Ba chuma comh fírinneach agus d'innseóchadh sé é, bhí an sgéal cineál do-chreidte. É i dteach éigin nach rabh fhios aige a ainm, agus ar bhóthar éigin nach rabh fhios a ainm ach oiread — i n-áit éigin i Hampstead fuair sé fear marbh. Annsin d'ionnsaigh cruitíneach caoch éigin é féin, agus tugadh drug dó. Dá n-innseadh sé seo uilig, bhéadh sé de fhiachaibh ar na síoth-mhaoir dearcadh isteach sa cheist agus chuirfeadh sin a ainm i mbéal gach duine. Agus níor mhian leis sin a dhéanamh. Bhí an-fhearg air, agus bhí a intinn déanta suas ar fad aige tabhairt faoi an cheist ar a dhóigh féin. San am chéadna thuig sé gur i Sasain a bhí sé anois, agus dá mbíodh sé gan dadaidh a rádh fá'n dún-mharbhadh, agus an fhirinne a theacht amach, bhí sé 'á chur féin i gcontabh- airt an dligheadh a theacht sa mhullach air siocair a bheith rann-pháirteach sa choir. Goidé ba cheart dó a dhéanamh, mar sin? Bhí cuma ar an mhaor go rabh sé ag toiseacht as
L 38