An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 11

Caibidil

L 217

Caibideal XI.

Chuir Judy Draycott an bolt ar dhoras an tseomra abhí aici i luing Don Miguel, agus le sin thoisigh sía dh'iarraidh a cuid smaointe do chur i n-alt achéile. Bhí a ceann ag teacht thart. Bhí ar thárla le linnna gcúpla uair deireannach seo mar bhéadh brionglóid ann-brionglóid sgáthamhail éigin. Bhí sí ina codladh nuaira d’imthigh Jim agus Percy 'un na tíre: bhí sé dhá uairma dhiaidh sin nuair a dhúisigh sí agus chonnaic sí Blackettag coimheád leis go h-imnidheach.

“Cá bhfuil an mhuinntir eile?" d'fhiafruigh sí. D'innisseisean díthe.

“Níl ann ach mire, a Mhiss Draycott," ar sé godubhlaitheach, “ach níl gar a bheith ag cainnt le Mr.Maitland. Agus ar bharr an donais, tá soitheach DonMiguel i ndiaidh theacht. Chuaidh sí thart giota amach. Nífhaca siad sinn go fóill; ach má thig siad d'ár gcuartughadh,níl gléas foláigh ar bith againn. Béimíd eadar an dátheinidh Bhealtaine annsin."

Chuartuigh sé taobh an chnuic le h-a ghloine fad-radhaircach ní rabh bogadh as dadaidh.

Chuaidh an tráthnóna thart go mall, agus leath-uair indiaidh an ceathair chuaidh sise síos ar íochtar le braontae a dhéanamh. Bhí an seóltóir ag innse díthe fá chuidde chuid eachtraí Jim leis an am a chur isteach, ach thugsí fá dear nach leigeadh sé cúig bhomaite amháin thart ganan cnoc a bhreathnughadh ó bhun barr le n-a chuid gloiní.Agus nuair a tháinig sí arais leis na cupaí bhí sé ag siubhalsuas agus anuas druim na luinge agus dreach imnidheachair ag coimheád na gréine.

“Uair go leith eile, nó dhá uair, an seal is faide,

L 218

agus béidh sé dorcha," ar sé. “Damnughadh air! Seo chugainn an soitheach!"

Le sin d'iompuigh sise thart. Chonnaic sí ag seóladhthart go mall an ceann tíre an long bhreágh mhaiseach achonnaic sí de'n uair dheireannaigh i gcuan-phort Rio.

“Chonnaic siad sinn," arsa Blackett ag druid suas a ghloine. “Goidé táimíd ag dul a dhéanamh anois?"

Níor fágadh i bhfad ar an amhras iad. I ndiaidh a theachtós coinne na beárnan ins na creagacha stad cuid inneallan tsoithigh agus d'fhan sí annsin ag iomlat go fallsa arbhrághaid na bóchna fhad a’s bhítheas ag ísliughadh báid.

“Ochtar aca," arsa Bhlackett. “An cruitíneach sinar chuala mé sibh ag cainnt air, tá sé ar dhuine aca, agusfear mór dearg san aghaidh atá cosamhail le Sasanach.”

Bhí an bád dá iomradh fhad leó go tapaidh.

“Ná leig daobhtha theacht ar bórd, a Bhilí," arsa Judy.

“Goidé mar thig liom a bpilleadh, a Mhiss Draycott?"ar seisean go dubhlaitheach. “Ní thig liom iad uilig achaitheamh. B’fhéidir nach bhfuil siad ag teacht ach le roinntceisteanna a chur agus nach bhfuil droch-rún ar bith fútha."

“An bhfuil Maitland annsin?" sgairt fear nah-aghaidhe deirge amach nuair a bhí an bád le n-a dtaoibh:d'aithin Judy ar an bhomaite gurbh’ é Barnet a bhí ann.

“Níl," arsa Bhilí. “Tá sé fá thír. Goidé tá de dhíth oraibh?"

“Béidh 'fhios sin agat luath go leór," ars' an fear eile go grosach. “Suas leat, a Emil."

Chuidigh sé ar bórd leis an chruitíneach, agus chuaidh sé féin suas ina dhiaidh le ceathrar dá rabh sa bhád.

“Níl muir-arm Bhrazil go h-uile de dhíth orainn i n-ár mbád," arsa Bhilí go feargach.

“Is cuma goidé tá de dhíth ort-sa. Rachaidh mise i mbannaí go bhfuighidh tú níos mó ná tá tú dh'iarraidh. Anois, cá bhfuil an léar-sgáil sin?"

“Tá sí ag Mr. Maitland."

L 219

Stánuigh Barnet air go neamh-chinnte, agus dubhairt sérud éigin i gcogar leis an chruitíneach. Chraith seisean achuid guailneacha.

“Cé’n uair a bhéidh sé arais?"

“Níl fhios agam ach oiread leat féin," arsa Bhilí. “Chuaidh sé ’un na tíre trí nó ceathair de uaireanna ó shoin."

Le sin chuaidh an bheirt aca a chogarnaigh arís, ag cinneadh, do réir chosamhlachta, ar bheart éigin eile.

“A Mhiss Draycott, a rún," ars' an cruitíneach goplásánta annsin, “tá mé cinnte go n-éireóchaidh linn gachrud a shocrughadh go muinnteardha eadrainn féin. Caithfidhmé a rádh gur thaitin sé go mór liom an dóigh ar mheall túsinn go dtí seo, ach tá mé lán-dhearbhtha go mbéidh tú féinar an chéad duine a admhóchas nach féidir a dhul níos fuideleis an chluiche."

“Níl fonn comhráidh ar bith orm leis an mhuinntir a ba chionnta le mo dheárthair a mharbhadh," arsa Judy go tógtha.

“Seo, seo anois," arsa Dresler. “Ní rabh ann ach taisme. Níor ghoill a bhás ar aon duine níos mó ná ghoillsé ar Sir Montague Bharnet agus orm féin. Ach tá sédéanta anois. Baineann sin leis an am atá thart, agusníl ag cur chaithte orainne ach an t-am fá láthair. Innisdamh anois, an bhfuilimíd ag dul a dh'obair le chéile nónach bhfuil?"

“Ní thabhairfeadh aon dath ar an tsaoghal orm roinn a bheith agam le déanamh leat," ars' an cailín.

“Ach tá eagla orm go gcaithfidh tú sin," ars' ancruitíneach go séimh. “Ní maith liom mo chuid ama dochur amugha ag innse duit rud atá le feiceáil agat féin,ach tá deichneabhar againne i n-aghaidh gach duine dá bhfuilagaibh-se. Ní dadaidh ach an fuath atá agam ar chineál arbith buirbe atá ag tabhairt orm an cheist a phléidhe libh archor ar bith. Seo mar atá, a mhiss Draycott. Tá anléar-sgáil ag Mr. Maitland: tá an léar-sgáil sin de

L 220

dhíth orainne. Anois má bheir tusa do gheall damh-sa gofíor go dtabhairfidh tú ar Mhr. Maitland an léar-sgáil athabhairt dúinn, bhéarfaidh mise, ar mo thaoibh féin, mogheall duit-se go dtabhairfear suas duit sgiar chóir de'nchiste, sin má fhaghaimíd é."

“Agus muna dtugaidh mé an geall" arsa Judy. Le sin chraith an cruitíneach a chuid guailneacha arís.

“An gádh dúinn a leithéid sin a chur i gcás?" ar seisean go lághach. “Fuígfidh mé fút féin é."

“Fuígfidh, agus bhéarfaidh mise mo fhreagra duit, aMhr. Dresler. Iarrfaidh mé ar Mhr. Maitland an léar-sgáil a strócadh agus a caitheamh san fhairrge sul abhfeicfinn in do lámha-sa í. Ó! a dhiabhail Ifrinn!"

Leig sí sgread, na le linn Bharnet comhartha a dhéanamhleó go mear, chaith an ceathrar fear iad féin ar Bhlackett.Throid seisean cúpla bomaite mar bhéadh an dubh-dhonasann, agus chuaidh fear amháin de na h-ionnsaightheóirí tharbórd agus a ghiall briste. Ach ní thiocfadh leis an chomhraca dhul ach dóigh amháin nuair a thoisigh Barnet é féin agusbata lódáilte ma láimh aige. Thuit Blackett ar a bhéal's ar a shrón ina chnap i laige ar an urlár.

“Nil maith a bheith ag cur amugha ama, a Emil," arsaBharnet go grosach. “Féadaidh an fear sin Maitland abheith arais bomaite ar bith. Cuirigidh isteach sa bhád é."

D’ísligheadar an seóltóir gan mhothughadh síos isteach sa bhád a bhí ag taoibh na luinge, agus thóg Bharnet suas a raidhfeal.

“Anois, a Mhiss Draycott,” ar sé go tur, “an leanfaidh tusa do chara nó an mbéidh tú le h-iomchar fosta?"

“Goidé tá sibh ag dul a dhéanamh linn?" arsa Judy.

“Ag dul a thabhairt ceathramhan níos sócamhlaighe díbhar bórd an tsoithigh s againne ná tá agaibh annseo.A Emil, tá mise ag dul fá thír. Béidh Maitland liomnuair a thiocfaidh mé arais."

Le sin, i ndiaidh eisean a chur i dtír, chonnaic sí go

L 221

rabhthar dá tabhairt féin go dtí an soitheach, agus Bhilíina luighe gan mheabhair go fóill ar thóin an bháid. Agusd'aindeóin go dtearn sí a dithcheall gan tabhairt isteach,mhothuigh sí í féin ag toiseacht a dh'éirghe tinn leis an eaglaa tháinig uirthi nuair a chonnaic sí an dóigh a rabh naseóltóirí 'á coimheád. Bhíodar ag comhrádh eatortha féini dteangaidh Bhrazil, agus anois agus arís leigeadh siadgáire. Nárbh' amaideach díthe lábhairt comh tobann sin:Cad chuige nár bhain sí fútha go dtiocfadh Jim araisAch nuair a d'amharc sí ar an chnoc ní rabh le feiceáil aiciag bogadh ach Barnet ag tógáil na malacha go mallfadálach.

Bhí oifigeach roimpi nuair a chuaidh sí suas an droichead,agus má bhí fuath aici ar na seóltóirí bhí a dhá oiread aiciair-sean.

“Ar an droch-uair níl Don Miguel é féin annseo,"ar sé i mBéarla bhriste, “ach tá áthas orm-sa fáilte achur romhat ina áit. An dtiocfaidh tú an bealach seoTaisbeánfaidh mé an proinn-seomra duit."

Choimheáid sí Bhilí dá thógáil ar bórd: lean sí ant-oifigeach annsin fá chroidhe throm chráidhte.

“Tá sé deas, nach bhfuil?" ars’ an fear a bhí 'átreórughadh. Le sin féin, le linn í bheith ag tabhairt a súilthart go neamh-aireach an seomra, rug sé greim uirthi inadhá sgiathán agus thug sé póg dí.

Bhadh é sin go díreach an rud a bhí de dhíth ar Judy leisan láimh a thógáil de h-a h-intinn. Mar bhéadh urcharpiostail ann tharraing sí buille agus bhuail sí sa leiceanné le n-a láimh, buille a thug air tuitim siar agus é agmallachtaigh. Thoisigh sé a mhunamar i dteangaidh Bhrazilagus tháinig sé fhad léithe arís, ach chonnaic sé roimhe béalgunna bhig póca, agus chaill sé an dánacht i bhfaiteadh na súl.

“Coiscéim amháin eile, a bhitheamhnaigh bhradaigh," arsaJudy, “agus caithfidh mé thú."

Stánuigh an bheirt aca ar a chéile ar feadh bomaite.

L 222

Le sin rinne sé gáire gan aoibh agus d’imthigh sé leis.

“Fan, a bhean Shasanach, ar sé, “fan go dtigidh DonMiguel arais arís. Béidh am deas agat annsin."

“Ar shiubhal leat," arsa Judy, agus i ndiaidh amharceile a thabhairt ar an ghunna bheag, ghlac sé a comhairle.

Tháinig sí chuici féin i gcionn tamaill, agus chuaidh sítrasna go dtí ceann de na sleas-phuill agus d’amharc síamach. D'innis an t-oibriughaidh a bhí ar an inneall díthecheana féin go rabh an soitheach faoi shiubhal, agus chonnaicsí anois go rabh siad ar a mbealach arais go dtí an taobhó dheas de'n oileán.

Ní tháinig aon duine eile le cur isteach uirthi, agusmar sin de d’fhan sí ag an tsleas-pholl faire ag coimheádgo h-aillseach ar an oileán. Cá rabh Jim agus Percy?Bhí sé chomhair a bheith ag éirghe dorcha, agus dá mbídísamuigh ar an réidhteach féin, níor mhó ná gur léir dítheiad. Sa deireadh d'fhág an dóchas a croidhe agus shúidh sísíos ag tábla i lár an phroinn-seomra.

Chuaidh tamall thart agus annsin tháinig freastalaidheisteach agus chuir sé an solus ar lasadh, agus an t-amcéadna sin stad an t-inneall. D'éirigh sí agus d’amharcsí amach arís. D'innis tormán an tslabhraidh díthe gorabhthas ag leagan ancoire, ach bhí sé ró-dhorcha le dadaidha fheiceáil ach go díreach luighe na tíre. Bhíodar isteachcomhgarach go maith, ach níor léir díthe ach go rabh an talamhcumhduighthe le coillte.

Le sin d'fhosgail an doras, agus d'iompuigh sí thart.Bhí bheirt fhear ina seasamh annsin. Bhí fear amháin acanach bhfaca sí cheana, ach d’aithin sí gurbh’ é Don Miguelan fear eile.

“Fáilte romhat, a óig-bhean chóir. Fáilte romhat godtí mo long-sa," ars' an bhodach mór. “Agus leig damhan Caiftín Mac an tSaoir a chur i n-aithne duit."

“Goidé mar tá Caiftín Bhlackett?" ar sise.

“Comh maith a's thig linn a bheith ag dréim leis," ar

L 223

seisean. “Ach ní fhuil sé i gcontabhairt ar bith báis.An amhlaidh a bhí sé crosta, nó goidé?"

“Toisigheadh air gan chúis gan siocair," ar sise gofeargach.

“Maise, maise!" ar seisean ag gáiridhe. "Ismór an gar dó go bhfuil a chloigeann cruaidh. Agusdeirtear liom go bhfuil Mr. Maitland ag déanamh roinntbheag cuartuighthe leis féin. Níl fhios agam an rabh ádh arbith air níos mó ná bhí orainne. D'iomair sinne suas anabhainn an bealach uilig, agus arais arís gan dadaidh afhagháil ach poll a bhí lán crogall.”

Le sin bhuail sé an clog, agus d’órduigh sé buideálfíona agus bhraon uisge bheatha.

“Suidh síos, a mhic an tSaoir," ar sé agus cuidighleat féin. Creidim go mbéidh bolgam agat-sa i n-árgcuideachta, a Mhiss Draycott

“Ní bhéidh, go rabh maith agat," ar sise go fuar.

“Is mór an truaighe sin. Tá an fíon seo iongantachmaith.”

Bhí a chuid súile sáithte innti go h-ainmhianach, agustháinig crioth uirthi dá h-aindeóin féin.

“Níl tú fuar, tá súil agam. Nó b'fhéidir go bhfuilan fiabhras 'do bhualadh. An bhfuighidh mé braon quinineduit?"

“Cá fhad táimíd le bheith i n-ár bpíosúnaigh?" arsise.

“Goidé leithéid de fhocal ghránna?' arsa fear Bhrazil,“Tá súil agam go mbéidh tú in d'aoighe againn go cionntamaill mhaith. Bíodh súil againn fosta nach ndéanfaidhMr. Maitland dadaidh amaideach leis an léar-sgáil. Nómá ghní, coinncéchaidh sé moill orainn, agus ní áit ant-oileán seo a mbéadh taitneamh mór agam féin air."

“Tá sé bréan agus lobhtha le fiabhras," arsa Mac antSaoir go grosach.

“Tá, ach tá mé cinnte go ndéanfaidh ár n-aoighe cuid

L 224

mhór le cian a thógáil dínn," ars' an fear eile.

“An mbéadh sé barraidheacht a iarraidh ort mo sheomraa thaisbeáint damh?" ar sise, agus le sin bhuail DonMiguel an clog arís.

“Tabhair Miss Draycott go dtí n-a seomra,"d'órduigh sé nuair a tháinig an freastalaidhe isteach “An seomra mór-i n-aice le mo sheomra-sa."

Rinne an fear meangadh gáire, agus d'imthigh sé artús. An t-amharc deireannach a fuair an cailín ar anbheirt fhear, bhí siad ar crioth ag iarraidh na gáirí achoinneáil istigh.

Chuir sí an bolt ar a doras agus shuidh sí síos ar anleabaidh agus thoisigh sí a dh’iarraidh a cuid smaointe achruinniughadh le chéile. Bhí eagla uirthi, agus eagla mhór.Agus dá mhéad machtnamh dá dtearn sí, sin mar ba mhóchaill sí croidhe. Go fiú dá dtugadh Jim an léar-sgáildaobhtha, goidé an barántas a bhí aca go leigfí ar shiubhaliad? Agus ní thiocfadh leis féin agus le Percy dadaidha dhéanamh in-aghaidh a rabh ós a gcoinne. Ach dá sáruigheadhuirthi go dtí é, bhí a gunna póca aici go fóill. Thug séfaoiseamh beag díthe smaointeadh ar seo féin; ach lesin chuimhnigh sí gur fhág sí a mála agus é istigh ann inadiaidh sa phroinn-seomra.

Chuaidh sí arais ar an bhomaite: bhí an bheirt fhear inasuidhe san áit ar fhág sí iad. Bhí a mála ar an tábla gofóill, ach an bomaite a thóg sí é d’aithin sí ar an mheadhchannach rabh an gunna ann níos fuide. D'amharc sí ar fhearBhrazil. Bhí an gunna beag aige-sean ina láimh.

“Tabhair damh mo ghunna annseo," ar sí. “Nach túfuair an croidhe baint le mo mhála.”

“Ní rabh de dhíth orm ach a choimheád nach mbéadh airmmharbhthacha ar bith ar iomchar leat a bhéadh contabhairteach,a óig-bhean chóir," ar seisean. “Ní shamhlóchthá go deóan dochar a thig le bréagán beag mar seo a dhéanamh. Bhí

L 225

eagla a chraicinn ar an Chaiftín Mac an tSaoir nuair achonnaic sé é."

“Bhí, leóga," ars’ an seóltóir. “Dubhairt mé leisan mhaighistir nach bhfuighinn néall chodlata, dá mbíodh fhiosagam go rabh gunna ag aon duine ar bórd.”

“A chladhairí an diabhail!"

Thug sí aghaidh dholba ortha, d’aindeóin gur mó fonncaointe bhí uirthi i ndáiríribh.

“Ní leigfeadh an eagla díbh a leithéid sin a dhéanamh,dá mbíodh Mr. Maitland annseo."

“Ach ó thárla nach bhfuil, ní h-eagal dúinn é," arsaDon Miguel go suaimhneach. “Agus ó thárla fosta nachmó ná gur dóiche dó bheith annseo a choidhche ní h-eagaldúinn i n-am ar bith é."

“Goidé tá faoi sin agat? "Bhí sí ag stánughadh airagus a dhá súil chomhair a bheith amuigh ar a ceann.

“Tá mo dhóigh féin agam-sa ar dhaoine a bheir iarraidhmo cheapadh," arsa fear Bhrazil. “Thug mé sin le hinnsedo Mhr. Maitland i Rio, ach dar leis féin nach dtabhairfeadhsé áird ar mo bhagairt. Béidh aithreachas air, tá eaglaorm."

Chumhangluigh a chuid súile le linn é bheith ag amharcuirthi.

“Ach, maidir leat-sa, a rún, tá súil agam nach mbéidhadhbhar aithreachais ar bith agat-sa cionn’s go dtáinig túgo dtí Americeá Dheas."

“Má ghní tusa dadaidh ar Mhr. Maitland,” ar sí,“béidh tú gan an léar-sgáil."

“Má bhím is dóiche go mbéidh ár seal annseo níosfuide arís," ar seisean. “Ach fhad a's bhéas tusa arbórd le cian a thógáil díom, cuirfidh me suas leis comhmaith a’a thig liom."

Le sin féin d'éirigh sé ina sheasamh agus tháinig sé fhadléithe. Tharraing sise siar leis an eagla. Bhí rud éigincomh creathnach fuathach sin sa bhrúid mhór mhíofar seo gur

L 226

fhobair nach rabh neart aici uirthi féin le dearg-ghráin.Agus i mbomaite eile bhí greim aige uirthi eadar a sgiatháin.

“Béidh seóda agat, a rún," ar sé i gcogar cheóchánach,“seóda agus airgead. Gheobhaidh tú gach rud a mbéidh miando chroidhe leis."

Bhí a aghaidh ag teacht ní ba chomhgaraighe díthe, agus lesin chuir sí í féin fá n-a choinne an méid a tháinig léithe,agus bhris sí ar shiubhal uaidh agus theich sí go dtí n-a seomramar bhéadh ainmhidhe fiadhain ann. Annsin féin níor mhothuighsí í féin a bheith sábháilte go dtí go rabh an bolt ar a dorasaici arís.

Shuidh sí síos agus giorr’ anála uirthi. Goidé bhí sí agdul a dhéanamh? Ní rabh sí as a ghreim ach go sealadach.Bíodh sé fada nó goirid amuigh chaithfeadh sí ithe agus ól.Agus bhéarfadh sin Miguel agus í féin ós coinne a chéilearís. Goidé fá Jim, fosta? Bhí droch-rún fútha.D’admhuigh fear Bhrazil sin é féin. Gheobhadh siad an léar-sgáil ar gheallta milis-bhriathracha, agus annsin chuirfeadhsiad sgian ann nó rud éigin de'n tseórt nuair a bhéadha chúl leó.

Buaileadh ar a doras, agus d’fhiafruigh an freastalaidhegoidé bhéadh aici le n-a dineár.

“Ní bhéidh dadaidh," ar sise, “dadaidh maith ná olc,"agus le sin d’imthigh an fear leis. Ní leigfeadh a croidhedíthe greim bídh 'ithe ach fá chionn tamaill d'éirigh sí agusd'ól sí deoch uisge as an bhuideál. Ní rabh ann ach uisgebog, ach mar sin féin rinne sé maith díthe-maith comh mórsin gur sheas sí seal ag coimheád amach ar an tsleas-pholl.

An naoi a chlog. Cinnte bhéadh Jim annsin faoi seo.Ach ní rabh fuaim ar bith ag cur isteach ar an chiúnas achgramafón a bhí ar obair ag fear éigin de'n fhoirinn. Gachuair dá rabh ag dul thart bhí an imshníomh ag méadughadh.Cad chuige nach rabh sé ag teacht? Ar bhain taisme éiginde ar an oileán a bhí 'á choinneáil arais?

Annsin stad an gramafón. D’éirigh gach aon chineál

L 227

ciúin. Baineadh triail uair amháin as láiste a dorais,agus chuala sí Don Miguel ag cainnt ar an taoibh amuigh.Ach ní thug sí freagra ar bith air, agus tar éis tamailld’imthigh sé leis, agus mhothuigh sí doras an tseomra ag ataoibh ag druid. Thuit sí ina codladh sa deireadh, agus íina suidhe ma cathaoir.

Le sin féin dhúisigh tormán éigin í go tobann, agusphreab sí ina suidhe de gheit. Bhí an seomra lasta go breághle solus na gealaighe, agus ar feadh bomaite nó dhó shuidhsí ar crioth. Ach bhí níos mó ná crioth uirthi ar ball beagnuair a chonnaic sí sgoilt i gclár-obair bhalla an tseomraag fosgladh go mall. Bhí painéal ag sleamhnughadh siar gomall, agus badh é an gíosgar a baineadh as nuair a thoisighsé a bhogadh a dhúisigh í.

Bhí a dhá súil chomhair a bheith amuigh ar a ceann agus ídá choimheád. Ar an taoibh eile de a bhí seomra DonMiguel. Sa deireadh chuir sé sin a cheann isteach gofaithchilleach. D’amharc sé thart leis go dtí go bhfaca sé í,agus ar feadh tamaill stánuigh siad ar a chéile gan aonfhocal a labhairt. Rinne sé meangadh gáire annsin aguschuir sé an painéal siar glan, agus sheas sé ina bhéal.

“Ar athruigh tú do intinn, a ghrádh?" ar sé i gcogar.

“Amach leat, a ghadhair bhradaigh," ar sise go ládásach.

“Ach, ar ndóigh, níl mé ach i ndiaidh a theacht,” arseisean. “Nár dhearcach an mhaise damh an seomra in-aice le mo sheomra féin a thabhairt duit? Cogar anois,an bhfuilimíd ag dul a bheith críonna, nó an bhfuilimíd ag dula bheith trioblóideach?"

Le sin d’eirigh an gáire ní ba leithne aige agus thug sécoiscéim 'un tosaigh. Agus an bomaite céadna sin chualaní gliogarnach ait as: chonnaic sí rud éigin buidhe ag breithgreim sgeadamáin air agus choimheáid sí é dá tharraingtfríd an sgoilt. Chuaidh sé as amharc: ach ní rabh a h-umhaillsan ar dhadaidh ach é bheith ar shiubhal, agus le sin bhí sí deléim ag an phainéal gur dhruid sí arís é. Níor luaithe

L 228

druidte aici é ná tháinig béic uathbhásach ó'n taoibh eilede'n bhalla, agus gach aon phlob annsin mar bhéadh mála tromfliuch dá chaitheamh ó áit go h-áit.

Tharraing sí ar gcúl agus an dubh-chreathnadh uirthi.Ní rabh an fhuaim cosamhail le dadaidh dar chuala sí ariamh.Le linn í bheith ag éisteacht leis thoisigh an rí-rá ar an longuilig. Thoisigh na gunnaí a sgaoileadh, thoisigh na mionnaímóra, agus sgreadach nimhe, agus anois agus arís blosgtrom ag innse go rabh duine éigin i ndiaidh tuitim thar bórd.Tharraing sí í féin go dtí an sleas-pholl, ach ní rabh dadaidhle feiceáil gidh go rabh an gleó millteanach anois. Agusle cois am ghleó féin thigeadh dreasa go minic de ghnúsachtachdhrannach ait.

Chuaidh sí trasna go dtí an fhuinneóg bheag a bhí ag amharcamach ar an phasáiste, agus tharraing sí siar na feisíní.Bhí aghaidh annsin suas leis an ghloine, aghaidh agus nuaira d'amharc sí uirthi ní rabh aon deór fhola ina corp nárchuisnigh. Aghaidh dhaonda a bhí san aghaidh a chonnaic sí, achsan am chéadna bhí sí cosamhail le aghaidh ainmhidhe. Bhí nafiacla nochttha cosamhail le cár madaidh ag dranntán goconsadhach. Bhí poill an ghaothsáin leathnuighthe agus séidte,Agus bhí amharc fiadhain fíochmhar sna súile.

Cibé rud a bhí ann chuir sé a lámh isteach fríd an ghloine,agus thug sé iarraidh breith uirthi ach thuit sí siar leath ilaige ar an leabhaidh. Ar feadh tamaill lean an sgiathánmór fionnadhach ag cuartughadh. Annsin tarraingeadh amaché, agus thiocfadh léithe an rud a chluinstin ag dranntán gofeargach, ar buile cionn's é féin a ghearradh. Chuir sétuilleadh creathnaidh uirthi annsin nuair a toisigheadh achraitheadh comhla an dorais. Bhí sé ag iarraidh theachtisteach.

Bhí gach aon ghliog ghleag as an doras: thiocfadh léithean t-adhmad a fheiceáil ag bholgadh isteach. Agus le linnna gcúpla bomaite sin mhothuigh Judy goidé rud eagla mámhothuigh aon duine ariamh é. Mhothuigh, na bhí fhios aici nach

L 229

seasóchadh an chomhla. Bhí na cláraí ag toiseacht a sgoilteadhcheana féin. Le sin thug sí iarraidh mhór amháin í féin ashábháil. D’fhéach sí le í féin a tharraingt fríd an tsleas-pholl. Ach bhí sé ró-bheag. Leig sí éigheamh bheag bhrónachagus tháinig sí arais go dtí an leabaidh. An bomaitecéadna sin fosgladh an doras le aon bhuille amháin, agustháinig an rud isteach. Níor luaithe a tháinig ná bhris snáitheéigin i n-inchinn Judy, agus thuit sí ina cnap i laige.

Nuair a d'fhosgail sí a cuid súile arís bhí sí sadorchadas. Bhí sí ina luighe ar an talamh, agus ar feadhtamaill ní thiocfadh léithe smaointeadh ar dhadaidh. Tháinigan t-iomlán arais chuici annsin do réir a chéile, aguschuir sí a fiacail ina puisín le í féin a choinneáil ósgreadaigh. Ní brionglóid sgáthamhail éigin ar bith a bhíann: an fhírinne a bhí ann. Tháinig rud éigin isteach inaseomra, rud éigin nach rabh ann ach gur chuimhin léithe gorabh méid mhillteanach ann, agus go rabh sé creathnach gobráthach i gcosamhlacht. Agus b’éigean dó go dtug sé arshiubhal ó'n tsoitheach í.

Cá rabh sí? Mhothuigh sí an talamh le n-a láimh agusfuair sí amach gur cré chruaidh a bhí ann. Le sin féin thuigsí go h-iomlán an cruadh-chás ina rabh sí. Bhí sí gaibhteag na brúide millteanacha seo. Mhothuigh sí bogadh éiginchomhair a bheith ag a taoibh, agus leig sí sgread bheag dáh-aindeóin féin. Ach nárbh' é an faoiseamh díthe annsinguth a chluinstin a rabh aithne mhaith aici air!

“Goidé mar tá tú, a Mhiss Draycott?"

“A Bhilí," ar sí de sgairt, “cé’n áit a bhfuilimídGoidé thárla?"

“An rud céadna a thárla ar an 'Phaquinetta,’" arseisean go dubhláitheach. “Mharbh siad nó rinne siadpríosúnach de gach duine ar bórd an tsoithigh, agus táimíd-ne aca anois."

Thoisigh gotha éigin a chainnt i dteangaidh Bhrazil i bhfhogasdaobhtha, agus d’fhiafruigh sí de Bhilí cérbh' iad féin.

L 230

“Cuid de'n fhoirinn. Tá suas le deichneabhar againnuilig. Tá an chuid eile marbh."

“Buidheachas do Dhia, a Bhilí, nár mharbh siad thusa."

“Badh é an buille sin a fuair mé sa chloiginn ar anbhád a shábháil mé. Tháinig mé chugam féin, agus bhí mé inmo luighe dallruighthe agus tinn ar an leabaidh an áit archaith siad mé, nuair a chuala mé an troid ag toiseacht.Le sin chuaidh mé suas ar uachtar gan oiread agus arm godíreach mar bhí mé, agus bhuail mé suas ar bheirt aca.Tháinig siad orm comh tobann sin nár iarr mé troid arbith a chur suas, agus le sin thug siad leó mé."

Thug sí uirthi féin an cheist a chur, d'aindeóin go rabheagla uirthi roimh an fhreagra -

“An bhfuil Mr. Maitland aca fosta?"

“Ní fhaca mé ar chor ar bith é, a Mhiss Draycott, éféin ná a chol ceathar."

“B'fhéidir go mbéadh seisean ábalta rud éigin adhéanamh," ar sí agus dóchas beag ag teacht innti arís.

Níor dhubhairt an seóltóir dadaidh. Sa chéad áit nírabh sé cinnte an bhfuigheadh Jim amach a choidhche cá rabhsiad; agus dá bhfuigheadh féin, goidé thiocfadh leis adhéanamh? Bhí na sgórtha de na beithidhigh seo, agus dán-éirigheadh leis cúpla ceann aca a chaitheamh féin, ní bhéadhannsin ach an chuid eile a chur ar buile tuilleadh.

“Cogar, a Mhiss," ar sé sa deireadh “an bhfuil doghunna póca leat?"

“Níl," ar sise. “Bhain an bhrúid sin Don Migueldíom é."

Le sin chomhair a bheith gur leig an seóltóir osna ósárd. Ní rabh maith anois a sgannradh níos mó ná bhí sí leiarraidh uirthi an inchinn a bhamt aisti féin dá dtigeadhortha. Ní thiocfadh leó a dhath a dhéanamh ach fanacht leó ibpian agus i gcrádh.

“Goidé dhéanfaidh siad linn, a Bhilí?" d'fhiafruigh si
go crith-eaglach.

L 231

"Ag Dia tá fhios," ar seisean. “Caithfimíd godíreach ár gcroidhe a choinneáil suas agus guidhe comh maitha’s thig linn."

“Ach, a Bhilí, an de’n chineadh daonda iad?”

“Tá siad leath ina ndaoine, agus leath ina n-ainmhidhthe.Is cuimhm leat gur innis mé sin duit. Tá cineál dechanamhain aca, na chuala mise iad ag cainnt, ach le h-amharcortha tá siad cosamhail le mongcaidhthe sár-mhóra."

“Creidim," ar sise go suaimhneach, “ creidim gomuirbhfidh siad smn."

Ní leigfeadh a chroidhe dó freagra do thabhairt uirthi.Ní rabh a dtiocfadh leis a dhéanamh ach guidhe go muirbhfeadhagus gan dadaidh níos measa a dhéanamh. Ní rabh arm arbith aige dó féin. Bhí sé neamh-chumasach le cuidiughadh arbith a thabhairt díthe. Chomhair a bheith go dtearn sé tinnleis an eagla é an chontabhairt a rabh sí ann mar chailín.Rinne sé a dhíthcheall marc a ghlácadh ar an bhealach ar tugadhé, ach ní rabh maith ann. Bhí cuma ar na mílte rian a bheithi n-asgar a céile, agus bhí cuid mhór de'n bhealach nárthaisbeáin an ghealach ar chor ar bith. Fríd an fhoraois, bísiad bunadhas an ama uilig sa dorchadas. Ní rabh fhiosaige ach go rabh siad i gcineál éigin de uaimh faoi thalamh,

Bhí beirt de na seóltóirí ag a dtaoibh ag cainnt, agusBhí go díreach a sháith eólais aige ar theangaidh Bhrazil lebrígh a gcomhráidh a dhéanamh amach.

“An gcluin tú goidé tá na buic sin a rádh?" ar sénuair a bhí siad réidh. “Do réir chuid de na foclalabhaireann na rudaí seo cineál de chanamhain Bhrazil.Agus ó'n méid a chuala siad-san is é an rud a thug ortha ansoitheach a ionnsaighe gur marbhadh a gceann urraidh, nó arí, nó rud éigin de’n tseórt, tráthnóna indiu."

“Níl sin ag dul a chuidiughadh linne mórán, creidim,"ar sise, agus rinne sí gáire beag brónach. “Cogar, aBhilí, nach dtiocfadh linn ealódh? Caithfidh bealach éigin abheith amach."

L 232

“Sin an chéad rud ar smaointigh mé féin air, a Mhiss.Ach tá béal na pluaise a dtáinigeamar isteach air dúntaag na diabhail.”

"Fágann sin i muinighin Jim sinn," ar sise, go h-íseal.

Le sin d'éirigh siad tostach, agus annsin chuaidh chuidsmaointe Judy arais go dtí an chéad oíche sin a casadhJim uirthi i Hampstead nuair a d’iarr sí a chomhairle fá’nchiste. Cé faoi an Rí a dtiocfadh leis smaointeadh gombéadh an deireadh air a bhí? Bhí sé uilig comh do-chreidtesm go rabh rud éigin ag innse díthe anois féin go ndúiseóchadhsí suas gan mhoill agus nach mbéadh aici ann uilig ach trom-chodladh éigin uathbhásach. Le sin féin sgairt sí:

“Ní thig leis a bheith fíor, a Bhilí. Tá sé go díreachcosamhail le Alice i dTír na n-Iongantas. Tchífimíd nachbhfuil ann uilig ach brionglóid agus nach bhfuil ins na rudaíseo uilig ach paca cárdaí.”

Ach an seóltóir a chuaidh suas 'ún urláir go díreach in-am le Mac an tSaoir a fheiceáil agus a mhuineál dábhriseadh le casadh láimhe, ní thiocfadh leis smaointeadhar dhadaidh le rádh. Leóga fuair sé é féin ag guidhe le gogcaillfeadh sí a ciall. Dá gcailleadh, d'imtheóchadh sí archaoi ar bith ar chuid de’n chrádh a bhí roimpi.

Chuir sé ceist air féin de’n ficheadh uair goide bhí agdul a thuitim amach. Cá fhad a bhíthear le n-a gcoinneáil sapholl seo faoi thalamh, agus goidé d’éireóchadh daobhthanuair a bhéarfaí amach iad? Do réir chosamhlachta, bhína brúidí ina gcodladh ag déanamh a sgíste i ndiaidh natroda.

Le sin féin briseadh isteach go tobann ar an chiúnasle gleó éigin ós a gcionn, an rí-rá a b'iongantaighe arbith. Thoisigh an clog a bhualadh mar bhéadh an donas ann.Thoisigh búirfeach agus gnúsacht a bhí ag éirghe ní ba láidregach bomaite do réir mar bhí tuilleadh de na brúidí agteacht go dtí nach rabh ann ach gurbh’ fhéidir a chluinstin,Bhí an talamh ós a gcionn uilig ar crioth agus thiocfadh leó

L 233

na cosa liobasta a chluinstin ag shiubhal anonn agus analll

Chuaidh an gleó i n-éag do réir a chéile agus stad anclog. Ach bhí cineál de ghliogarnach dhomhain go fóill athaisbeáin go rabh an drong la rabh siad gaibhte acamusgailte. Bhí fuam leis mar bhéadh rud éigin i ndiaidha gcorrughadh go mór, rud éigin a rabh siad ag cur síosair anois ar a suaimhneas. Agus annsin tháinig sgreadphianmhar a bhí le cluinstin ós cionn an iomlám.

“Tárrthail - tárrtháil! 'gheall ar Dhia."

Shuidh Blackett suas de gheit.

“Ní h-é sin Mr. Maitland,” ar sé go cinnte,“d’aindeóin go n-aithnighim an guth.”

“An cruitíneach a bhí ann," ars’ an cailín. “D’aith-neóchamn a ghuth i n-áit ar bith."

“An cruitíneach," ars' an seóltóir go mall. “Agusbhí seisean caoch. Cialluigheann sin go rabh siad ar anbhád s' againne fosta."

“Cialluigheann," ars' an cailín go téirimeach; “agusrud eile a chialluigheann sé nach bhfuil greim aca ar Jimná ar Phercy. Fágadh annsin leis féin é."

Níor dhubhairt Blackett dadaidh. An rabh sé riachtanachan chiall sin a bhaint as? Nó arbh’ amhlaidh a chialluigh ségur chuir Jim agus a chol ceathar suas troid agus gurmarbhadh iad, agus nach dtearnadh ach príosúnach a dhéanamhde'n chruitíneach siocair é bheith neamh-chumasach?

Bhí an-loinneacht ós a gcionn go fóill, d'aindeoin nachrabh comh h-olc a's bhí. Bhí ceann de na brúide a rabh cumaair a bheith ag tabhairt comhairle do’n chuid eile, agus nuaira bhí deireadh ráidhte aige leig a lucht éisteachta roinntbúirfí, mar bhéadh siad ag aontughadh leis. Agus chomhaira bheith ar an bhomaite annsin thoisigh tormán éigin marbheithí ag baint na mbarraí de dhoras an phríosúin, agussiubhal bog na gcos tárnocht ar an talamh. Le sin bhíceann de na brúidí i n-a láthair.

Thiocfadh leó a anál throm a chluinstin agus é ag

L 234

tuisleadh thart, agus annsin leig fear de na seóltóirí-Sasanach-leig sé sgread go tobann,

"Tá mé aige," sgairt sé. “Sábháiligidh mé, a bhuachaillí."

Chuaidh a ghuth i n-éag. Cuireadh suas na barraí arais,agus chuimil Blackett an t-allus dá éadan. Bhí fearamháin aca ar shiubhal. Cé a mbéadh sé ar a sheal an chéaduain eile? Níorbh’ fhéidir tárrtháil a thabhairt ar an duinebhocht. Níorbh' fhéidir dadaidh a dhéanamh ach suidhe agfeitheamh sa dorchadas.

Thoisigh an gleó ós a gcionn arís, agus leis an ghleótháinig cuid sgairtighe an chruitínigh agus an tseóltóra.Ach ar ball beag thoisigh an clog a bhualadh ath-uair, agusar an bhomaite stad an chuid eile de'n rí-rá go tobann.Bhí rud éigin chomhair a bheith sollamhanta sa tsonarach uaig-neach sin. Bhí fuaim leis mar a d’fhéadfadh a bheith le clogdá bhualadh i n-aoinfheacht le seirbhís éigin eaglaise. Lean séleis mar sin suas le cúig bhomaite. Agus sa chiúnas atháinig ina dhiaidh b'fhéidir gnúsacht dhomhain throm a chluinstin.Le sin féin leig fear de bunadh Bhrazil sgread, sgreadneimhe, agus dubhairt sé rud éigin le fear dá rabh inachuideachta. D'éirigh le Blackett a thuigbheáil go measardhaarís, agus chuala sé rud a thug air stánughadh isteach sadorchadas agus an dá shúil marbh ina cheann. Íodhbairt:íodhbairt dhaonda do dhia éigin! Sin an rud a bhí arsiubhal shuas ós a gcionn,

“Cuidigh liom, a chneamhaire Ifrinn: ná bí in doshuidhe annsin in do dhóbhrán."

Tháinig guth an tseóltóra a tugadh ar shiubhal chuca golag, agus thoisigh Bilí a leigint na mionnaí móra go frasfaoi n-a anál.

“Cuidigh liom, 'gheall ar Dhia. Abair rud éigin leisna péiste seo."

Bhí na focla dá mbriseadh ina bhéal dá mhéad a's bhí séfríd a chéile: do réir chosamhlachta, bhí an deireadh, cibédeireadh é, ag teacht. Le sin tháinig sé.

L 235

“Tá mé gaibhte ag ceann aca. Tá mé gaibhte agceann aca."

An dóigh a rabh sé ag sgreadaigh chomhair a bheith nárbh'fhéidir a thuigbheáil. Chuaidh an sgreadach i n-ísleacht annsingo dtí nach rabh innti ach munamar de chainnt gan chéill,agus báitheadh sin féin leis an uaill a thóg an lucht faire.Tar éis tamaill thraoith sin fosta, agus annsin bhí gachrud ciúin arís.

“Goidé tá ann, a Bhilí?" arsa Judy i nguth chriothach.

“Tá, go bhfuilimíd duine gann anois," ar seisean gosuaimhneach.

“Measann tú go bhfuil sé marbh."

“Tá eagla orm go bhfluil. Tá siad i ndiaidh a chur'un báis."

“Agus sin an rud céadna atá fá n-ár gcoinne-ne
fosta," ar sise go stuamdha.

“Tá sé cosamhail leis, a Mhiss Draycott," ar seisean.

“Goidé do bharamhail an dóigh a dtearn siad é?"

“Ní thig liom a rádh," ar seisean. "ó'n dóigh a rabhsé ag sgairtigh bhí cuma air go rabh sé ag guidhe an chruitínighle cuidiughadh leis."

“Dubairt sé, ‘Tá mé gaibhte ag ceann aca.' Ó!a Dhia," - d'árduigh a guth gur leig sí sgread - “nach dtigleat mise a thachtadh anois, a Bhilí?"

“Go suaimhneach, a Mhiss," ars' an seóltóir go lághach,d’aindeóin go rabh an croidhe ina chorp cráidhte. “Nácaillimís ár n-uchtach go fóill. B'fhéidir go bhfuigheadhMr. Maitland dóigh éigin le h-ár bhfagháil amach."

Ach ní rabh aon dóchas ina ghuth agus bhí fhios aige sin.

“Ní'l maith duit féacháil le sin a chur i n-umhail domha Bhilí," ar sise. “Tá an donas ró-fhada ar aghaidh fán-a choinne sin. An dóigh leat go bhfuil seans againn?”

“Is dóigh," ar seisean go colgach. “Is dóigh liom.Sin, má tá Mr. Maitland saor go fóill."

“Agus muna bhfuil?”

L 236

“Muna bhfuil, a Mhiss Draycott, táimíd caillte."

Bhí an cailín fíor-chródha, agus rinne sé amach gomb'fheárr an fhírinne a mnse díthe.

“Sin an rud a bhí de dhíth orm a fhagháil amach," ar sí.“Anois, a Bhilí, níl gunna póca ag ceachtar againn, agusba mhaith liom-sa thú rud éigin a dhéanamh damh, Tá sgeanaag na seóltóirí seo uilig. An bhfaighidh tú ceann aca ariasacht, le do thoil?"

“Tá sgian agam féin, a Mhiss Draycott," ar seiseango suaimhneach.

“Go maith. Anois má thig orainn, a Bhilí — má's rud égo gcaithfimíd tabhairt suas an ngeallfaidh tú damh ar dofhocal go muirbhfidh tú mé?"

Bhí tocht dócamhlach ar an tseóltóir ar feadh chúplabomaite, agus annsin thug sé freagra uirthi i nguth cheóchánach.

“Muna mbídh dadaidh le uchtach a thabhairt dúinn, abhean óg, bheirim mo fhocal duit go muirbhfidh mé thú.”

Le sin leig Judy Draycott osna bheag, Thug an méidsin féin faoiseamh díthe, agus shín sí amach a lámh chuige sadorchadas. Bhí fhios aici nach gchlisfeadh sé uirthi.

“An mbéidh sé i bhfad, a Bhilí, an dóigh leat?"

“Ag Dia tá fhios," ar seisean, agus go díreach lelinn é labhairt tháinig tormán na maide dá mbaint debhéal na pluaise, agus shoillsigh solus deallrach thart fábhallaí an phríosúin. Bhí ceann de na brúide ag teachtionns' ortha, agus soillseán leis a rabh rollóga tromadubha deataigh ag éirghe as. Bhí tuilleadh ina dhiaidh, agusle sin theann an cailín ní ba chomhgaraighe do Bhilí.

“Anois, a Bhilí-anois. Déan deifre! Geall tú!"

Tharraing seisean amach a scian dhruidte, agus d'fhosgailsé an lann mhór. Bhí an t-allus ina sheasamh ar chlár aéadain. Bhí sé go díreach ag iarraidh bheith ag tabhairtuchtaighe dó féin leis an ghníomh chreathnach a dhéanamhnuair tháinig blosg, blosg géar glan a chuir asmaointeadh é. Bhí sé i bhfad ar shiubhal ach níorb' fhéidir

L 237

a bheith meallta ann. Adharc an tsoithigh a bhí ann. Aguscé leis a dtiocfadh bheith 'á séideadh?

Baineadh stangadh as na h-arrachtaigh. Na príosúnaighnach rabh ann ach gurbh' fhéidir a bhfeiceáil fríd an tsolusdheatach, shuidh siad suas a dh'éisteacht. Bhí an adharc agséideadh leithe - hó-hó-hó : hó-hoh-hó. Trí bhúirfe fhada,agus annsin ceann fada, ceann goirid, agus ceann fadaarís. Shéid agus shéid sí arís agus arís, agus fá dheireadhthuig Bhilí goidé ba chiall do'n tséideadh. Leitreachamhorse a bhíthear a dhéanamh - O.K. Bhí duine éigin ag curan dá litir seo amach fríd an oidhche. Cé eile a thiocfadha bheith ann ach Jim Maitland? Chomhair a bheith gur chaoinBilí leis an lúthgháir, agus le sin chuir sé an sgian arais'na phóca. Ní rabh siad caillte go fóill agus an sgéalasin ag teacht chuca.