Níor mhian leis leigint de'n mhuinntir eile a fhagháil amach go rabh fhios aige dadaidh fá'n lear-sgáil ar chor ar bith. San am chéadna bhí a bheart uilig ag brath ar an leath eile de'n léar-sgáil a bheith le feiceáil. Níor chabhair ar bith an leathbhréige a chur chuca ar dhóigh éigin. Ní dhéanfadh sin ach an léar-sgáil a fhágáil gan mhaith ag an dá thaoibh. Sa deireadh rinne sé amach nach rabh ach aon dóigh amháin le n-a réidhtiughadh. B'fhéidir nach mbéadh maith ann, ach chaith- feadh sé féacháil leis. Agus badh í Judy Draycott a chaithfeadh a dhéanamh, Ba chuma fios a bheith ag Dresler agus ag n-a bhuidhean gur cuireadh an leath chuici-se. Mar sin de, chaithfeadh sise féacháil ar dhóigh éigin leis an leath eile a fheiceáil, agus a fheiceáil ar feadh fada go leór le cineál de chuimhne a choinneáil air. Ba dóiche nach rabh mórán fioghraidheachta uirthi; agus dá bhfuigheadh Judy bomaite nó beirt le n-a breathnughadh go cúramach, ba chóir go mbéadh sí ábalta macsamhail a tharraingt fíor go leór.