábla isteach.

“Dá mbíodh gleó diabhal Ifrinn in do cheann, agus do bhéal mar bhéadh carn aoiligh ann, bhéitheá cinnte.”

“Níl mé 'á shéanadh,” arsa an maor, “ná go rabh cineál de thuairim agam féin gur mar sin a bhí. San am chéadna níl cuma ort gur baineadh dadaidh díot. Tá” - d'amharc sé ar phíosa de pháipeár a thug sé amach as a phóca - “tá uaireadóir óir leat againn, agus cása toitíní agus sé phunt agus fiche agus cúig agus tuistiún de airgead. Anois, deir tú gur tugadh drug duit. Cé thug duit é, agus cé'n áit?”

“Ní thig liom ainm an fhir a innse duit,” arsa Jim go dúr, “d'aindeóin go bhfuil rún agam a fhagháil amach an chéad uair a gheobhas mé seans. Ní thig liom ach oiread a innse duit go cruinn cá bhfuil an áit. Ní thig liom a dhul níos deise dó ná gur i n-áit éigin i Hampstead a bhí me.”

“I Hampstead!" arsa an maor de sgairt.

“ I Hampstead!”

“ 'Seadh : goidé fá dtaobh de? " arsa Jim go grosach.

“ Ar chaoi ar bith, tá fhios agat cá bhfuil tú anois, nach
bhfuil fhios?”

L 37

“Níl oiread agus tuairim agam. Goidé an dóigh a mbéadh?”

“Tá tú i Streatham, a dhuine. Fuair constábla a bhí amuigh, fuair sé thú ar fhaithche Streatham ar a seacht a chlog ar maidm indiu.”

“Goidé an t-am atá sé anois? " d'fhiafruigh Jim.

“Go díreach leath uair druidte i ndiaidh an trí. Tá tú maol marbh chomhair a bheith le h-ocht n-uaire.”

Stánuigh Jim an t-oifigeach ar feadh tamaill gan dadaidh a rádh. Bhí a inchinn ag toiseacht a dh'oibriughadh mar ba chóir arís, agus thuig sé go gcaithfeadh sé a chuid smaointe a dhéanamh go cineál tapaidh. Bhí sé soiléir go leór ar dhóigh goidé thárla. I ndiaidh an drug a thabhairt dó, badh é an rud a rinne siad a chur i gcarr agus a thabhairt comh fada a's tháinig leó ó'n áit a dtearnadh an gníomh. An bheirt fhear a chonnaic sé go díreach sul ar chaill sé a mheabhair glan, badh iad-san a b'éigean a dhéanamh. Ach bhí aon nidh amháin a chaithfeadh sé a shocrughadh gan a thuilleadh moille. Ar chóir dó an sgéal uilig a innse do'n mhaor nó nár chóir.

Ba chuma comh fírinneach agus d'innseóchadh sé é, bhí an sgéal cineál do-chreidte. É i dteach éigin nach rabh fhios aige a ainm, agus ar bhóthar éigin nach rabh fhios a ainm ach oiread — i n-áit éigin i Hampstead fuair sé fear marbh. Annsin d'ionnsaigh cruitíneach caoch éigin é féin, agus tugadh drug dó. Dá n-innseadh sé seo uilig, bhéadh sé de fhiachaibh ar na síoth-mhaoir dearcadh isteach sa cheist agus chuirfeadh sin a ainm i mbéal gach duine. Agus níor mhian leis sin a dhéanamh. Bhí an-fhearg air, agus bhí a intinn déanta suas ar fad aige tabhairt faoi an cheist ar a dhóigh féin. San am chéadna thuig sé gur i Sasain a bhí sé anois, agus dá mbíodh sé gan dadaidh a rádh fá'n dún-mharbhadh, agus an fhirinne a theacht amach, bhí sé 'á chur féin i gcontabh- airt an dligheadh a theacht sa mhullach air siocair a bheith rann-pháirteach sa choir. Goidé ba cheart dó a dhéanamh, mar sin? Bhí cuma ar an mhaor go rabh sé ag toiseacht as

L 38

dh'éirghe amhrasach fá’n dóigh a rabh sé ina thost, agus chaithfeadh sé rud éigin a rádh.

“An bhfuil eólas ar bith agat fá dhream daoine a bhfuil teach príobháideach cearrbhachais aca i Hampstead?” d'fhiafruigh sé.

“Ní mórán a bhéadh fhios againne fá dtaobh díobhtha annseo, agus i dtaca le goidé tá fhios ag na síoth-mhaoir shuas annsin, ní thig liom a rádh. Goidé tuairim na h-áite i Hampstead?”

“Níl fhios agam,” arsa Jim. “Tá seans go n-aithneóchainn an bóthar, ach maidir leis an teach, nil mé cinnte.'

“Badh é seo an chéad uair duit a dhul ann, mar sin?”

“Badh é.”

“Ach muna bhfuil fhios agat an teach nó an bóthar goidé
mar fuair tú dul isteach?”

“Thug fear a casadh orm isteach mé,” arsa Jim.

“Strainséir a bhí ann ach bhí cuma mhacánta go leór air.”

“Cinnte, tá fhios agat cá h-ainm é?”

“Tá mé buadhartha, ach tá eagla orm nach bhfuil fhios. Tá dúil agam san imirt agus dhearbhuigh sé damh gur dream ionnraic a bhí san ait seo. Ach níorbh' eadh; agus sin anois a bhfuil de. Thoisigh mise a dh'éirghe garbh leó, agus is é tháinig as mo chuid amaidighe gur cuireadh drug in mo chuid biotáilte,”

“D’aithneóchthá an fear arís, dá bhfeictheá é?”

“Dá bhfeicmn é — D'aithneóchainn cinnte,” arsa Jim.

“Agus gearr thusa marc ar mo fhocal go bhfuil rún agam
a chuartughadh.”

Chraith an maor a cheann.

“Bhal, is é a dtig liom - sa a rádh gurb' airidhe ort
a bhfuair tú. Fear uasal ar bith de d'aois-se, ba chóir go
mbéadh fios a ghnoithe aige níos feárr ná a cheann a chur
isteach ina leithéid de ghaiste.”

“Tá sin fíor, a mhaoir,” arsa Jim go suaimhneach,

L 39

“Rachaidh mé 'un cainnte le bunadh Hampstead ar an ghuthán go bhfeicidh mé an bhfuil eólas ar bith aca-san, ach muna dtig leat cunntas níos cruinne a thabhairt dúinn, tá eagla orm nach maith mhór a thig linn a dhéanamh.”

“Ar mhisde leat san am chéadna, a mhaoir, sgéala a chur go dtí 3B Half Moon Street - Grosvenor 3 x 21 — agus a rádh le mo ghiolla Brooke mo chuid éadaighe a thabhairt thart annseo chugam ar an bhomaite. Níor mhaith liom tiomáint fríd Lonndain san deilbh seo. Cogar,” ar sé annsm, ag déanamh gáire, “an bhfuilthear ag dul a chur síos damh go rabh mé ar meisge nó dadaidh mar sin?”

“Leigfimíd leat é an iarraidh seo,” arsa an fear eile. “Ach má ghlacann tú mo chomhairle-se seachnóchaidh tú an cmeál sm áite feasta.”

Le sin d’imthigh an t-oifigeach cóir agus dhruid sé an doras ma dhiaidh. Shuidh Jim síos ar an leabaidh. Amach ó' n tálach a bhí ina mhuineál, agus an tinneas cinn ní rabh sé dadaidh ní ba mheasa le linn a rabh sé i ndiaidh a theacht fríd. Thug sé cunntas ar an riocht ina rabh sé gan dadaidh do chailleadh ach amháin amadán a dhéanamh de féin i dtuairim an mhaoir, agus anois bhí an rud thart agus toil shaor aige tabhairt faoi an cheist ar a dhóigh féin.

Bhí Jim Maitland ar an daoraigh. 'Rádh a's de go bhfuighthí a shárughadh i Hampstead thar gach áit eile, go bhfuighthí a bhuaidh, go ndéanfaí amadán de! - chuir sin i mbarr a chéille é. Ach ó's amhlaidh nach rabh sé de locht ariamh air a bheag a dhéanamh dá námhaid d'admhuigh sé gur chuma cé an áit a gcasfaí iad, go mbéadh an fear caoch ábalta aige, ach é an bhuntáiste agus an fhaill chéadna a fhagháil a fuair sé aréir. Chaithfeadh sé a bheith ar a choimheád, mar sm, gan leigmt dó theacht air ar a leithéid de dhóigh arís.

Badh iad an bheirt eile ba mhó bhí ag deanamh buadhartha dó. B’fhéidir, d'aindeóin nach rabh ann ach b'fhéidir, go n-éireóchadh leis a n-aithne ar ghlór a gcinn. Ach ba chinnte

L 40

nach n-aithneóchadh sé iad ar dhóigh ar bith eile. Bhí sé ró- dhorcha taobh amuigh de'n tseomra le h-a n-aghaidh a fheiceáil; agus maidir leis an taoibh istuigh, bhí seisean ró-chlaoidhte le dadaidh a thabhairt fá dear ach go rabh beirt fhear sa tseomra. B'fhéidir nárbh' iad na fir chéadna, ar chor ar bith, iad. Ach badh é an rud ba mhó ghoill air de'n iomlán go rabh aithne shúl ag beirt de'n námhaid air, agus gan aon aithne aige-sean ortha. D’fhág sin bun mór aca air i dtús an rása.

Bhítheas i ndiaidh na neithe a fuarthas aige a thabhairt arais dó, agus le sm dhearg sé toitín. Bhéadh Percy i ndon ainm an bhóthair a thabhairt dó, agus maidir leis an teach bhí sé measardha cinnte go n-aithneóchadh sé féin arís é. Ach dá n-aithnigheadh féin, ar chabhair ar bith dó é? An rabh dadaidh eile le fagháil amach annsm? Thaitneóchadh sé go mór leis griosáil, agus griosáil mhaith, a thabhairt do'n fhear chaoch, ach níor mhórán cuidighthe sm, dá dtugadh féin, I dtaca le gur fhág siad an corp annsm, níor dhóiche é. Agus munar fhág, goidé rinne siad leis?

D'fhosgail sé an doras, agus sgairt sé ar an mhaor.

“Arbh' fhéidir go mbéadh páipéar an tráthnóna agat
annsin?” d'fhiafruigh sé.

Bhí an t-“Evening News” ar fagháil agus le sin d'amharc sé fríd na ceann-fhuagraí, Ní rabh aon trácht go bhfuarthas corp ar bith marbh. Chonnaic sé go mbéadh sé gan chéill aige ceist a chur ar an mhaor, agus mar sin de thug sé buidheachas dó agus thug arais an páipeár.

“Níl eólas ar bith aca i Hampstead ar aon teach cearrbhachais,” arsa an maor. “Béidh siad buidheach duit, má thig leat cunntas ar bith a thabhairt daobhtha. Béidh do ghiolla ag teacht ar an bhomaite le do chuid éadaighe.”

Chuaidh Jim arais go dtí an duir-theach agus dhearg sé toitín eile. Thámig aoibh gáire air nuair a smaointigh sé ar an aghaidh a bhéadh ar Bhrooke nuair a tchífeadh sé é san deilbh ina rabh sé fá láthair. Annsin d'éirigh sé dubhláitheach

L 41

arís : anois nuair a bhí a chunntas féin tugtha do 'n mhaor aige thoisigh amhras a theacht air go mb'fhéidir nar chríonna an cleas a rinne sé. I ndiaidh an iomláin, b'fhéidir nach rabh sa teangmháil uilig ach bruighean a d'éirigh as an imirt. Agus má’s amhlaidh nach rabh, rinne sé go díreach mar bhéadh ag fóirstin do na marbhthóirí. Níorbh' fhéidir leis a dhul ar a chúl sa sgéal anois.

“Do chuid éadaighe, a dhuine uasail.”

Thóg sé a cheann. Bhí Bhrooke ina sheasamh sa doras agus mála leis ma láimh.

“Agus seo nóta, a dhuine uasail, a thug teachtaire chun tighe ar maidm indiu.”

Bheir sé ar an litir agus d'amharc sé uirthi. Bhí an lorg láimhe coimhthigheach aige. Bhí leath-dhuilleóg páipeáir taobh istigh agus roinnt focal sgríobhtha air i litreacha móra.

Rinne tú brionglóid aréir: dhúisigh tú indiu. is feidir nach mbeidh tú comh h-ádmhail sis, má thárluigheann duit brionglóid a dhéanamh arís.

"Cé thug seo chun tighe?” arsa Jim go goirid

“Teachtaire gasúir, a dhuine uasail. I dtrátha an deich a chlog ar maidm indiu.”

“An bhfuil aon litir i bpócaí mo chóta tráthnóna, a Bhrooke?”

“Níl ach amháin seo, a dhuine uasail.”

Cuireadh a bhí ann, chuig dinneár puiblidhe, cuireadh a seóladh chuige go dtí Half Moon Street agus a sháith sé ina phóca ar shéala freagra do chur ar ais ó'n chlub. Agus badh é sin anois an dóigh a bhfuair siad amach é. Gan amhras bhí na díslí lódáilte go cineál trom i leith an námhad. Bhí aithne shúl aca air. Bhí fios a ainm aca. Bhí fhios aca cá rabh sé ina chomhnuidhe. Ach athrughadh ar bith dreacha ní tháinig ar a aghaidh. Dá mhéid dá mbéadh os a chomne, sin mar ba mhó bhainfeadh sé sult as an spairn.

L 42

Rud eile, d'aindeóin nach rabh fhios aca féin, bhí an taobh eile i ndiaidh earráid a dhéanamh nach dtiocfadh a léigheas. Ná b'ionann bagart a dhéanamh ar Jim Maitland agus cathuighthe a anama a chur air dul i ndeabhaidh le lucht an bhagair.