An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

2

Caibidil

Stánuigh Jim an t-oifigeach ar feadh tamaill gan dadaidh a rádh. Bhí a inchinn ag toiseacht a dh'oibriughadh mar ba chóir arís, agus thuig sé go gcaithfeadh sé a chuid smaointe a dhéanamh go cineál tapaidh. Bhí sé soiléir go leór ar dhóigh goidé thárla. I ndiaidh an drug a thabhairt dó, badh é an rud a rinne siad a chur i gcarr agus a thabhairt comh fada a's tháinig leó ó'n áit a dtearnadh an gníomh. An bheirt fhear a chonnaic sé go díreach sul ar chaill sé a mheabhair glan, badh iad-san a b'éigean a dhéanamh. Ach bhí aon nidh amháin a chaithfeadh sé a shocrughadh gan a thuilleadh moille. Ar chóir dó an sgéal uilig a innse do'n mhaor nó nár chóir.