“Ní thig leis a bheith comh h-olc sin, a Mhonty, d'aindeóin go n-admhuighim go mbéadh mo chroidhe níos feárr agam dá mbíodh seisean as an chasán. Agus le h-a chois sin tá dhá
rud a gcaithfidh tú cuimhniughadh ortha. Sa chéad áit, níl fhios againne ciaca tá aithne ar bith aige ar an chailín nó nach bhfuil; agus sa dara h-áit, má tá féin, níl mórán de sheans go bhfuil fios aige cá bhfuil an t-oileán. San am chéadna, bheirim isteach nach cóir dúinn dearmad a dhéanamh de Mhaitland. Ach is é an rud tá le déanamh againn anois an áit seo a fhágáil comh tiugh géar a's thig linn. Órduigh thart mo charr, a Johnson, agus druid suas an teach. Tá eagla orm, má thig an cailín annseo arís go mbéidh cineál iongantais uirthi."