An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 3

Caibidil

Caibideal III.

I ndiaidh chomhairle eile ó'n mhaor a bheith ar a choimheád fá'n chineál cuideachtan a choinneóchadh sé feasta, sgar siad ó chéile go breágh carthannach. Bhí deoch fhada de dhíth ar Jim agus deoch bhríoghmhar; ach ar an droch- uair bhí sé ina dhligheadh nach dtiocfadh a leithéid a fhagháil san am sin de lá. Ó thárla sin amhlaidh, chuir sé Brooke ar aghaidh roimhe i ngluaisteán agus chuaidh sé féin chuig bearradóir.

Bhí brígh an druga chomhair a bheith caithte, agus ba léir do Jim go rabh sé i n-am dó cúrsa oibre a leagan amach dó sém. An chéad rud a rinne sé féacháil le smaoitiughadh ar an rud a dhéanfadh sé féin, dá mbéadh sé i n-áit an námhad. Bhéadh siad-san ag dréim, dar leis, gur dhóiche dó casaoid a dhéanamh leis na síoth-mhaoir. Sin é an chéad rud a smaointeóchadh bunadhas gach aon duine ar a dhéanamh i gcás de’n tseórt. Dhéanfadh sé féin amhlaidh, munab é comh h-ait a's thuit sé amach fá'n chomhrádh a bhí aige leis an chailín an oidhche roimh ré - comhrádh nach dtiocfadh leóbhtha-san fios ar bith a bheith aca fá dtaobh de. Agus goidé dhéanfadh siad i n-a dhiaidh sin? Bhéadh siad ag dréim leis na síoth- mhaoir cuairt a thabhairt ortha gan mhoill i ndiaidh a mheabhair a theacht arais chuige. Níorbh' fhéidir leóbhtha-san fios a bheith aca nach rabh fhios aige-sean go fiú ainm an bhóthair.

Bhadh é ba dóichghe mar sin, go mbéadh gach rian ar iad a bheith i seilbh ar an teach ar shiubhal anois. Ní rabh am ar bith le cailleadh aca, Gléasraí an chearrbhachais féin, chuirfeadh sin a h-ainm ós comhair an phobail i ndóigh nár mhaith leó, dá mba rud é go dtiocfadh na síoth-mhaoir ortha. Bheadh sé riachtanach deárbhadh a fhagháil ar an phoinnte sin; cinnte; ach dar leis féin gurbh' é seo an teóir ba chosamhla 

L 44

leis na gnoithí. Má's amhlaidh a bhí an chúis, bhí sé furas go leór cúrsa oibre a leagaint amach, ach bhéadh sé deacair a chur i ngníomh. Goidé mar d'éireóchadh leis teacht ar lorg an námhad arís?

Do réir chosamhlachta sgríobhadh an bagar ar shéala nach bhfuigheadh sé í go dtí go mbéadh sé i ndiaidh a chasaoid a dhéanamh leis na síoth-mhaoir agus a gcur i gcionn turais amadán. Bhí súil aca go dtiocfadh an bagar chuige nuair a bhéadh sé aingidhe agus feargach, ní h-é amháin cionn 's amadán a dhéanamh de féin, ach cionn ’s amadáin a dhéanamh de na síoth-mhaoir mar an gcéadna. Agus, ár ndóigh, ní bhéadh sé deacair a shamhailt goidé déarfadh na síoth-mhaoir, dá dtugadh sé leis iad go dtí teach folamh, ar shéala gur teach cearrbhachais a bhí ann agus teach i n-ar marbhadh fear. Tá fir go leór ann a dtabhairfeadh an bagar ortha an rud uilig a thabhairt suas. Níor dhuine aca sin eisean, ach níor bhac sé le sin. An mbéadh sé le céill aige leigint daobhtha- san sílstean gurbh' eadh

Ní bhéadh i bhfad go bhfuigheadh siad amach nach dtearn sé casaoid leis na síoth-mhaoir. Goidé an tuigbheáil a bhain- feadh siad as sin? Cinnte bhéadh sé ina dhearbhadh mhór go leór nach rabh de dhíth air ach an rud uilig a thabhairt suas. Dhéanfadh siad amach, b'fhéidir, gur fear gnoithe a bhí ann, agus nár mhaith leis a bheith luaidhte le dadaidh scannalach. Dá mhéad machtnamh dá dtearn sé ar an cheist, b'amhlaidh ba chinnte d'éirigh sé gurbh’ é a leas a bhfágáil ar an intinn sin.

Ní rabh ach poinnte amháin ina éadan: dá leigeadh seisean daobhtha-san leigfeadh siad-san dó. Ní rabh dadaidh ba deireannaighe d'iarrsadh siad ná aon duine bheith ag cur isteach ortha. Bhéadh dúnmharbhadh le míniughadh aca eatortha; agus go fiú dá n-éirigheadh leó an gníomh féin a chur síos do'n fhear dar b'ainm Ernesto, bhéadh an t-iomlán aca cionntach as a bheith rann-pháirteach ann. Goidé an

L 45

seans a bhí aige mar sin, a dhul níos fuide leis an chúis, muna ndéanadh sé an námhaid d'ionnsuighe?

Poinnte mór a bhí ann, cinnte-poinnte a rabh an iomad ag brath air. I dtaca leis an chúis fhágáil mar bhí sé, ní thiocfadh leis smaointeadh ar sin; ach goidé bhí le déanamh aige? Mar bhí sé fá láthair, bhí gach rud ina éadan. Dá mb’fhéidir leis cur i gcéill do'n námhaid go rabh sé ag déanamh neamh-iongantais de’n sgéal, agus san am chéadna a bheagán nó a mhórán eólais a fhagháil a bhéarfadh tuairim dó cá rabh siad, bhéadh seans aige. Cinnte, ní bhéadh ann uilig ach ádh, dá n-éirigheadh leis. Ach bhí dóchas mór ag Jim Maitland as ádh, agus ba mhaith an tuar é bheith leath-uair i ndiaidh a cúig a chlog ag dul isteach sa chlub dó. Ní rabh an dligheadh ag bac do dhuine deoch bhiotailte a ól an t-am seo.

Badh é percy an chéad duine a casadh air. D'amharc sé sin air agus iongantas air.

“Dar fiadh! a mhic ó," ar sé, “munab ort atá an chuma chraithte! Ní'l do shúil deas éagcosamhail le h-uibh rósta, agus tá sé cruaidh ort a bheith comh míleata in do iomchar is tá sé de ainm ar ár mbunadh-ne a bheith de ghnáth."

“Druid suas,” arsa Jim. “Sin ar ghnothuigh mise ar bhur siamsa malluighthe. Cogar mar seo, a ghiolla óig, goidé ainm an bhóthair sin, an áit a bhfuil an teach? An teach sin a dtug tú mé go dtí é aréir."

“Níl oiread agus tuairim agam, a mhic. Cé h-aige a mbéadh fhios goidé an t-ainm atá ar bhóthar ar bith i Hampstead?"

“Ach, damnughadh ort, a amadáin, ar ndóigh is minic a bhí tú ann."

“Tá fhios agam sin, a mhic. Tá fhios agam sin go maith. Bhí mé ann go mion agus go minic, bhí sin. Thiocfadh liom an áit a dhéanamh amach sa dorchadhas agus mo dhá shúil druidte, ach ní thiocfadh liom ainm an bhóthair a innse duit, dá mbéadh mo bhás de gheall leis."

L 46

D’amharc Jim air.

“Tá sé ag éirghe níos lugha gach lá cibé leith-scéal atá ag do leithéid fanacht beó ar chor ar bith," ar sé sa deireadh. “Ach tú féin a bhéas shíos leis. Tiocfaidh tú annseo anocht le do charr fá mo choinne-se ar a h-aon déag a chlog. Annsin tiomáinfidh tú mé go dtí an áit a rabh an siamsa amaideach sin agaibh aréir. Ina dhiaidh sin thig leat imtheacht le d'amaidigh féin."

“Ach, a dhuine chroidhe," arsa Percy, “cad chuige go dteastuigheann sin uait? Ní bhéidh aon duine de na buic annsin anocht."

“Ní bhéidh agus is é is lugha thig le duine a dhéanamh buidheachas a thabhairt ó n-a chroidhe do Dhia ar a shon," arsa Jim ag deargadh toitín.

“Cad chuige, mar sin, a dteastuigheann uait dul ann?"

“Le marc a chur air mar áit a gcaithfidh mé a seachnadh ó seo amach," arsa Jim.

“Seo, seo anois," arsa Percy. “Gan magadh ar bith goidé tá in do chionn?"

Stánuigh Jim Maitland ar Phercy. I gcionn tamaill bhig thoisigh smaointeadh nua a theacht fríd a chionn, smaointeadh, b'fhéidir, a tháinig as an chomhrádh a bhí aige le Judy Draycott. Nar fhéad sé féacháil a chur ar dhuine de'n Aos Óg Aerach? Goidé mar chruthóchadh Percy i n-am géibhinn?

“Tá mé ar tí deoch a órdughadh dhuit, ghiolla óig,” ar sé, “agus fhad is bhéidh tú ag tomadh do gháothsáin ann tá mé ag dul a dh'innse sgéil bhig duit. Ach sul a dtoisighidh mé caithfidh tú a gheallamhain nach rachaidh aon fhocal dá n-abróchaidh mé tharat gan mo chead."

“Tá an gealltanas tugtha," arsa Percy go suaimhneach.

I ndiaidh mise do fhágáil aréir, agus mé ag siubhal liom le boladh bréan na sgadán buidhe a chur as mo ghaothsán, chuala mé urchar gunna póca. Tháinig sé as teach a rabh mé ag dul thart leis. Bhrostuigh an tsean-fhiafruigheacht atá

L 47

sa dúthchas agam mé nó gur bhris mé isteach 'un tighe. Fuair mé amach annsin gur teach cearrbhachais a bhí ann. Le cois gach mion-rud eile dá bhfaca mé, fuair mé fear ina luighe annsin agus é marbh. Cuireadh piléar fríd an chroidhe ann. Gan mhoill ina dhiaidh sin tugadh drug damh, agus tá mé i ndiaidh an lá indiu a chaitheamh sa bheairic i Streatham."

“ Téigh go - ,” arsa Percy ag gáiridhe. “ Má's ag iarraidh sgéal mar sin a chur i n-umhail damh atá tú, a mhic, ní dhéanfaidh tú maith."

“Níl ann ach corp na fírinne, a Phercy," arsa Jim go dubhlaitheach. “Anois éist le seo."

Le sin d'innis sé an sgéal uilig gan dadaidh a chur leis. Níor fhág sé amuigh ach poinnte amháin - an tuairim láidir a bhí aige gurbh' é deárthair Judy Draycott an fear a marbhadh. Maidir le sin agus le n-a bhféadfadh de achrann a theacht as, níor rud é a theastuigh uaidh a innse dho aon duine san am a bhí i láthair faoi an am a rabh deireadh ráidhte aige bhí súile Phercy i riocht dul amach as a chloigmn.

“Tá seo ar fheabhas," ar sé, “Thig leat a bheith cinnte go bhfuighidh tú mo chuidiughadh-sa, a mhic. Is é tá fút dul ann agus amharc eile a fhagháil ar an teach anocht. Agus, dar fiadh! Tá teach cearrbhachais shúas fá'n áit sin Chuala mé trácht air, mé féin. D’innis fear annseo sa chumann damh fá dtaobh de -Teddy d'Acres."

Sgairt sé ar fhreastalaidhe a bhí ag dul thart.

“An bhfuil Lord d'Acres istigh?" d'fhiafruigh sé.

“Tá sé ag imirt chártaí, a dhuine uasail," ars' an fear.

“Gheobhaidh mise greim air, a Jim," arsa Percy, ag
éirghe ina sheasamh.

“ Ná h-abair dadaidh, bhíodh fhios agat," arsa an fear eile, “ Faigh amach fá'n áit ; ach ná h-abair níos mó,"

“ Fág agam-sa é, a mhic,"

D'imthigh cé agus i gcionn chúpla bomaite tháinig sé arais agus sgéala leis go rabh Teddy go díreach ag 

L 48

críochnughadh cluiche agus go mbéadh sé chuca ar ball beag,

“Abair leis," arsa Jim, “go bhfuil fonn imeartha orm-sa, agus gur mhaith liom áit ma bhfuil ionnraiceas."

“Is mór an truaighe," arsa Lord d'Acres, cúpla bomaite ma dhiaidh sm, “is mór an truaighe nár casadh orm aréir thú. Bhí mé féin ag imirt agus thiocfadh liom do thabhairt liom. Agus maidir leis an oidhche anocht, tá eagla orm nach mbéadh faill ar bith agam."

“Goidé ainm an tighe?" d'fhiafruigh Percy.

“Damnughadh, má tá fhios agam, a mhic," ars' an fear eile. “Uimhir atá air, measaim. Ach Oakleigh Avenue ainm an bhóthair."

“Sin é," arsa Percy, ag iompódh thart. “Is cumhin liom anois é. Sin an áit ar casadh ar a chéile sinn aréir."

“Maidir le sin," arsa d'Acres, “b'fhéidir go rabh sibh fhad ar aghaidh gan a bheith annsin. Ní rabh againn ach oidhche bhocht. Bhímíd ag imirt de ghnáth go dtí an trí nó an ceathair a chlog, ach sgabamar ar maidin indiu i dtrátha an h-aon."

D'séach Jim air go smaointeach.

“An rabh siocair ar bith speiseálta agaibh le sin?" d'fhiafruigh sé.

“Bhí, bhí diúlach annsin a bhí leath ar meisge, agus thoisigh sé a thógáil bruighne. Thoisigh sé a strócadh mionna mór agus a rádh go rabhthas mí-ionnraice leis, rud nach rabh ann uilig ach amaidighe. Tá mise ag tarraingt ar an áit le gearrithamall maith agus tá gach rud ann mar is cóir. Thug sé mionna annsin go ngoirfeadh sé ar na síoth-mhaoir, agus dar leis an mhac seo go rabh sé i n-am na bonnaí a bhaint as."

“An bhfuair sé na síoth-mhaoir?" arsa Jim go réidh.

“Sin sgéal nach dtig liom-sa a innse," arsa d'Acres. “Chuaidh mé féin a luighe i n-am nádúrdha uair amhám m mo shaoghal."

“Níl fhios agam arb' é sin an fear a casadh orm-sa

L 49

nuair a bhí mé ag déanamh mo dhinneára," arsa Jim. “Bhí snáthadh maith ólta aige an t-am sm féin, agus é ag fiafruighe do gach duine an rabh fhios aca cá bhfuigheadh sé tamall cearrbhachais. Fear mór alpardha a bhí ann, agus ceann fionn gruaige air."

Chraith d'Acres a cheann.

“Ní h-é. Diúlach tanaidhe dubh a bhí san fhear seo. Níl oiread agus tuairim agam goidé a ainm, ach bhí sé go díreach i ndiaidh pilleadh as Americeá Dheas, an áit, dar leis, a rabh cearrbhachas ar dóigh."

Níl seo ró-mhaith, smaointigh Jim. Ó'n méid a chuala sé go dtí seo ní fhacthas dó go rabh dadaidh a thaisbeánfadh go rabh siocair ar bith eile leis an sgaoileadh ach bruighean éigin a d'éirigh eatortha féin le linn a bheith ag imirt.

“Cé tá i mbun na h-áite?" d'fhiafruigh sé.

“Tá foireann aca i gcomhar, measaim, Ranntar leóbhtha-san do réir cúig sa chéad: bíonn an biadh agus an deoch i n-asgaidh."

D'éirigh sé ina sheasamh.

“Innis damh, má theastuigheann uait a dhul ann am ar bith," ar sé. “Ach tabhair sgéala damh i n-am, nó tá mé cineál gnoitheach. Agus muna dtig liom féin a dhéanamh, gheobhaidh mé sean-Mhonty le do thabhairt ann, Caithfidh duine éigin a bfuil eólas air do chur i n-aithne an chéad uair. Bíonn seisean annsin i gcomhnuidhe. Maidir le sin, tá tuairim agam go bhfuil sé féin ar fhear de'n fhoirinn. Agus ó'n méid a chluinim, tá feidhm ag an tsean- bhoc chéadna ar gach pighinn airgid dá dtig leis a lámh a chur air."

Níor bhog oiread agus féith i n-aghaidh Jim: bhí cuma air go rabh suim aige sa chomhrádh agus go rabh sé ag éisteacht leis go múinte, ach sin a n-aithneóchadh duine ar bith air.

"Monty," ar sé. “ Cé'n Monty ? "

“Monty Barnet," ars'an fear eile. “ Shíl mé go

L 50

rabh aithne ag gach duine ar shean-Mhonty. Bhal - slán agaibh. Innis damh-da é am ar bith a mbéidh fonn imeartha ort."

D'imthigh cé leis, agus le sin thug Jim a aghaidh ar Phercy.

I n-ainm an diabhail cé h-é Monty Barnet, an dtiocfadh leat innse damh?"

"A mhic an Rí! a dhuine - cinnte ní féidir gurab eisean a bhí i gceist ag an fhear chaoch! Sin Sir Montague
Barnet, Barún de shliocht chéimeámhail ársa. Tá áit mhór aige nach bhfuil i bhfad ó Chrowborough."

"Is cuma sa diabhal liom fá láthair cá bhfuil a áit," arsa Jim, “Goidé an seórt duine é i gcosamhlacht?"

“Fear mór alpardha, agus croimbéal beag dubh air. Tá sé dearg go maith san aghaidh."

Dhearg Jim Maitland toitín.

“Má tá sin amhlaidh, a Phercy," ar sé go suaimhneach, “chuirfinn a cúig os coinne an h-aon go bhfuil do Bharun céimeamhail ársa ar fhear de na buic atá de dhíth orainn. Fóireann do chunntas dó go breágh, agus tá do chara d'Acres i ndiaidh innse dúinn go mbíonn sé annsm go minic,"

“Agus goidé tá tú ag dul a dhéanamh?" arsa Percy. Ní thig leat a dhul agus dúnmharbhadh a chur síos do’n duine."

“An bhfuil fhios agat goidé mar tá sé, a ghiolla óig " arsa Jim fríd ghreann, “ bíonn amannaí ann, agus cuireann sé i mbárr mo chéille mé smaointeadh go bhfuil gaol ar bith agam leat. Imthigh leat anois, agus tar arais ar an h-aon déag a chlog i gculaith dhubh, agus bíodh lóchrann aibhléise leat in do phóca.”

D'amharc sé ar a uaireadóir. Bhí sé go díreach ar bhomaite an sé. Dá mbíodh sé ádhmhail go leór d'fhéadfadh sé greim a fhagháil ar an fhear a bhí de dhíth air sul a bhfágadh sé sin an oifig. Bhíodh an oifig fosgailte go mall ag na Henley Bhros. - áit a dtiocfadh le duine ó leath-chéad punt go dtí míle a fhagháil ar iasacht agus gan ach nóta a sgríobhadh.

L 51

Agus ná déan dearmad," ar sé, ag bagar air de'n uair dheireannach, “ná fosgail do bhéal le aon duine beó,
ná brisfidh mé do mhuineál bradach ina dhá chuid."

D’innis cléireach bealuighthe san oifig amuigh dó nach mbeadh cabhair ar bith dó féacháil le dhul leis an bhodach istigh, ach thoiligh sé ainm Jim a chur ina láthair. Agus má thoiligh féin, níor chuir an bodach suas dó.
“A Mhr. Maitland, a chara, mar orm atá an lúthgháir romhat!

D'éirigh bolgadán beag de Iúdach ina sheasamh nuair a chuaidh Jim isteach. Rinne sé comhartha le cathaoir agus shuidh Jim síos. Shuidh an t-Iúdach féin annsin arís agus d'amharc sé ar Jim go géar faithchilleach.

“Agus goidé an chabhair a thig liom a thabhairt duit-se, a Mhr. Maitland ? "

“Níl míle punt de dhíth orm, a Isaac," arsa Jim go tur. “Ní fear milliúin mé, agus ó thárla nach eadh, ní bhéinn i ndán an gaimbín a íoc. Ach tá roinnt eólais de dhíth orm."

“Goidé an cineál eólais?"

“Eólas, agus muna dtig leat a thabhairt domh anois, thig leat a fhagháil damh. Ní thaitneann do cheard liom, a Isaac, rud atá fhios agat féin go maith; ach b'fhéidir gur cuimhin leat an lá udaí i Marseilles nuair a shábháil mé do bheatha éadtairbheach."

Cuimhne mhaith a bhí ag Isaac. Goldstein ar an lá chéadna, rud a thaisbeáin an dreach tláith mí-lítheach a tháinig ar a aghaidh le linn smaointeadh air. Badh é sin an t-am sul ar thoisigh sé a thabhairt na “Henley Bros." air féin, d'aindeóin gur ar aon dóigh amhám a shaothruigheadh sé a ghléas beatha. Ach rinne cuid de mhuinntir Mharseille suas a n-intinn go tobann go rabh sé rud beag ró-shanntach aige míle sa chéad a bhaint amach mar ghaimbín. Agus na daoine atá san áit sin, tá siad garbh agus tobann 'na ndóigh. Le sgéal goirid a dhéanamh de, munab é comh

L 52

tráthamhail a's thárla Jim Maitland bheith ag dul an bealach agus go dtámig sé ortha, ní bhéadh Isaac Goldstein ina shuidhe san áit a rabh sé anois. Bhí fhios aige fém sin go maith agus bhí sé buidheach do'n fhear mhór seo a rabh an gloine ar a shúil.

“Is cuimhin liom é go maith, a Mhr. Maitland," ar sé go h-umhal, “Na rógairí bradacha!"

“Cuir uait an chainnt sin, a Isaac, B'airidhe ort iomlan a bhfuair tu. Ach is cuma fá sin. Thig leat rud éigin a dhéanamh damh-sa anois ar son a dteárn mé duit. Ná creathnuigh. Mar dubhairt mé cheana féin, eólas atá de dhíth orm agus chan airgead. Anois, sa chéad áit, goidé tá fhios agat fá Sir Montague Bharnet?"

Bhreathnuigh an t-Iúdach air go géar.

“Creidim nach dadaidh dá bhfuil in 'who's who ' atá de dhíth ort" ar sé.

“Tá an ceart agat, ní h-eadh," arsa Jim.

“Bhal, níl fhios agam-sa dadaidh fá'n duine féin, ach ..."

Spréidh sé amach a dhá láimh ionann a's go mb'fheárr leis gan aon dath a rádh.

“Sin go díreach é," arsa Jim. “ Ach. Seo anois, a Isaac, labhair amach. Tá mo dhinneár de dhíth orm-sa, agus tá deifre orm. Níl maith ar bith duit a bheith ag iarraidh cur i gcéill damh-sa nach bhfuil an t-iomlán agaibh ag obair as lámha a chéile."

"Bhal, tá sé fíor go gclumimíd corr-rud i gcúrsaí gnoithe," d'admhuigh an fear eile, “Tá cara damh adubhairt liom go dtug sé iasacht airgid do Sir Montague 'dó nó 'trí 'e chuarta."

“Innis an fírinne mar bhéadh fear ann, a Isaac, an bhfuil sé i n-abar i bhfhiacha?"

Thug an t-Iúdach freagra macánta ar cheist uair amháin ina shaoghal.

"Tá, a Mhr. Maitland - tá sé sin," 

L 53

“Maith go leór. Níl i n-ar dhubhairt tú ach dearbhadh ar a gcuala mé cheana féin. Anois an chéad phoinnte eile. An bhfuil fhios agat dadaidh fá theach phríobháideach cearr- bhachais i n-Oakleigh Avenue shúas i Hampstead?"

Le sin tháinig amharc i súile Isaac ar feadh ceathramhadh bomaite, amharc nach dteachaidh ag Jim a thuigbeáil goidé b’ughdar dhó.

“Níor chuala mé trácht air ariamh, a Mhr. Maitland," arsa an t-Iúdach.

“Ní fíor duit sin. a Isaac," arsa Jim go suaimhneach fear ar bith a bhfuil an cheard aige atá agat-sa, bhéinn ag dréim le é a bheith ábalta greim níos feárr a choinneáil ar a dhreach. Anois, tá fhios agam go maith nach bhfuil fiachadh ar bith ort a innse damh; san am chéadna rinne mise gar duit-se uair amhám. Mar sin de, fiafruighim díot arís. Goidé tá fhios agat fá'n teach cearrbhachais sin?"

“Cad chuige a bhfuil tú ag cur na ceiste, a Mhr. Maitland? " ar sé sa deireadh.

“Cad chuige a gcuireann aon duine ceist?" arsa Jim. “Siocair gur mhaith liom do fhreagra-sa a chluinstin,
a Isaac."

Tháinig faitchíos ar an fhear eile arís.

“Seo, a dhuine, amach leis," arsa Jim go mí-fhoighdeach. “Tá tú i ndiaidh a admháil anois go bhfuil fhios agat fá dtaobh de. Thig leat a innse damh ná gan a innse mar is mian leat. Ach ní theastuigheann uaim suidhe annseo go maidin,"

“Tá teach i n-Oakleigh Avenue cinnte go leór, an áit a mbíthear ag imirt," arsa an t-Iúdach go tobann “Ach ní rabh mé féin ann ariamh."

“An bhfuil baint ar bith ag an fhear seo Barnet leis

“B’fhéidir, a Mhr. Maitland. B'fhéidir."

“Agus goidé an bhaint atá ag an chruitíneach chaoch leis?"

L 54

Tháinig an cheist mar thiocfadh urchar as béal gunna, agus b'iongantach an dóigh ar chorruigh sí an t-Iúdach. Dhírigh sé é féin suas mar bhéadh cearnabhán i ndiaidh cealg a chur ann, agus bhí a lámha ar crith.

“Cruitíneach caoch a Mhr. Maitland,” ar sé go briotach, “níl fhios agam goidé bhfuil tú ag cainnt air."

“Is tusa féin an bréagaire amháin is mó ar dhruim an domhain,” arsa Jim. “Muna bhfuil fhios agat goidé bhfuil mé ag cainnt air, cad chuige a dtáiniig baspairt ort nuair a chuir mé an cheist? Tá suim agam san duine sin, a Isaac," ar sé go lághach annsin, “agus béidh mé iongantach buidheach duit, má thig leat aon eólas a thabhairt damh fá dtaobh de. Cuir i gcás anois, goidé a ainm?"

Ach chraith an t-Iúdach a cheann.

“Níl fhios agam dadaidh fá chruitíneach chaoch ar bith, a Mhr, Maitland," ar sé go fáilthidhe. “Mar dubhairt mé cheana féin, ní rabh mé ariamh sa teach, agus má tá fear caoch ar bith annsin ní thig liom-sa a rádh cé h-é féin. Tá mé buadhartha nach dtig liom cuidiughadh leat."

“Ní h-é nach dtig leat-ach nach mian leat," arsa Jim go tur.

Le sin d’éirigh sé ina sheasamh, agus chuaidh sé go dtí an doras. Níor leig sé air féin go bhfaca sé lámh an fhir eile a bhí sínte chuige.

“Slan agat, a Isaac, Níl mé cinnte narbh’ fheárr domh leigint duit déanamh as duit fém an tráth sin i Mar- seilles."

Shiubhail sé arais go dtí an club, agus é ag cur an chomhráidh fríd a chéile ina intinn. B’fhuras a fheiceáil go rabh aithne ag Isaac Goldstein ar an fhear chaoch, agus bhí aithreachas air anois go dteachaidh sé dhá chomhair ar chor ar bith. Níor ghnóthuigh sé dadaidh le linn a dhul a chainnt leis, agus anois dá n-innseadh an t-Iúdach go dteachaidh sé aige, thiocfadh sm go mór ma éadan. Bhéadh fhios ag an mhuinntir eile nach rabh sé ag brath an chúis a thabhairt suas. 

L 55

Ach bhí an dochar déanta, agus ní rabh neart air. Chuir sé an cheist ar an Iúdach comh luath a's tháinig sí isteach ina cheann, agus chaithfeadh cé cur suas leis comh maith a's thiocfadh leis. Bhí rud amháin, ámh, a bhí soiléir. Níorbh' é amháin go rabh aithne ag an Iúdach ar an chruitíneach, ach bhí eagla a chraicinn air roimhe. Ní dadaidh eile ach eagla bhéarfadh air a bheith mar bhí sé. Le sin mhothuigh sé a chuid suime san fhear chaoch ag méadughadh.

D’innis a chiall féin dó nach mbíonn eagla ar leithéid Isaac Goldstein de ghnáth roimh dhaoine a iomcharas iad féin go h-ionnraic fríd an tsaoghal. Badh é an t-eólas a bhí le fagháil cérbh' é an cruitíneach agus goidé an rud é. An rabh ann ach fear tighe cearrbhachais nó fear a rabh páirt- eachas aige i dteach cearrbhachais - nó arbh' amhlaidh go rabh lamh aige i rógaireacht a ba mhór-luachaighe ná sin? Muna rabh ann ach fear tighe cearrbhachais níor leith-sgéal ar bith sin do Isaac Goldstein a bheith ar crioth ina chirteach le h-eagla roimhe; ach má bhí rud éigin ní ba mhó ná sin eadar lámha aige, b'fhéidir go rabh Jim féin ag dul ní ba doimhne san uisge ná cheap sé. Sa chás sm de, dá thúisge dhá bhfuigheadh sé tuilleadh eólais b'amhlaidh a b'fheárr. Agus go díreach le sin smaomtigh sé agus é i ndiaidh corradh isteach sa chlub, smaointigh sé go rabh áit eile go fóill a bhféadfadh sé sin a fhagháil. Bhíodh a dhinneár annsin ag Clement Hargreaves chomhair a bheith gach tráthnóna, agus d’aindeóin gur duine béal-druidte a bhí ann, b’fhéidir go h-éireóchadh le Jim tabhairt air a bhéal a fhosgladh. Ní rabh mórán daoine, dá láighead baint dá rabh aca le coirthe, nach rabh eólas ag Clem ortha, agus duine a bhí sa chruitíneach nar dheacair a aithne.

Bhí an t-ádh air : fuair sé Clem ma shuidhe ag ól gloine fíona i seomra an tobac, agus chuaidh sé chuige ar an bhomaite.

“An bhfuil tú ar an obair rúnda seo go fóill, a Chlem?" d'fhiafruigh sé.

Tá, tá mé ag déanamh an bheagáin bhig a thig liom go 

L 56

fóill leis an neamh-choirtheach a shábháil ar an droch-dhuine," ars'an fear eile ag gáiridhe, “Bíodh deoch agat, a Jim. Tá sé suas le cúig bliadhna ó casadh ar a chéile sinn."

“Badh mhaith liom tú rud éigin a innse damh, a mhic, muna misde leat."

“Nó má thig liom."

"Ca va san dire."

Dhearg sé toitín: dar leis féin go nglacfadh sé an dóigh chéadna a ghlac sé leis an tsíoth-mhaor i Streatham.

“Chuaidh mé suas bealach Hampstead aréir go dtí teach annsin le tamall cearrbhachais a bheith agam. Áit fá choinne na h-ócáide, tá fhios agat."

“Níl fhios agam dadaidh de’n tseórt," arsa an fear eile. "Fásanann na h-áiteacha seo suas mar bhéadh beacáin bearach ann. Ach lean leat."

“Casadh fear orm annsin a mb’éigean damh suim a chur ann. Bhí sé suas le cúig troighthe ar aoirde ; bhí ciabhlach agus guailneacha air a dhéanfadh sáith fáthaigh: fear dall é. An bhfuil fhios agat dadaidh fá dtaobh de?"

D'ól Hargreaves siar a dheoch agus dhearg sé toitín eile.

“Goidé an gnoithe a thug eisean in do láthair?" d'fhiafruigh sé sa deireadh.

"Ba dóigh liom gur de'n dream ar leó an teach cearrbhachais é," arsa Jim.

“Agus an é sin an fáth go bhfuil suim agat ann?"

“Nach tú an sean-rógaire faithchilleach!" arsa Jim
ag gáiridhe.

“An tusa tá ag cuartughadh eólais, nó mise?"

Ach ní tháinig gáire ar bith ar aghaidh an fhir eile.

“Tá fhios agam-sa sgéal do bheatha-sa, a Jim, níos feárr ná tá fhios ag mórán," ar sé go suaimhneach “ Agus tá fhios agam nach bhfuil aon duine ar mo aithne is feárr atá i ndon aire a thabhairt dá ghnoithe féin. Ach má thuit tú féin agus an fear a bhfuil tú i ndiaidh trácht air amach le

L 57
n-a chéile ar dhóigh ar bith, ní thig liom a thabhairt duit ach comhairle amháin. Seachain an teach feasta."

“Táimíd ag dul ar aghaidh," arsa Jim. “Do réir chosamhlachta tá aithne agat ar mo dhuine. Cad chuige an doicheall seo atá ort roimhe?"

“Ó'n chunntas atá tú i ndiaidh a thabhairt air, ní thig a bheith i gceist ach fear amháin," arsa Hargreaves. “Agus níl eagla ar bith orm a rádh go bhfuil sé ar fhear de na bitheamhnaigh is baoghalaighe dá bhfuil amuigh as príosún fá láthair. Emil Dresler a bheir sé air féin, agus tá pas de chuid Americeá aige. Tá gach aon cheárd ar an tsaoghal aige. Bhí sé am amháin agus bhí lámh aige i ndíol sglábhaidhthe bána, ach tá sin tugtha suas aige, ar feadh a bhfuil fhios againn. Díolann sé druganna neamh-óraice; tá sé i n-a rí-fhear gaimbín, agus baineann sé amach airgead tosta. Le n-a chois sin uilig, táimíd chomhair a bheith cinnte gurbh' é a b’ughdar do dhá dhún-mharbhadh."

“Tá seo maith," arsa Jim go suaimhneach. “An mbéadh sé gan mhúnadh agam a fhiafruighe cad chuige nach bhfuil an duine cóir seo sa phríosún?"

“Is furas sin a innse. Ní thig linn dadaidh a chruthughadh. Tá sé i bhfad ró-ghlic, Cumhduigheann sé a chuid lorgnach comh damánta cliste sin nach mbíonn dul againn greim a fhagháil air am ar bith. Leagann seisean amach na bearta, agus gheibh sé daoine eile leis an obair a dhéanamh. Imthigheann siad-san annsin agus gheibh siad duine éigin eile, agus is é an deireadh bhíos air nach féidir a chuid-sean de'n ghnoithe a dhéanamh amach ar chor ar bith. An sean-sgéal i gcomhnuidhe - ní'míd i n-amhras fá’n fhírinne, ach ní thig linn a chruthughadh. Dá bhfuighimís seans beag ar bith bhánócháimís ás an tír é, ach ní thug sé sin dúinn go fóill.”

“Diúnlach beag laghach é, is cosamhail,” arsa Jim ag gáiridhe. Agus tá tú de'n bharamhail go mb’fheárr damh a

L 58

ainm a ghearradh amach as liosta na ndaoine a dtéighim a chuartaidheacht chuca ? "

“Ní thig liom smaomteadh goidé mar thárla duit a ainm a bheith agat ar chor ar bith. Fear é a fhanas ar chúl scéithe comh maith agus thig leis. Agus má tá teach cearrbhachais aige, thig leat-sa do rogha geall a chlur go bhfuil sé ag gnóthughadh níos mó air ná a sciar de'n ‘chagnotte.' Ar shonnruigh tú a dhath contráilte?" “Níor shonnruigh," arsa Jim. “Ach glacfaidh mé do chomhairle agus ní rachaidh mé dhá chomhair arís.

Le sin tharraing sé an comhrádh ar sgéal éigin eile. B'fhéidir nach mbéadh sé furas tuilleadh ceisteanna fá'n áit a fhuasgladh. Fuair sé ní ba mhó eólais le linn na h-uaire deireannaighe ná shamhail sé a thiocfadh leis a fhagháil. Mar sin de d’fhág sé slán ag Hargreaves agus d'imthigh sé leis go dtí an proinn-seomhra. Fuair sé páipeár tráthnóna ar a bhealach. Páipeár mall a bhí ann, an ceann ba mhoille ar fad; ach ní rabh trácht ar bith ann go bhfuarthas aon chorp marbh.

Ach níor dhadaidh sin ann féin. I ndiaidh ar dhubhairt Hargreaves bhí sé ní ba chinnte ná bhí ariamh go mbéadh teach an chearrbhachais dúnta glan. Dá mhéad dá rabh eadar lámha ag an fhear a bhí ar a chúl, sin mar ba lugha bhéadh fonn air é féin a chur i gcontabhairt. Mar sin de, cad chuige a rachadh seisean de chomhair an tighe, ar chor ar bith Mhachtnuigh sé ar an cheist sin agus é ag déanamh a dhinneára, agus shocair sé a bheart fá dheireadh. Rachadh sé ann! Ciaca bhéadh maith ann ná nach mbéadh, bhí fhios aige nach mbéadh a intinn suaimhneach go dtí go mbéadh sé cinnte nach rabh an corp annsin go fóill. Maidir le goidé dhéanfadh sé nuair a bhéadh an t-eólas sin aige fá dtaobh de ní rabh fhios aige i gceart go fóill. Bhéadh sé i n-am go leór sin a shocrughadh nuair a thiocfadh an t-am.

Nuair a d’fhág sé an proinn-seomra sméid an doirseóir air. Bhí litir i ndiaidh a theacht fá n-a choinne. Lorg láimhe

L 59

mná a bhí ar an chlúdach, ach ní rabh fhios aige cé'n bhean í. Le sin d’iarr sé braon brandaí a thabhairt chuige le n-a chuid caifé go dtí seomra an tobac agus d’fhosgail sé an litir. Badh é an t-ainm a bhí ag a deireadh na chéad fhocla a thug sé fá dear — Judy Draycott. D’fhosgail sé amach an duilleóg agus thoisigh sé a léigheadh.

“Tráthnóna Dia Ceadaoine, 37a Cearnóg Langham,

“Guthán: Grosvenor A. 123..

“A mhr. Maitland, a chara,

“ B’fhéidir gur cuimhin leat gur casadh ar a chéile sinn aréir - nó an ar maidin indiu é ? — ag siamsa lucht an leanna agus na gcnámh. Agus thug mé ort éisteacht annsin le sgéal fada fá mo dheárthair agus fá chiste foluighthe atá i n-Americeá Sheas. Bhal, thárla rud éigin nua ar maidm indiu. D'innis mé duit, measaim, gur sgríobh Arthur chugam ag rádh dá mbaineadh dadaidh de, go bhfuighmn litir a sheólfaí chugam go dtí an bhanc. Agus d'aindeóin go gcreidim go sílfidh tu mé bheith amaideach níl maidin ar bith nach dteachaidh mé síos annsin a dh’amharc an rabh dadaidh ann. Bhí, ar maidin indiu. An sgríobhadh a bhí ar an chludach, bhí sé garbh gan dóigh, ach d'aithin mé gur lorg láimhe Arthur a bhí ann. Bhí séala phuist Lonndan ar an chlúdach. Bhí leath-dhuilleóg páipeáir taobh istigh a rabh rud éigin tarraingthe air agus roinnt focal. Tchíthear damh-sa é beith cosamhail le léar-sgáil-tá poinnte ó thuaidh marcáilte air. Ach an rud is iongantaighe uilig — ní’l ann ach giota, Cineál de leath léar-sgáile atá ann. Tá cuid de na focla gearrtha ina dhá gcuid, nó muna bhfuil, níl ciall ar bith leó.

“Ach b’fhusa i bhfad damh an rud a mhíniughadh duit i gcomhrádh ná a sgríobhadh. Agus gan baint do sin, tá mé i dtrioblóid mhór fá Arthur féin. B’éigean“ B’fhéidir gur cuimhin leat gur casadh ar a chéile sinn aréir - nó an ar maidin indiu é ? — ag siamsa lucht an leanna agus na gcnámh. Agus thug mé ort éisteacht annsin le sgéal fada fá mo dheárthair agus fá chiste foluighthe atá i n-Americeá Sheas. Bhal, thárla rud éigin nua ar maidm indiu. D'innis mé duit, measaim, gur sgríobh Arthur chugam ag rádh dá mbaineadh dadaidh de, go bhfuighmn litir a sheólfaí chugam go dtí an bhanc. Agus d'aindeóin go gcreidim go sílfidh tu mé bheith amaideach níl maidin ar bith nach
dteachaidh mé síos annsin a dh’amharc an rabh dadaidh ann. Bhí, ar maidin indiu. An sgríobhadh a bhí ar an chludach, bhí sé garbh gan dóigh, ach d'aithin mé gur lorg láimhe Arthur a bhí ann. Bhí séala phuist Lonndan ar an chlúdach. Bhí leath-dhuilleóg páipeáir taobh istigh
a rabh rud éigin tarraingthe air agus roinnt focal. Tchíthear damh-sa é beith cosamhail le léar-sgáil-tá poinnte ó thuaidh marcáilte air. Ach an rud is iongantaighe uilig — ní’l ann ach giota, Cineál de leath léar-sgáile atá ann. Tá cuid de na focla gearrtha ina dhá gcuid, nó muna bhfuil, níl ciall ar bith leó.

“Ach b’fhusa i bhfad damh an rud a mhíniughadh duit i gcomhrádh ná a sgríobhadh. Agus gan baint do sin, tá mé i dtrioblóid mhór fá Arthur féin. B’éigean

L 60

“Ach b’fhusa i bhfad damh an rud a mhíniughadh duit i gcomhrádh ná a sgríobhadh. Agus gan baint do sin, tá mé i dtrioblóid mhór fá Arthur féin. B’éigeanL 60 dó bheith i Lonndain indé, agus ó thárla sin amhlaidh cad chuige nach dtáinig sé a dh'amharc orm ? Nó cad chuige nár labhair sé frid an ghuthán liom, nó rud éigin? An dóigh leat gur bhain taisme ar bith de? Chuir mé ceist ar mhuinntir Scotland Yard, agus chuartuigh mé na páipeáir uilig, ach ní thig liom dadaidh a fhagháil amach. “Ní maith liom a bheith ag tabhairt buadhartha duit, ach arbh' fhéidir leat a theacht chugam uair éigin i mbárach? Déarfainn anocht, ach b'fhéidir nach bhfuightheá an litir seo i n-am; agus, le n-a chois ssin tá scaifte le bheith annseo ag dinneár. Fanóchaidh mé istIgh go dtí an meadhon lae ag súil leat.

“Tá súil agam nach mbéidh tú ina dhiaidh orm an buaidhreadh seo a chur ort, ach tá mé fríd a chéile go mór fá'n chúis uilig.

“ Mise le meas,
“Judy Draycott."

Bhí aoibh bheag gháire ar Jim Maitland agus é ag filleadh suas na litre agus a cur ina phóca. Annsin d'imthigh an gáire de agus shuidh sé ag stánughadh roimhe. Chuir seo dreach nua ar an sgéal go tobann, agus chaithfidhe machtnamh a dhéanamh aim Chruthuigh seo - má bhí cruthughadh ar bith riachtanach — gurbh' é an fear marbh a deárthair ; ach goidé ba cheart a rádh léithe nuair a chuirfeadh sí ceist air ar dhóigh leis gur bhain taisme ar bith de'n deárthair Chaithfeadh sé an sgéal uilig a innse dí, sin nó an t-iomlán a chomneáil ceilte.

Le sin chuir sé uaidh ar feadh bomaite an taobh sin de'n cheist, agus thoisigh sé a mhachtnamh ar an taoibh eile. Cineál de léar-sgáil. Ba léir go rabh rud éigin sa sgéal fá'n chiste, nó ar chaoi ar bith, gur shamhail a deárthair go rabh. Ar mheas an deárthair, mar sin, go rabh sé i gcontabhairt, agus arbh' é sin an rud a thug air an léar-sgáil a chur chuici

L 61

go dtí an banc? Agus cad chuige ar dhubhairt sí leath
léar - sgáile?

Le sm féin smaointigh sé ar chainnt an fhir mhóir an oidhche roimh ré - “A amadáin mhalluighthe - tá an rud
uilig millte agat." Goidé an rud uilig? B'fhéidir, cinnte, gurab é bhí i gceist aige go mbéadh sé riachtanach an áit a dhúnadh: b'fhéidir eile nárbh' é. Dá mhéad machtnamh dhá dtearn sé air sin mar ba mhó chonnaictheas dó go rabh rud éigin ní ba mhó sa cheist uilig ná ba léir do dhuine an chéad amharc. Nó, mar adubhaint sé cheana, bhí rud éigin ann a shíl daoine áirighthe a bheith ní ba mhó. B'ionann an dá chás fá láthair.

Chuir sé as a thoitín agus d'éirigh sé ina sheasamh. Bhí rud amháin, ar chaoi ar bith, a thiocfadh leis a dhéanamh gan fanacht níos fuide. Chuaidh sé go dtí an guthán agus ghoin sé ar Grosvenor A 123. Thug guth fir freagra air. D'iarr sé labhairt le Miss Draycott. Tháinig sí chomhair a bheith ar an bhomaite, agus badh iad na chéad focla adubhairt sí -

“An é sin thusa, a Arthur?"

“Tá eagla orm nach é, a Mhiss Draycott," ar seisean go lághach. “Maitland atá ag cainnt."

Chuala sé osna bheag aisti leis an mhealladh, agus ghoill a chuid féin de'n cheilg go mór air. An cailín bocht! Dá mbíodh fhios aici goidé mar bhí!

“Fuair mé do nóta," ar sé, “ agus rachaidh mé chugat i dtrátha an mheadhon lae i mbárach. Ach eadar an dá am tabhair aire mhaith do'n phíosa de pháipeár sin. An bhfuil taisgeadán sa teach agaibh?"

“Níl," arsa Judy. Cogar, a Mhr. Maitland, an é do thuairim go bhfuil sé luachmhar?"

“Cad chuige ar chuir tú an cheist sin?"

“Tá, ar an adhbhar go bhfuil mé fíor-chinnte go dtug duine éigin iarraidh briseadh isteach in mo sheomra nuair a bhíomar ag déanamh ár ndinneára anocht."

“Cá bhfuil tú anois ? " arsa Jim. “Cá bhfuil an guthán

L 62

fan bomaite-ná labhair ! Cuirfidh mise na ceisteanna agus thig leat innse damh ciaca tá mé ceart nó cearr.
An sa halla atá sé "

“'Seadh."

“An bhfuil daoine ar d’éisteacht "

“Tá."
“Bí faithchilleach mar sin. Anois ceist amháin eile- an bhfuil tú sásta taobhadh liom-sa go h-iomlán?"

Chuala sé gáire beag bog. “Goidé thig liom a rádh ach - tá."

“Níl aithne agat orm i bhfad, an bhfuil?" ar seisean.

“Agus an rud atá mé ag dul a dh'iarraidh ort a dhéanamh, ní féidir a dhéanamh gan muinghin mhór a chur i nduine nach bhfuil ann, féadaim a rádh, ach strainnnséir agat. Cogar anois, an bhfuil bosca litreach i n-áit ar bith i bhfogas do'n teach? Ná h-abair ach ‘ tá,' nó níl.'"

“Tá."

“An dtiocfadh leat ráchtail amach agus litir a chur isteach ann anois mar atá tú?"

“Thiocfadh: thiocfadh go réidh."

“Maith go leór: ar mhisde leat an páipeár sin a chur i gclúdach agus a sheóladh annseo chugam-sa go dtí an club?"

“'Seadh, má mheasann tú ..."

D'aithin sé gur mhachtnuigh sí bomaite beag buídeach agus bhí fuaim chineál amhrasach ina guth.

“'Seadh, measaim," arsa Jim go suaimhneach. “Níl áit ar an domhan comh sábháilte le post an Rí a Mhiss Draycott. Ach cuir féin san bhosca é. Bhéarfaidh mise liom thart é i mbárach agus dhéanfaimíd an sgéal uilig a chaibideáil.”

“Maith go leór," ar sí, ag déanamh suas a hintinne go tobann. “Bhéarfaidh mé sin anois."

“Go maith!" ar seisean. “focal amháin eile. Má ghlacann tú mo chomhairle-se, ní thráchtfaidh tú le aon duine
faoi."

“Tchím gur dóigh leat go bhfuil rud éigin ann."

L 63

“B’fhéidir go bhfuil, agus b'fhéidir nach bhfuil,” an seisean go h-aireach. “Muna bhfuil ní dochar é, ach má tá, béidh an páipeár sin níos sábháilte sa phost ná sa teach leat. Oidhche mhaith duit, a Mhiss Draycott. Béidh mé chugat i mbárach i dtrátha an dó dhéag."

D'fhág sé an guthán. Agus bhí Judy de'n bharamhail go dtug duine éigin iarraidh briseadh isteach ina seomra! An rabh baint ar bith ag sin leis an chúis? Ba doiligh a chreidbheáil nach rabh.