San am chéadna ní rabh maith dó fanacht san áit a rabh sé. Dá dtigeadh an bheirt fhear arais, bhí fhios aige go rabh duine aca ar a laighead a rabh gunna aige, agus nach mbéadh faitchíos air úsáid a dhéanamh de. Agus má bhí rud amháin thar rud ar bith eile nach rabh ariamh i n-a thaitneamh, badh é an rud é sin é féin a bheith ar an ghann-chuid airm. Rud eile, bhéadh sé ina lá gheal taobh istigh de uair a' chluig, agus d'fhéadfaí a fheiceáil ag fágáil an tighe - rud a bhéadh ina chás achrannach ann féin.