L 238
Caibideal XII.
Bhí na seóltóirí ag cur tharsta go tógtha. D'aindeóinnach rabh fhios aca-san dadaidh fá Jim Maitland,bhí fhios aca go gcaithfeadh sé go rabh neach éigindaonda ag obair, agus mar sin de go rabh duine éigin,ar chaoi ar bith, nach rabh ina phríosúnach.
Bhí cuma ar na h-arrachtaigh féin gur thuig siad seo fosta.An ceann a bhí ar tús - an ceann urraidh, do réirchosamhlachta - bhí comhrádh éigin ar siubhal aige le beirtde'n mhuinntir eile, agus gach dara bomaite stadadh siada dh’éisteacht leis an adhairc a bhí ag séideadh léithe goh-uaigneach go fóill.
Chinn siad ar rud éigin sa deireadh, agus le sin leigan ceann urraidh búirfe grosach, búirfe, do réir chosamh-lachta, arbh' ionann é agus órdughadh. Tugadh freagra airó chúl na toite, agus annsin chuala na príosúnaigh bogadachthéirimeach a chuaidh i n-éag go tapaidh i gcéin.
“Tá cuid de na brúidí ar shiubhal a chuartughadh,” arsaBilí go h-íseal leis an chailín. “Níl fhios agam goidéthiocfas anois?”
Níorbh’ fhada gur phill lucht na soillseán. An íodhbairta rinneadh cheana féin ní rabhthar i bhfad léithe.
“A Bhilí, tá siad ag teacht níos comhgaraighe."
Bheir an cailín greim sgiatháin air go sgeónamhail, lelinn triúr aca ag iomchar soillseán a theacht isteach i láran chiorcail príosúnach. Le sin chuadar ar a nglúine ilíne agus d’fhan siad mar sin gan bogadh asta, ach a súileglinneamhla sáithte i mbéal na pluaise. Bhí rud éigin agtarraingt ortha ar aghaidh an phasáiste.
Dá mhéad eagla dá rabh ar na príosúnaigh thug ant-iongantas ortha stánughadh isteach sa dorchadas. Goide
L 239
an t-uathbhás nua a bhí siad ag dul a fheiceáil? Chonnaicsiad é sa deireadh, d'aindeóin nach rabh ann ach sin leisan toit, ag teacht ar aghaidh go mall coiscéim ar choiscéim.Ceann eile de na h-arrachtaigh a bhí ann agus bhí ualach éiginleis eadar a dhá sgiathán. Tháinig sé ’un tosaigh troigh arthroigh, agus annsin chrom sé síos agus d'fhág síos ant-ualach ar an talamh, i riocht go rabh sé le feiceáil gosoiléir fá léaródh na soillseán. Go fiú Bhlackett narbaineadh geit as leis an iongantas. Badh é an cruitíneachcaoch a bhí san ualach.
“A Rí na bhfeart!" arsa Bhilí i gcogar le Judy,“tá siad ’á adhradh. Síleann siad gur cineál de dhiaatá ann."
An triúr a rabh na soillseáin leó, d’umhluigh siad síosarís agus arís go dtí go rabh clár a n-éadain ag bualadhan talaimh, agus san am chéadna thoisigh gleó domhain glórthaísa dorchadas ar a gcúl, gleó a mhéaduigh i bhfuaim go dtígo rabh siad chomhair a bheith bodhar aige. Stad sé annsingo tobann; dhírigh lucht na soillseán iad féin suas;d'éirigh gach rud ciúin. Ní rabh bogadh as dadaidh ach asan chruitíneach. Bhí a cheann ó thaoibh go taoibh aige leisan duh-eagla.
Le sin féin thoisigh ceann de na h-arrachtaigh ar rudéigin a bhí cosamhail le óráid. Fuaimeanna nach rabh amhrasar bith ná gur focla a bhí ionnta cuireadh le chéile iad inaráidhte.
Ní rabh ann uilig ag Bhilí ach gleóiréis gan chéill. Níthiocfadh leis bun ná bárr a dhéanamh de’n deilín. Chualasé focal uair nó dhó ar dhóigh leis go rabh fuaim Spáinneachleis, ach taobh amuigh de sin ní rabh ann ach briathrachas nachrabh dul aige tuigse ar bith a bhaint as, agus eadar sinagus gal na soillseán 'á phlúchadh bhí sé chomhair a bheith ganmheabhair. Bhí greim aige ar láimh Judy, agus bhí fhios aigeó’n dóigh a rabh a ceann ag tromadh ar a ghualainn agus aran dócamhail a bhí ina h-anál go rabh an radharc ag goillstean
L 240
uirthi-se mar an gcéadna. B'amhláidh a b'fheárr, smaointighsé. Le cuidiughadh Dé d'fhanóchadh sí sa riocht sin go dtígo dtiocfadh Jim Maitland - sin má bhí sé le theacht achoidhche.
Le sin féin thoisigh fear de na seóltóirí ós a gcoinnea chur thairis go tógtha i dteangaidh Bhrazil, agus thug Bilíair féin éisteacht dá aindeóin. Ní rabh ann go díreach achgur thuig sé brígh na cainnte, ach bhí go leór annsin le n-abhéal a thiormughadh, agus le tabhairt air a sgiathán atheannadh fá'n chailín. Íodhbairt - smaointigh sé ar an rudchéadna cheana, ach bhí súil aige nach dtárlóchadh a leithéidgo ceann tamaill. Anois, ó'n sgreadach a bhí ar an fhearseo, bhí an íodhbairt le bheith ann ar an bhomaite, muna ...D'éist sé go díthcheallach, agus annsin thoisigh sé féin asgairtigh fosta.
“Druid suas, a chlaitsigh cháidhigh," sgairt sé. “DarDia! dá dtigeadh liom dul fhad leat, ghearrfainn ansgeadamán agat."
Stad na h-arrachtaigh mar bhéadh iongantas ortha leisan chur isteach thobann seo, agus tharraing Bilí é féinina sheasamh.
“Cogar, a fhir chaoich," ar sé, “níl fhios agam cáh-ainm atá ort, ach éist liom go cúramach.”
D'iompuigh an cruitíneach a aghaidh chráidhte an bealacha rabh Bilí.
“Tá na rudaí seo a bhfuilimíd gaibhte aca de’n tuairimgur cineál de dhia atá ionnat-sa. An dtuigeann tú mé?Rud ar bith a déarfaidh tusa dhéanfaidh siad-san é. Isagat-sa tá sé le socrughadh goidé mar bhéas. Anois tábean uasal annseo, agus caithfear duine éigin a íodhbairtduit-se. Caithfear, agus ar an bhomaite. Agus caithfimídfad a bhaint as na gnoithí, an dtuigeann tú? Tá seans gosábháilfear sinn go fóill. Agus ó’n méid adeir ancneamhaire Ifrinn sin thall, is é bhí 'á rádh ag na péisteseo gurab í Miss Draycott an íodhbairt, sin nó seisiúr
L 241
againne. Anois, béidh mise ar dhuine de'n tseisiúr, achcomh cinnte a's tá Dia ós mo chionn, muna h-abraidh tusago dteastuigheann uait ise do spáráil, toiseóchaidh mé ortagus muirbhfidh mé féin thú.”
“Goidé mar thig liom-sa dadaidh a rádh," ars’ ancruitíneach go creathach, “nuair nach bhfuil fhios agam andóigh le labhairt leó?"
“Fág fúm-sa é," arsa seóltóir Bhrazil i mBéarlabhriste. “Innseóchaidh mise daobhtha. Cuirfidh mise idtuigse daobhtha é. Goidé sin? Seisiúr againne - archailín amháin. A Shasanaigh bhradaigh.”
Le sin thoisigh sé ina theangaidh féin, agus tháinig tuilechainnte as a bhéal. An triúr a rabh na soillseáin aca,d'amharc siad air.
Le sin féin theann Judy ar sgiathán Bhilí.
“Éist," ar sí go díthcheallach. “Nár chuala tú rudéigin? "
“Níor chuala mé ach an dágó damanta sin,” ar seisean.
“Goidé bhí ann, a bhean óg?"
“Sin é! Sin é, arís!" Bhí sí uilig ar crioth armhéad a's bhí sí corruighthe. “A Bhilí: guth a bhí ann.Guth Jim a bhí ann."
“Ní féidir le Mr. Maitland a bheith annseo ó’ntsoitheach go fóill."
“Is cuma liom. Badh é sin a ghuth. Ó! éist, a Bhilí,éist!"
Chuir an seóltóir cluas air féin, agus an bomaitecéadna sin tháinig tost tamall beag ar an tseóltóir ósa gcoinne. Ní luaithe a tháiniig ná chuala siad as áit éiginós a gcionn guth íseal ag rádh.
“Adhraigidh an cruitíneach."
Guth Jim Maitland a bhí ann. Do réir chosamhlachtaníor chuala an mhuinntir eile é, agus le sin d’iompuighBilí thart.
L 242
“Tá an ceart agat," ar sé. “Mr. Maitland atáann, Déanaimís mar adeir sé."
Bhí fear Bhrazil ag cur thairis arís nuair a chuaidh Bilí'un tosaigh, agus Judy leis ar ghreim láimhe, go dtí lárchiorcail an tsoluis. Chaith siad iad féin síos ar an talamhós coinne Dresler annsin. Bhí oiread iongantais ar antseóltóir leis an athrughadh nua seo gur stad sé de chainnt.Bhí na brúide 'á gcoimheád agus gan bogadh asta. Le sinthuig an cruitíneach féin go rabh rud éigin ait ar siubhalagus sgairt sé amach i nguth sgeónamhail.
“Goidé tá ann!" ar sé, “'Gheall ar Dhia innsigidhdamh é. Tá mé ag dul as mo chéill."
“Coinnigh leis, a Mhiss," arsa Bilí go h-íseal. “nílde sheans againn ach é. A Dhia na Glóire! goidé tácearr anois?"
Bhí bogadach éigin i ndiaidh toiseacht go tobann measgna n-arrachtach, agus thug Bhilí fá dear go rabh léas sholuisag oibriughadh thart fá na ballaí. Thoisigh an gliadar agusan ghleóiréis shíorraidhe aca eatortha féin agus iad 'áchoimheád. Annsin d'umhluigh an t-iomlán aca. Teachtaireachtó n-a ndia a bhí sa tsolus, dar leó. Amannaí shoillsigheadhan solus ar na néallta deataigh. Annsin nuair a gheibheadhsé réidhteach, pholladh sé isteach fríotha, ach bhogadh sé leisi gcomhnuidhe go dtí gur stad sé sa deireadh ar antseóltóir a bhí ar obair ag cainnt arís, mhair sé ain-sean gan bhogadh, go dtí go dteachaidh a ghuth i n-éag agusé ina sheasamh annsin ag amharc suas go bómánta.
Le sin leig ceann de na h-arrachtaigh uaill, agus antriúr a rabh na soillseáin aca thug siad léim sa mhullachar fhear Bhrazil, agus gach aon sgread aige mar bhéadhgearrfhiadh gonta ann. An ceann a thug Dresler isteach,bheir sé ar an chruitíneach agus thóg sé suas é, agus i gcúplabomaite bhí na h-arrachtaigh uilig ar shiubhal. Bhí, agus anseóltóir as Bhrazil. Bhí na príosúnaigh leó féin sadorchadas arís.
L 243
Ach maidir le Judy ba neamh-ionann an cás anois, darléithe. Bhí Jim i láthair, agus bhí rud eigin ag innse díthego rabh sé ag dul a sábháil.
Le sin féin chuimhnigh sí go rabh Bilí ag cainnt.
“Ní thig liom a dhéanamh amach," ar sé. “Caithfidhpoll éigin a bheith ar uachtar ar shoillsigh sé lóchrannaibhléise fríd. Agus annsin d’oibir sé ar bhaoith-chreideamhna rudaí seo. Ach goidé mar fuair sé theacht an fadseo? Goidé an dóigh a rabh fhios aige cá rabhamar? Agusgoidé mar tá sé ag dul a dh’imtheacht ortha anois?"
Bhí an gleó céadna ag teacht ó bhárr a tháinig leis anchéad íodhbairt. Bhítheas ag déanamh le seóltóir Bhrazilmar a rinneadh leis an tSasanach. Le sin chumhduigh Judya cuid cluas le n-a lámha, féacháil le gan an duine donaa chluinstin ag béicighil. Stad siad sa deireadh, agus arfeadh tamaill bhi gach rud ciúin.
Bhíodh Judy ag coimheád ó am go h-am bealach anphasáiste, ag súil agus ag guidhe le go dtaisbeánfadhsolus lóchrainn Jim go tobann, nó go gcluinfeadh sí aghlór dhá comhair. Ach d'fhan an dorchadas mar a bhí séagus glór níor chuala sí ach an gleó caointe a bhí ag andume bhocht shuas ós a gcionn.
Agus anois nuair a bhí siad ar an tsuaimhneas thoisighsí a dh'iarraidh eagar éigin a chur ar a cuid smaointe.Gan amhras, bhí an ceart ag Bilí. Cibé fáth bhí aca leis,bhí an cruitíneach caoch ina chineál de dhia ag na péistemillteanacha seo. Bhí agus má bhí sábháil le déanamh ortha,badh air-sean, do réir chosamhlachta, a bhí a seans ag brath.Ach, ar an droch-uair - agus níorbh' iongantas ar bith é - bhíníos mó eagla air féin ná bhí ar aon duine aca. Bhí gléasortha-san, cibé eile, bhí gléas ortha a fheiceáil goidé bhí ósi a gcoinne: ach chaithfeadh an chúis a bheith dhá uair comhcreathnach dó-san. Bhí sé neamh-chumasach glan eadar alámha. Muna mbéadh ann ach iad ’á thógáil agus 'á iomchareatortha, bheadh go leór ann le n-a chur as a chéill. Agus
L 244
dá dtárluigheadh sin - goidé mar bhéadh anns? Níor chabhair é le cuidiughadh le aon duine aca éalódh ar chaoiar bith.
Chuaidh an t-am thart go mall; ach ní rabh iomrádh arbith ar Jim. Tar éis tamaill thoisigh sí a chailleadh ah-uchtaighe. Goidé thiocfadh le fear amháin a dhéanamh in-aghaidh an sgaoi de phéiste millteanacha seo? D’aindeóingur fhear an-urradhanta a bhí i Jim, bhí fhios aici nach mbéadhsé ach mar bhéadh leanbh ma lámha. An rabh ann ach gur chuirsé ar gcúl tamall an rud nárbh' fhéidir a sheachaint? Anmbéadh sí ní b'fheárr, dá mbíodh Bilí gan an sgian a dhruid?Le sin spreag smaointeadh sgáthamhail eile í. B'fhéidirgur gaibhte aca cheana féin a bhí sé. 'Seadh, agus é marbhaca. Thiocfadh go mb'fhéidir gur ó Jim fém a tháinig cuidde'n sgreadach sin. Má badh uaidh smaointigh sí annsingur chuma léithe goidé d'éireóchadh díthe.
Ach d'éilimh an nádúir a ceart sa deireadh, agus thoisighsí a thuitim a chodladh. Bhí an mhuinntir eile uilig inagcodladh thart fá dtaobh díthe, ach amháin Bilí a bhí 'áchoinneáil féin musgailte dá aindeóin féin ar eagla gobhféadfadh teachtaireacht eile a theacht ó Jim. Agus badhé an greim tobann a fuair sé ar a sgiathán a dhuisigh í -sin agus marbh-thormán mór a dteachaidh an talamh uilig arcrioth ina dhiaidh.
“Goidé tá ann, a Bhilí?" ar sí de gheit.
“Bhí sé cosamhail le pléasgadh," ar seisean. “Agustháinig sé as i bhfad ar shiubhal. Tá cuma air gur dhúisighsé na péiste, fosta."
Shuas ós a gcionn thiocfadh leó na h-arrachtaigh a chluinstinag bogadaigh agus ag cainnt le chéile go tógtha. Agusannsin tháinig buirfe as i bhfad ar shiubhal; annsin tháinigceann eile ní ba dheise do bhaile. Tháinig, agus ceann eilearís chomhain a bheith ag a dtaoibh. Bhí rabhadh dhá chur frídan fhoraois, agus thug na beithidhigh ar uachtar toradh airar an bhomaite. Thoisigh an gleó. Bhí an talamh ós a gcionn
L 245
ar crioth comh mór sin gur cuireadh cnapáin chriadh as an-áit agus gur thuit siad anuas sa mhullach ortha.
“Ní féidir gur gunna mór a bhí ann," arsa Bhilí“Níorbh' fhéidir go mbéadh long cogaidh annseo; agus dámbíodh féin, ní sgaoilfeadh sí."
Dhearg sé lasán agus d’amharc sé ar a uaireadóir.Bhí sé fá dhá uair do'n lá. Bhí sé go díreach 'á chur as arísnuair a thuit a shúil ar phíosa chasta de pháipéar a bhí maluighe ag a chosa. Thóg sé suas é agus d'fhosgail sé amaché. Nóta ó Jim a bhí ann.
“Ó Mhr. Maitland é," ar sé go téirimeach. “B'éigeandó leigint dó tuitim anuas nuair a labhair sé linn an t-amudaidh. Léigh thusa é fhad a’s bhéidh mise ag deargadh tuilleadhlasán."
Chrom siad air agus a dhá gceann buailte ar a chéile.
“Ná bíodh eagla oraibh, is cuma goidé thiocfas.Leanaigidh mo chomhairle-se go h-iomlan, agus béidh linngo fóill. Má sháruigheann gach rud eile orm tá gunnapóca agam. I ndiaidh an phléasgtha an t-am is measa achuirfeas oraibh. Nuair a chluinfidh sibh sin, coinnigidh bhurgceann de chomhair a chéile." Sin mar bhí sa nóta.
“Sin anois," arsa Bilí “Agus seo chugainn napéiste arís."
Bhí lucht na soillseán ag pilleadh arais isteach anpasáiste. Bhí an chuid eile ina ndiaidh. Ba léir go rabhsiad tógtha go h-iongantach. Bhí gnúsachtach chonfadhach agteacht ó gach taoibh agus theann na príosúnaigh suas leisna ballaí leis an eagla. I n-áit an cruitíneach a chursíos go réidh ar an talamh, caitheadh síos é comh tréan singur luigh sé annsin leath i laige. Do réir chosamhlachta bhía sheal tugtha mar dhia. Le sin thoisigh ceann urraidh nambrúide, agus an-chuma ar a aghaidh le dearg-mhire. Thoisighsé a thuisleadh thart fá'n chiorcal príosúnach ag baint láni na súl as gach duine aca ar a seal.
Ach stad sé sa deireadh go tobann, agus d'éirigh siad
L 246
uilig ciúin. Bhí an léas sholuis ag soillsiughadh thart arísagus a n-aghaidh tógtha leis, agus fuair Judy greim láimhear Bhili. Bhí Jim annsin arís. Bhí an solus ag rinnceleis anonn agus anall go dtí gur stad sé sa deireadhdíreach ar an chruitíneach agus níor bhog sé as sin. Lesin féin leig ceann de na brúide búirfe feargach agusrug sé greim air.
An bomaite a rug thoisigh an solus a bhogadaigh arís,agus thoisigh na brúide móra 'á choimheád. Goidé aníodhbairt eile a thiocfadh a bheith de dhíth ar a ndia ach anmealltóir bréagach seo? Bhog an léas thart agus tharttimcheall an chiorcail ag lasadh suas gach aghaidhe ar a sealagus annsin ag dul ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile.Le sin féin smaointigh Bhilí ar an litir.
“Coinigidh bhur gceann le chéile."
Chlaon sé anonn go rabh a leiceann buailte le leiceannJudy.
Thiocfadh leis a corp a mhothachtáil ar crioth. Ní rabh ansolus ach beirt uatha. Bhog sé arís; agus annsin arís.Thaisbeáin a dhá n-aghaidh go glan sa tsolus, agus le sind’fhán an solus socair.
Bhí ceann de na brúide aca de léim. Chuaidh an solusas agus baineadh stad as an bhrúid. Shoillsigh sé amacharís, agus le sin tháinig an t-órdughadh ó uachtar, “éirigidh."Chuidigh Bilí léithe-se éirghe, agus an solus ina n-aghaidh legach bhogadh. Le sin tháinig beirt de na brúide chuca arís.Ní luaithe a tháinig ná chuaidh an solus as ath-uair. Sheasna brúide. Ba léir nár theastuigh ó n-a ndia iad baintleis an beirt seo.
“Siubhailigidh.”
Órdughadh gearr eile, agus thoisigh siubhal bealachbhéal na pluaise agus an léas sholuis ag lasadh suas a gcinnarís. Chruinnigh na brúide thart ortha gur shíl Judy gorachadh sí i laige leis an eagla. Ach níor bhain siad dithe
L 247
agus thuisligh sí ar aghaidh an pasáiste cumhang agus Bilíag tabhairt taca díthe le n-a sgiathán.
Bhí an solus ó uachtar stadta anois. Ní rabh achbladhaire buidhe na dtrí soillseán leis an bhealach athaisbeáint daobhtha. Thiocfadh léithe aghaidh chráidhte anchruitínigh a fheiceáil ós a coinne, agus é dhá iomchar amachag ceann de na brúide, agus d'aindeóin a dtearn sé deolc ariamh, ní rabh neart aici ar thruaighe a bheith aici dó.Ní thiocfadh leis tárrtháil ar bith a thabhairt daobhtha anois.Ní rabh ann go díreach ach íodhbairt comh neamh-chumasachleóbhtha féin.
Fuair siad dul amach faoi an aer sa deireadh, agusnuair a fuair d'ól sí isteach go sanntach ina cuid sgamhógé go dtí gur mhothuigh sí í féin ní ba dhaingne ar a cosa.Bhí sí crochta as sgiathán Bhilí go fóill, agus le sind’amharc sí thart leath ag guidhe go bhfeicfeadh sí Jim.Bhí sé dorcha, ach ní rabh dadaidh ann de'n dubh-dhorchadasa bhí sa phríosún faoi thalamh a rabh siad i ndiaidh a theachtas. Nuair a d’éirigh a cuid súile cleachtuighthe leis chonnaicsí go rabh siad ina seasamh i dtreall mhór réidhtighthe. Bhísgáilí na n-arrachtach ag bogadaigh thart, agua bhí beirtde na beithidhigh ina seasamh chomhair a bheith ag a dtaoibh.Le sin chuir ceann aca amach a lámh agus leag sé ar agualainn í.
Leig sí sgread bheag, agus theann sí ní ba chomhgaraighedo Bhilí. Ach d'fhan an lámh ar a gualainn, agus annsinmhothuigh dí í féin dhá dingeadh 'un tosaigh, agus an seóltóirle n-a taoibh. Chumhangluigh an réidhteach go dtí nach rabhann ach rian, rian a leathnuigh amach arís ar réidhteach eile,Le sin theann an t-arrachtach a ghreim go dtí go mb'éigeandíthe seasamh.
B'iongantach comh ciúin a’s bhí na brúide. Thiocfadhléithe an loinnir a bhí ina gcuid súile a fheiceáil, agusiad crom ina leath-chiorcal thart timcheall uirthi. Ant-arrachtach a rabh an cruitíneach leis, bhí sé ós a coinne
L 248
amach, agus bhí rud éigin ag a chosa a rabh marbh-loinnir as.Díog uisge a bhí ann. Agus ar an taoibh eile de'n uisgení rabh dadaidh.
Le sin féin thoisigh gleó éigin cosamhail le osnaighilimeasg na gcoimheádaidhthe suaimhneach, agus rug Bilí greimsgiatháin uirthi. Bhí an dorchadas ar an taoibh eile de’nuisge dá lasadh suas go mall. An bheitheadhach a rabh greimaige ar an chruitíneach chaith sé an t-ualach ar an talamhagus shín sé é féin ar a bhéal agus a shrón. Chaith an chuideile iad féin síos mar an gcéadna, do réir mar bhí bríghag teacht sa tsolus. Thoisigh Judy a choimheád fosta, nachuir iongantas an radhairc cuid de'n eagla as a ceann.
Bhí cuma ar chroidhe an tsoluis a bheith suas le sé troightheó’n talamh, agus do réir mar a bhí sé ag éirghe láidir agusláidir leis, thoisigh sé a dh'éirghe soiléir go rabh an eaglaar na h-arrachtaigh ag méadughadh. Chaith lucht na soillseánuatha a gcuid soillseán agus d’fhág siad annsin iad agdóghadh leó ar an talamh, agus chuaidh siad ar a mbéal agusa srón mar an gcéadna. Ní rabh ach Judy agus Bilí inaseasamh anois, agus crot mío-chumtha Dresler go díreachós a gcoinne.
Tharraing an solus isteach sa deireadh go dtí nach rabhann ach ciorcal suas le trí h-órdlaigh i lár agus é agsoillsiughadh go buan. Le sin thoisigh sé a mhéadughadh arís,agus mhéaduigh an t-uathbhás a bhí ar na h-arrachtaigh le n-alinn sin. Thóg siad uallán íseal caointe, agus thoisigh anceann urraidh ’á ghreadadh féin ar a ucht mhór le n-a chuidlámh. Le sin féin spréidh an croidhe soluis amach go tobanntapaidh go dtí gur éirigh sé cosamhail le aghaidh lasta agusí crochta i lár an aeir.
‘Cleas atá ann," arsa Bhilí, d'aindeóin go rabhcineál de chrioth ina ghuth. “Cleas atá Mr. Maitland aimirt a chaithfeas a bheith ann."
Stánuigh Judy ar an aghaidh agus an dubh-iongantasuirthi agus d’aindeóin go rabh fhios aici go rabh an ceart
L 149
ag Bilí mhothuigh sí a béal cineál tirm agus a gluine arcrith. Bhí rud éigin sgáthamhail taidhbhseach sa chloigeanngan cholainn sin amuigh i h-áirde san aer ós a coinne,agus a sgáile ag taisbeáint go soiléir san uisge. B’fhíor-urchóideach treall dubh i gclár an éadain nach rabh solusar bith ag teacht as.
Bhí na h-arrachtaigh chomhair a bheith as a gcéill leis aneagla, d'aindeóin nach rabh aon cheann aca a rabh cuma airmisneach go leór a bheith aige le imtheacht. Bhí sí go díreachag smaointeadh ina h-intinn goidé an chéad rud eile a bhíag dul a thuitim amach, agus le sin tháinig sgread ó’nchruitíneach. Bhí ceann urraidh na n-arrachtach ina sheasamhagus greim aige ar Dresler amuigh i h-áirde ós a chionn,Le sin bhain sé craitheadh amháin as a chuid guailneacha móra,agus chaith sé an cruitíneach glan trasna an uisge go dtían áit a rabh an chloigeann sholasta. Chaith sé é féin ar abhéal agus a shrón annsin arís.
Chuala siad an cruitíneach ag tuitim fríd tuim ar antaoibh thall de'n díg, agus thainig ciúnas arís. Bhitheas indiaidh íodhbairt eile a ofráil - ach goidé an dóigh? Níorbh'fhéidir leis an tuitim a mharbhadh. Ní rabh bogadh as nah-arrachtaigh ach iad ag feitheamh, agus a gcuid súile sáithtesa treall aca. Annsin tháinig sgairt ó'n chruitíneach.
“Tugaidh tárrtháil orm! Tá siad thart fá dtaobh díomuilig. Á-Á- "
Ceapadh an focal sul ar fág sé a bhéal, agus leig Judysgread bheag bhrónach. Bhí rud éigin millteanach arcois, agus gan fhios aca goidé an rud é. Goidé bhí thartfá dtaobh de uilig? Thiocfadh leó a chluinstin ag tuisleadhthart leis ar an taoibh eile de'n uisge ag osnaighil gotruaighmhéileach. Le sin leig sé sgread eile.
“Ní thig liom seo a sheasamh," arsa Bhilí. "An duinegránda, agus é caoch ! "
Thug sé coiscéim 'un tosaigh - thug, agus annsm thárlarud comh tobann sin gur sheas sé ar an bhomaite. Tháinig
L 250
siosarnach, agus le sin d'éirigh dealán teineadh ó chúl nah-aghaidhe solasta, ag fágáil rian drithleóg ina dhiaidh.Phléasg sé go díreach ós a gcionn, agus ar feadh tamaillbhí an réidhteach comh geal a's dá mbéadh lár an lae ann.
Thoisigh gach aon bhéic nimhe ag na h-arrachtaigh agus sgabsiad soir agus siar gach bealach, go dtí go rabh Bilí agusJudy fágtha ina seasamh leó féin ina lár. Bhí siad godíreach mar bheithí i ndiaidh dhá chnap cloiche a dhéanamhdíodhtha an dóigh a rabh siad ag stánughadh ar an radharc abhí rompa. Ceann iodhail a bhí sa cheann, ach níorbh' aira bhí siad-san ag coimheád,
Bhí an cruitíneach shíos faoi; agus le linn iad a bheithag amharc air d’árduigh ceann marbhthach crón-bhuidhe é féingo dtí go rabh sé comh h-árd le n-a aghaidh, agus bhuail sédhá uair é. D'amharc siad ar imeall an uisge. Bhí anféar garbh ag bogadaigh. D'árduigh ceann buidhe eile éféin agus é ag siosarnaigh go feargach; tháinig ceann eileannsin, agus ceann eile ina dhiaidh. Choimheáid siad iaddá gcasadh féin gach bealach agus an cruitíneach ag tuisleadhthart leis. Chonnaic siad greim dá bhaint as dhá uair sula dteachaidh an solus as. Bhí an áit beó le nathracha nimhe.
Annsin las an ceann suas arís, agus san amchéadna mothuigheadh stealltarnach uisge. D'éirigh leis anchruitíneach theacht fhad leis an díg, agus bhí sé 'á tharraingtféin fríthe. Bhí an-chuma ar a aghaidh leis an phianaigh.Cuireadh dhá ghath déag ann. Ní rabh ann ach gur shroich séan bruach nuair a leig sé uaill eile agus thuit ar a bhéalagus a shrón. Níor bhog sé ní badh mhó. Emil Dresler,bréagaire, dioltóir na sglábhaidhthe bán, agus árd-bhitheamhnach,bhí sé marbh.
Bhí na h-arrachtaigh ag bogadaigh go luaimneach gach áitfá dtaobh díobhtha. Amannaí tchíodh siad péire de shúileglinneamhla ag coimheád fríd na tuim, ach ní rabh uchtach agna h-arrachtaigh theacht amach as faoi sgáth. Le sin stad
L 251
an bhogadach. Bhí súile ag coimheád as gach áit, mar bhéidísag feitheamh le rud éigin.
D'iompuigh Judy thart. Goidé bhí ar siubhal anois?Bhí ceann urraidh na n-arrachtach go díreach ar a cúl. Bhía lámha sínte amach aige réidh le breith uirthi. Leig sísgread bheag bhrónach — “A Bhilí, sábháil mé," agus le sinmhothuigh sí í féin dhá tógáil suas ós cionn chinn an arrachtaighmar nach mbéadh innti ach leanbh, agus dhá tabhairt ar aghaidhgo dtí imeall an uisge. Ise an chéad íodhbairt eile.
Thug Bilí léim 'un tosaigh agus é ag útamáil le n-asgein, agus le sin mhothuigh sí í féin dhá cur síos ar antalamh arís. Thug sí uirthi féin amharc dá h-aindeóin féinar an bheitheadhach mhillteanach a bhí ina sheasamh ós a cionn,agus chonnaic sí go rabh sé ag stánughadh ar an íodhal agusféachaint seachránach ina chuid súile. D’amharc sí féin airan íodhal annsin, agus nárbh’ uirthi a bhí an t-iongantasnuair a chonnaic sí go rabh an ceann solasta ar shiubhal!Bhí sé ar shiubhal, d’aindeóin go rabh léaródh sgabthach agtaisbeáint go fóill san áit a rabh an t-íodhal.
Bhí beirt de na soillseáin as. Ní rabh ach solus beaggan bhrígh sa tríomhadh ceann; agus, mar sin de, bhí gachrud chomhair a bheith dubh dorcha. Le sin d'éirigh do réira chéile ó chúl an iodhail dhá láimh dheallracha agus annsinnocht an aghaidh arís. Bhí an t-iodhal féin ag bogadh. Lesin leig an t-arrachtach búirfe eaglach agus chaith sé é féinar an talamh. Chuaidh an dá láimh suas leó, ach d'aindeóingo rabh gach féith ina corp ar crioth choinnigh Judy a dhá súilsáithte san aghaidh. Choinnigh, na ní dreach urchóideach aniodhail a bhí le feiceáil an iarraidh seo, ach aghaidh JimMaitland! Maidir le goidé rinne sé, ná goidé andeas a bhí sé a imirt ní rabh fhios aici. Agus ba chumaléithe. Bhí Jim annsin agus níor mhisde fá dhadaidh eile.
Choimheáid sí é agus an dubh-iongantas uirthi. Goidéan chéad rud eile a bhí sé ag dul a dhéanamh? D'éirigh anaghaidh suas léithe do réir a chéile go dtí go rabh cuma
L 252
uirthi a bheith amuigh i h-áirde san aer. Annsin thoisighsí a theacht le rúide fríd an aer an bealach a rabh sí féin,agus chonnaic sí go dtug Jim léim. Bhí an sgreadach nimhegach áit fá dtaobh díthe, agus tormán na mbeitheadhach tromag teicheadh fríd na tuim. Bhí a ndia i ndiaidh éirghe beó.
Bhuail Jim an t-uisge, agus annsin tháinig sé fá choiscéimstuamdha fhad leis an arrachtach a bhí sínte ar an talamhleis féin go fóill. D'éirigh seisean ina sheasamh agustharraing sé ar gcúl ag siosarnaigh, agus na lámha deallrachasin, agus an aghaidh, ina dhiaidh. “Lean mise," arsa Jimgo h-íseal nuair a bhí sé ag dul thart le taoibh Judy.
Chuir sé an bheitheadhach ar gcúl go dtí béal an réidhtigh.Thug sé rúide annsin agus léim sé air nó gur leag sé adhá láimh ar a ucht. Leag, agus nuair a thóg sé iad bhílorgnacha na méar ar chorp an bheithidhigh agus iad mar bhéadhteine ag éirghe asta. Bhí siad le feiceáil annsin golonnrach sa dorchadas, agus nuair a d'amharc an t-arrachtachsíos agus chonnaic sé comharthaí an iodhail ag deallradh ara ucht féin chaill sé a chiall glan. Thug sé léim amháin,agus chuaidh sé as amharc san fhoraois. Bhí an triúr acaleó féin.
“Ar shiubhal linn," arsa Jim go suaimhneach “Nílam ar bith le cailleadh. B'fhéidir gur ghoirid a mhairfeadhbrigh mo chleasa.”
“Ach goidé an dóigh a dtearn tú, a Jim?" ars'an cailín agus a h-anál i mbarr a goib.
“Cluinfidh tú an sgéal sin ar ball, a Judy," arseisean. “Is é an rud atá le déanamh againn anois anbád a bhaint amach agus Percy."
“Goidé fá'n mhuinntir eile, a Mhr. Maitland?"arsa Bhilí.
“Fosglóchaimíd béal na pluaise daobhtha," arsa Jim,“ach caithfidh siad déanamh as daobhtha féin ina dhiaidh sin.Ní bhéidh fainsmgeacht ar bith fá n-a gcoinne ar an bhád.”
“Goidé fá’n luing eile?"
L 253
“Muna bhfuil mé meallta go mór, tá deireadh leisan luing," ars' an fear eile go dubhlaitheach. “RinnePercy a ghnoithe go measardha maith. Anois thú! Leig dothrom ar seo, a Bhilí. Arís-agus arís."
Le sin thuit an chomhla mhór siar. Bhí béal na pluaisefosgailte.
“Tá sibh saor," sgairt Jim síos leó. “Déanaigidhbhur mbealach go dtí an ceann thuaidh de'n oileán, agusfiachaimíd-ne le tárrtháil a thabhairt oraibh arís. Anois,sibh-se bhur mbeirr - go tapaidh libh."
Sgiord sé trasna an réidhtigh mhóir, agus an bheirteile ins na sála aige. Bhí paiste solasta ag lonnrughadhgo lag ar chrann, crann a bhí ag marcáil béal cheann de nacasáin, agus bomaite ina dhiaidh sin bhí siad ina rith síosan rian. Rith siad leó go dtí gur sgar an bealach. Chuirtreall eile sholasta annsin ar an eólás iad arís. Agusag poinnte ar bith a bhféadfadh siad amhras ar bith a bheithortha fuair siad an comhartha céadna.
“Chuir mé marcanna ar mo bhealach ar na h-áiteacha abhféadfaimís a dhul ar seachrán," arsa Jim. “Dar Fiadh,muna sinn a bhí i sáinn!"
Thoisigh sé a shiubhal go réidh anois. Le sin sheas sé adh’éisteacht. Bhí gleó dá thógáil ag na h-arrachtaigh ar agcúl go fóill, agus chuala siad uair amháin sgread dhaonda.
“Ní thabhairfinn mórán ar a bhfuil de sheans ag nacréatúir bhochta eile," arsa Jim go forasta. “Ach níorbh'fhéidir dhá chuid a dhéanamh díobhtha. Ní bhéadh gléas orainn athabhairt linn ach beirt."
Lean sé leis arís, agus an lasair ag imtheacht do réir achéile as a aghaidh agus a lámha, go dtí go dtáinig sé sadeireadh go dtí lochán na gcrogall an áit a dteachaidh sésíos de chois na h-abhna. I ndiaidh siubhal suas le ceath-ramhadh míle eile leig sé sgairt agus tugadh freagra airas áit éigin rompa amach. Bhí Percy annsin sa bhád.
“'Seadh, a rún," ar sé go suaimhneach, agus é ag tógáil
L 254
Judy ar bórd, “bhíomar i sáinn cinnte go leór."
Ar feadh bomaite bhí siad leó féin, agus le sin chaithsise a dhá sgiathán thart fá n-a mhuineál.
“Nil fhios agam goidé mar rinne tú é, a Jim" ar sí igcogar, "ach tá fhios agam nach bhfuil do mhacsamhail eilear an domhan uilig.”
Ní dhéanfadh am ar bith cúis do Phercy a theacht ach godíreach ag an bhomaite sin.
“Fáilte romhat, a chailín óig,” ar sé. “Dar Fiadh!anois nach bhfuil sin ait. Ní rabh fhios agam ariamh godtéid phospor ó áit go h-áit fríd an aer."
“Goidé an ghlagaireacht atá ort?" arsa Jim. Lesin thárla dó amharc ar aghaidh Judy agus thug sé iarraidh ara chol ceathar. Thug, na bhí a cuid pusíní-se uilig solasta,agus ní rabh sé deacair a thomhas goidé d'fhág mar sin iad.
“Ní thig liom a chreidbheáil go bhfuil mé arais annseoarís," ars’ an cailín cúpla bomaite ina dhiaidh sin. “Andtig leat-sa, a Bhilí?”
Bhí an bád ag éalódh síos an sruth ag tarraingt ar anfhairrge mhóir.
“Ní thig," ar seisean go sollamhanta. “Goidé andóigh a dtearn tú é, a mhr. Maitland?"
“Bhal, bhí rud amháin, a Bhilí, a bhí ion-tuigthe go leór.”
Bhí an chéad chuid de sholus an lae ag toiseacht athaisbeáint sa domhan thoir, agus an triúr aca ina luighe arurlár an bháid. Bhí percy i gcionn an rotha.
“Ní rabh de sheans ann ach eagla do chur ar na beithidhighseo le rud éigin a silfeadh siad a bheith neamh-shaoghalta.Níor chabhair ar bith obair gunna. Bhí i bhfad barraidheachtaca ann. Badh annsm a chuimhnigh mé gur chuir mé isteachbosca de dhath sholasmhar i gcuideachta ár gcuid earraidheeile fá choinne na h-ócáide céadna a dtearn mé úsáid desan fhoraois-le n-ár mbealach a mharcáil le linn na h-oidhche.
“Anois, bhí mé féin agus Percy, tráthnóna indé, ag anáit a bhfuaramar sibh-se agus le linn a bheith annsin thuiteamar
L 255
síos fríd chmeál de shean-ghaiste isteach sa pholl chéadna inadtearnadh príosúnaigh díbh-se. Mharbhamar ceann amhám dena bruide annsin. Ach bhí na maidí tógtha de bhéal napluaise agus mar sin de ní rabh moill orainn imtheacht.Ach seo é an poinnte: bhí fhios agam-sa cá dtabhairfí sibh,agus buntáiste mhór a bhí annsin.
“Fuaramar amach rud eile annsin - rud a dtáinigPercy air. Níl fhios agam cad chuige a dtug siad leó é —ar eagla go mbéadh dadaidh le réabadh, creidim - ach bhían iomad dionamíte ar an luing. Le sin cheapamar beart.Cogar - goidé d'éirigh de’n luing, a Phercy?"
“Cluinfidh tú sin i n-am go leór, a Jim. Lean leat."
“Bhí Percy le mise do chur i dtír, mé féin agus andath solasmhar, agus annsin bhí seisean le pilleadh araisgo dtí an long. Trí cheathramhadh uaire ina dhiaidh sinnuair a bhéadh faill agam-sa bheith fhad libh-se bhí sé leisan adharc a shéideadh. D'iarr mé air an sgéala, O.K. achur amach le croidhe a thabhairt díbh, ach an rud ba mhó bhífaoi agam oiread de na brúide a’s thiocfadh liom a tharr-aingt ar shiubhal uaibh agus a dtabhairt go dtí an long.D’éirigh leis an chleas go breágh. Chuaidh sgór go leith acaar a laighead tharam an méid a bhí ina gcorp agus mé sanfhoraois."
“Chuaidh, agus chuaidh sgór go leith aca isteach ar anluing,” arsa Percy. “Nuair a chuala mise iad shíos agimeall an uisge, chuir mé sreang dheich mbomaite leis andionaimít, agus bhain mé féin as sa bhád. Sgoilt an longmar sgoiltfeadh ubhall lobhtha, a Jim, agus bhí sí shíos igcionn bomaite, agus tá tuairim agam go rabh na peataíbeaga uilig ar bórd ag an am."
Bhí siad ar an fhairrge mhóir anois, agus thart gach áitfá dtaobh díobhtha ní rabh dadaidh ar an uisge ach sgealpachaadhmaid.
“Ba mhór an truaighe," arsa Jim. “Ba deas anlong í. Ach caithfidh mé mo sgéal a chríochnughadh. Ní
L 256
rabh fhios agam faoi an Rí goidé bhí ag dul a thuitim amach,ná goidé bhí na brúide ag brath a dhéanamh libh. Chuala méfear ag sgreadaigh agus mé ag dul fríd an fhoraois.”
“Sin an Sasanach, an chéad duine a d'ofráil siad maríodhbairt," arsa Bilí.
“Chuala mé fosta duine éigin ag sgairtigh aguschonnacthas damh gur aithin mé a ghuth. Agus tuigfidh sibh ant-iongantas a bhí orm nuair a fuair mé dul ní ba chomhgaraigheagus chonnaic nach a mhalairt a bhí sa duine ach Dresler, atugadh ar shiubhal ó'n bhád tamall ní ba luaithe. Le n-a choissin bhí cuma ortha go rabh sé ina chineál de dhia aca, agusle sin féin thuig mé cad chuige. An t-iodhal óir a bhíonnsiad a adhradh tá sé déanta cosamhail le cruitíneach mío-chumtha, agus creidim gur shíl siad gurbh' é Dresler andia seo i ndiaidh éirghe beó.
“Ach ar chaoi ar bith, an méid aca nár imthigh go dtí anlong, bhí siad san áit a rabh sibh-se. D'amharc mé síosannsin fríd sgoilt, an áit a rabh an gaiste-gaiste doréir chosamhlachta nach mbíonn ar ghléas oibre nuair a bhíossiad féin annsin-agus thiocfadh liom bhur bhfeiceáil gosoiléir. Thiocfadh liom, fosta, an seóltóir neamh-chaoidheamhail sin as Bhrazil a chluinstin. Agus, ó thárla gogcaithfinn a fhagháil amach goidé mar ghníodh siad gnoithe,chonnaictheas damh gur mhaith an duine eisean le toiseachtleis.
“Bhal, d’éirigh le mo chleas leis an lóchrann aibhléise,agus thug siad aníos an seóltóir agus mé i bhfolach snarosáin. Cheangail siad a chosa agus a lámha-go díreachmar a fuaineamar Lopez, a Phercy-agus chaith siad amachtrasna an uisge é chuig an iodhal. Chaith, agus d’fhág siadannsin é ag ‘fer de lance' agus nathracha nimhe-dháthreibh comh marbhthach is a thiocfadh leat fhagháil. Agus lesm tháinig eagla orm go gcuinfeadh an dá threibh chéadna cúlmór orm féin.
“Bhí sé ceaptha agam, tá fhios agaibh, gur leis an iodhal
L 257
a chaithfinn an obair a dhéanamh. Ach goidé mar d’éireóchadhliom dul fhad leis? Ní spáráileann ‘fer de lance' duineach oiread le duine eile, agus, mar chonnaic sibh féin, bhían áit lán díobhtha agus iad druidte istigh annsin ag anuisge. Ach bhí fhios agam go gcaithfinn seans a ghlacadh,ach b'éigean damh fanacht leis an phléasgadh ar tús. Bhítuairim agam go ndúiseóchadh sin iad, agus bhí sé riachtanachtusa agus Bilí a fhagháil aníos as an pholl fhad a's bhí sédorcha, na níor chabhair ar bith an dath solasmhar ó thiocfadhsolas an lae.
“Chuaidh gach rud go breágh, go díreach mar a bhí de dhíthorm, ach amháin go dtug rud éigin ortha iompódh ar Dhresler.Ach ba chuma mórán fá sin. B'airidhe air-sean a bhfuairsé. Fuair mé dul fríd áit na nathrach nimhe i ndiaidh mochóta a chasadh thart fá mo chosa agus annsin sheas mé archúl an iodhail ar chineál de altóir. Tá fhios agaibh féinan chuid eile. Chuimil mé an dath ar a aghaidh ar tús. Bhísúil agam go socróchadh an rocad iad, ach níor shocruigh.Le sin chumhduigh mé ceann an iodhail le mo chóta agusdhathuigh mé mo lámha agus mo aghaidh féin agus mé agcoinneáil i bhfolach ar a chúl i rith an ama. Sin an t-iomlanagaibh anois."
“'Seadh, agus ní droch-lámh a rinne tú de ach oiread, aJames,” arsa Percy. “Tá mé buadhartha nach rabh mésa láthair, ach chuir mé isteach mo am go breágh ar an taoibhseo. Gréann breágh a bhí ann ag coimheád ar an luing agsgoilteadh. Cogar! an léaspáin atá ar mo shúile, nó ancuid de na peataí beaga a tchím de chois an tseasgainn?"
Thóg Tim a ghloine fad-radhairc. Bhí an ghrian ina suidheBhí an ceó tógtha de'n tseasgann. Agus le linn é bheith agcoimheád tháinig aoibh gháire ar a chuid puisíní. Bhíduisín ná níos mó de na h-arrachtaigh agus iad thart fáthoirt bhig mhío-chumtha a bhí ina luighe ar an talamh. Thógsiad suas é annsin - agus saothar mór a bhí ortha - aguschaith siad isteach sa bhogach é. Ar feadh tamaill sheas
L 258
siad annsin. Sa deireadh chuadar as amharc isteach sanfhoraois.
“Leath milliúin caillte," ar se, “Gan amhras mhillmé déagh-chliú a ndé ortha. Is maith gur chaith mé cuid de’nam a bhí le spáráil agam 'á bhaint seo as fhad a’s bhí mé inmo sheasamh ar a chúl."
Tharraing sé amach cloch mhór dhearg as a phóca, cloch abhí comh mór le h-uibh chirce. Bhí sí mar bhéadh caor dheargtheineadh ann ina luighe i gcroidhe a bhoise. Shín sé do Judy í.
"Seo dhuit-se, a rún," ar sé. “Agus is maith anairidhe ort a fagháil i ndiaidh a dtáinig tú fríd."
D'amharc sise bomaite nó dhó ar an chloich go suaimhneachAnnsin d’amharc si ar Jim.
“Rúibín atá ann, nach eadh?" ar sí.
“'Seadh, cinnte," ar seisean. “Agus rúibín,mheasfainn féin, nach mbéadh ceannacht air, tá sé comhluachmhar sin."
“Agus tá tú 'á thabhaint damh-sa?"
“Sin an rud a bhí in mo cheann,” ar seisean.
Stánuigh sí air go géar, agus féachaint ait ina cuidsúile. be sin chor sí thart go mear agus chaith sí thar bórd é,agus leis an luisne dheallrach dhearg sin chuaidh an chuiddheireannach de’n chiste as amharc go deó.
“Ní leigfeadh mo chroidhe damh a choinneáil, a Jim,"ar sí “ Tá draoidheacht ann. Ní bhéadh bomaite suaimhnisagainn go deó fhad a’s bhéadh sé againn,”
“Againn ' dubhairt tú" ar seisean ag breith greimdhá lámh uirthi.
Bhí an mhuinntir eile ar shiubhal síos ar íochtar, Bhí
siad leo féin.
“ Sin an rud a bhí in mo cheann-sa," ar sí go h-íseal.
Chuir sin deireadh leis an eachtra iongantach ar oileán anAon-chrainn. Ní bhfuarthas aon tuairisg ariamh ar anfhoirinn arbh' eigean a bhfágáil air. Ach amannaí san oidhche
L 259
tig feachaint ar ghnúis Jim a bheir ar Judy amharc air gon-amhrasach. An bhfuil ciste i bhfolach annsin i n-áit éiginsan fhoraois go fóill agus cuid de shliocht na n-arrachtachag coinneáil gárda air? Arbh' fhéidir go bhfuil iodhaleile, iodhal daingean óir, i réidhteach éigin go fóill nachbhfuarthas? Ce aige bhfuil fhios? Agus fhad a's bhaineannan cheist le Judy tá fear amháin nach mbéidh fhios aige godeó - a fear féin.
(A Dheireadh.)