An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

2

Caibidil

I dtíortha áirighthe badh é an freagra ar an cheist sin gan dadaidh a dhéanamh. Ach níorbh' ionann sin agus i Sasain. B'fhíor, dá siubhaileadh sé amach as an teach anois mar tháinig sé isteach, nach mbéadh aon duine lá níos eólaighe, ach ba doiligh leis sin a dhéanamh. Bhí guthán ar an chrinlín D'fhéach sé air ar feadh bomaite. An gcuirfeadh sé fios ar na síoth-mhaoir? Agus annsin chuimhnigh sé nach rabh fhios aige go fiú amháin an toighe. Bhéadh sé gan chéill aige a rádh go rabh sé i dteach nach rabh fhios aige cé’n teach é, agus fear marbh ar an urlár ag a thaoibh. Le n-a fhagháil amach cá rabh sé, chaithfeadh sé a dhul síos agus dearcadh taobh amuigh de na geafta. Go fiú annsin b'fhéidir nach mbéadh ann ach uimhir, agus ó thárla nach rabh fhios aige ainm an bhóthair, ní bhéadh sé dadaidh ní ba fhuide ar aghaidh .