D’innis a chiall féin dó nach mbíonn eagla ar leithéid Isaac Goldstein de ghnáth roimh dhaoine a iomcharas iad féin go h-ionnraic fríd an tsaoghal. Badh é an t-eólas a bhí le fagháil cérbh' é an cruitíneach agus goidé an rud é. An rabh ann ach fear tighe cearrbhachais nó fear a rabh páirt- eachas aige i dteach cearrbhachais - nó arbh' amhlaidh go rabh lamh aige i rógaireacht a ba mhór-luachaighe ná sin? Muna rabh ann ach fear tighe cearrbhachais níor leith-sgéal ar bith sin do Isaac Goldstein a bheith ar crioth ina chirteach le h-eagla roimhe; ach má bhí rud éigin ní ba mhó ná sin eadar lámha aige, b'fhéidir go rabh Jim féin ag dul ní ba doimhne san uisge ná cheap sé. Sa chás sm de, dá thúisge dhá bhfuigheadh sé tuilleadh eólais b'amhlaidh a b'fheárr. Agus go díreach le sin smaomtigh sé agus é i ndiaidh corradh isteach sa chlub, smaointigh sé go rabh áit eile go fóill a bhféadfadh sé sin a fhagháil. Bhíodh a dhinneár annsin ag Clement Hargreaves chomhair a bheith gach tráthnóna, agus d’aindeóin gur duine béal-druidte a bhí ann, b’fhéidir go h-éireóchadh le Jim tabhairt air a bhéal a fhosgladh. Ní rabh mórán daoine, dá láighead baint dá rabh aca le coirthe, nach rabh eólas ag Clem ortha, agus duine a bhí sa chruitíneach nar dheacair a aithne.