Sheas Jim Maitland i n-áit na mbonn, agus annsin thug an sean-chleachtadh air dul i bhfolach ar sgáth crainn a bhí i bhfogas dó. Sa tír a rabh sé i ndiaidh a theacht aisti, ní smaointeóchadh sé an dara h-uair ar an rud a thárla - ní rabh i n-obair gunna annsin ach cuid de ghnáth-obair an lae. Ach i Lonndain, agus go h-áirighthe sa pháirt seo de Lonndain, rud eile ar fad a bhi ann, Tháinig blosg an urchair as an teach ós a choinne - teach cosamhail leis an cheann a bhí sé i ndiaidh a fhágáil, ach amháin nach rabh sé le díol. Bhí sé dubh dorcha, ach bhí rud éigin ag innse dó ina chroidhe go rabh solus i gceann de na bárr- fhuinneóga cupla bhomaite roimhe ré.