Dhearc sé síos agus suas an bóthar : ní rabh aon duine le feiceáil. Dhearc sé ar an dá theach a bhí sa chomhursanacht : ní rabh neach ar bith ag bogadh annsin ach oiread. Annsin, mar ba ghnáthach leis, thoisigh sé a mhachtnamh. Bhí sé féin gan arm: ba léir nárbh' é sin do'n té sgaoil an t-urchar, Ní rabh dóigh ar bith a dtiocfadh leis dul isteach 'un an tighe ach briseadh isteach aim. Agus le n-a chois sin uilig níor dhadaidh dá ghnoithe-sean é. Bhí trí fátha maithe, mar sin, gur chóir dó bualadh leis go suaimhneach ar a bhealach abhaile, agus gan oiread agus fáth amháin gur chóir dó fanacht. Ach ba leór sin le tabhairt air-sean gan dadaidh de'n tseórt a dhéanamh. Leigfeadh sé cupla bomaite thart, ar chaoi ar bith, go bhfeicfeadh sé an dtuitfeadh dadaidh eile amach.