An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

11

Caibidil

L 120

D’éalóidh Jim ar shiubhal ó’n fhuinneóig go suaimhneach. Choinnigh sé isteach ar an fhéar annsin agus shiubhail sé síos an cabhsa go géar gasta. Ní rabh dadaidh eile a thiocfadh
leis a fhagháil amach. Níor shamhail sé ariamh go dtiocfadh leis gnoithe comh maith a dhéanamh; agus ní thiocfadh, munab é an cailín. Bhí sé fír-chinnte go mbéadh sé ábalta a
dhéanamh amach cá rabh an tioileán. Bhí sean-cháirde go leór aige fá na céidheanna a bhí eólach ar chósta Americeá Dheas, comh h-eólach a’s bhí fios aca bosa a gcuid lámh féin.