An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

10

Caibidil

Bhí ball amháin lag sa scéim. B'fhéidir nach leigfeadh siad do Judy an chuid eile a fheiceáil. Rud eile,
bhéadh sé deacair aici a dhul chuca gan leith-sgéal ar bith a bheith aici leis. Goidé an sgór a mbéadh eólas ar bith aici ortha? Ní rabh fhios aige go fiú ciaca bhí aithne aici féin agus ag Barnet ar a chéile. Ach poinntí beaga a bhí ionnta seo. Bhí sé sásta go rabh an príomh-chuid de'n bheart ceart. Ní rabh aon duine ach Judy Draycott i ndon an obair a dhéanamh gan an t-iomlán a mhilleadh. Agus dá n-éirigheadh léithe, agus í bheith ábalta cuimhne mheasardha ar bith a choinneáil ar an leath eile bhéadh sé de shásamh aca an fhírinne a bheith aca, nuair nach mbéadh ag an námhaid ach léar-sgáil oileáin, agus gan i gcuid mhór dí ach samhailt.