Ach bhí an dochar déanta, agus ní rabh neart air. Chuir sé an cheist ar an Iúdach comh luath a's tháinig sí isteach ina cheann, agus chaithfeadh cé cur suas leis comh maith a's thiocfadh leis. Bhí rud amháin, ámh, a bhí soiléir. Níorbh' é amháin go rabh aithne ag an Iúdach ar an chruitíneach, ach bhí eagla a chraicinn air roimhe. Ní dadaidh eile ach eagla bhéarfadh air a bheith mar bhí sé. Le sin mhothuigh sé a chuid suime san fhear chaoch ag méadughadh.